Stáisiún aimsire uathoibríoch faighte ag an gCéad Bhunscoil i bhFine Gall

Sheol an Comhairleoir Daniel Whooley, Leas-Mhéara Fhine Gall, an dara cuid de thionscadal na Stáisiún Aimsire do Scoileanna inné ag Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile an Rois agus Lusca nuair a bhronn sé ar Rang a Trí an chéad cheann de na stáisiúin aimsire uathoibríocha atá á leathadh amach ar bhunscoileanna ar fud Fhine Gall.

 

All those who attended the launch - from left to right: David Storey, director of Services for Environment, Climate Action and Active Travel,  Kevin Vallely, Fingal County Council Executive Engineer, Joanna Donnelly from Met Eireann, Deputy Mayor Cllr Daniel Whooley, Oliver Nicholson from the Office of Public Works and Deirdre Hurley, 3rd class teacher in Rush and Lusk Educate Together

Gheobhaidh sé bhunscoil déag as seacht i dToghlimistéar Áitiúil Chomhairle Contae Fhine Gall stáisiún aimsire uathoibríoch mar chuid de thionscadal na Stáisiún Aimsire do Scoileanna.

 

Áiríodh ar lucht freastail an seolta Stiúrthóir Seirbhísí Comhshaoil, Gníomhaithe ar Son na hAeráide agus Taisteal Gníomhach, David Storey, Innealtóir Feidhmiúcháin Chomhairle Contae Fhine Gall, Kevin Vallely, Joanna Donnelly ó Met Éireann agus Oliver Nicholson ó Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW).

 

Bhí deis ag bunscoileanna i bhFine Gall iarratas a dhéanamh chun stáisiún aimsire uathoibríoch a fháil a chuireann eolas fíor-ama ar fáil maidir le báisteach, teocht, luas agus treo na gaoithe. Roghnaíodh 16 iarratas as na 42 iarratas ar fad a cuireadh isteach. Tá liosta díobh sin thíos.

 

Dúirt an Comhairleoir Whooley: “Bhí sé ar fheabhas ar fad an dara céim de thionscadal na Stáisiún Aimsire do Scoileanna a sheoladh agus an stáisiún aimsire uathoibríoch a bhronnadh ar an rang inniu. Is iontach an tionscnamh é a rachaidh chun tairbhe Met Éireann agus na ndaltaí bunscoile araon. Cuirfidh na leanaí tuilleadh leis an bhfaisnéis atá acu i dtaobh dúshlán amhail Athrú Aeráide agus tuilte tráth a mbeidh siad ag cuidiú le Met Éireann monatóireacht a dhéanamh ar bháisteach agus aeráid, agus réamhaisnéisí aimsire cruinne a chur ar fáil.

 

I dteannta na 16 stáisiún aimsire atá á gcur ar fáil ag Comhairle Contae Fhine Gall faoi Chiste Nuálaíochta an Phríomhfheidhmeannaigh, tá trí eagraíocht eile tar éis a aontú go ndéanfaidh siad urraíocht ar leathadh amach na stáisiún aimsire i gceantair áirithe den chontae.

 

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí chun urraíocht a dhéanamh ar stáisiúin aimsire i mbunscoileanna sa Ros, i nDomhnach Bat agus i bPort Reachrann mar chuid de scéim Tuilte Cois Cósta Inbhear Bhaile Roiséir Lasmuigh, agus beidh Our Balbriggan ag tabhairt urraíocht do bhunscoileanna i mBaile Brigín. Is í Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, i gcomhar le Comhairle Contae Fhine Gall, a bheidh ag déanamh urraíocht i gceantar Theampall Mhaighréide/Chúil Chaoith, mar chuid de scéim Faoisimh Tuile Abhainn Sheantraibh. Mar gheall air sin, níor breithníodh scoileanna sna ceantair sin a bheith i measc na 16 Scoil Eiseamláire.

 

Dúirt an tUasal Vallely, atá i gceannas an tionscadail seo: “B'iontach an rud é gur léirigh an méid sin scoileanna spéis i dtionscadal na Stáisiún Aimsire do Scoileanna. Beidh na stáisiúin aimsire uathoibríocha seo in ann taifead a choinneáil ar luas na gaoithe, teocht, báisteach agus treo na gaoithe. Beidh an fhaisnéis sin thar a bheith luachmhar d'Oifig na nOibreacha Poiblí, do Met Éireann agus do rannóga tuilte Fhine Gall.”

 

 

Deputy Mayor Cllr Daniel Whooley showing two 3rd class students in Rush and Lusk educate together the new automatic weather station

Ba é seoladh na méadar báistí i mí an Mheithimh 2021 an chéad chéim de thionscadal na Stáisiún Aimsire do Scoileanna. Sheol an Comhairleoir Robert O'Donoghue, an Leas-Mhéara a bhí ann ag an am, an tionscnamh i Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile an Róis agus Lusca nuair a bhronn sé an chéad mhéadar báistí ar Rang a Trí. I láthair na huaire, tá an Chomhairle ag dáileadh méadair báistí ar 100 bunscoil ar fud an chontae.

 Tá tacaíocht á cur ar fáil don tionscnamh le Ciste Nuálaíochta an Phríomhfheidhmeannaigh, a bhunaigh Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, i mí Eanáir na bliana seo.

 Dúirt AnnMarie Farrelly, Uasal: “Is é seo an chéad cheann de na ceithre thionscadal atá le seoladh i mbliana le maoiniú ón gCiste Nuálaíochta. Seoladh an Ciste Nuálaíochta leis an bhfoireann a éascú smaointe bunaidh a chur isteach a chuirfeadh le luach na Comhairle. Is iontach an tionscnamh é tionscadal na Stáisiún Aimsire do Scoileanna a chuirfidh faisnéis luachmhar ar fáil agus a chothóidh meas ar na dúshláin atá roimh an bpobal maidir le timthriall an uisce agus leis an athrú aeráide.

 Dúirt Sarah Gallagher, Ceann Breathnóireachtaí ag Met Éireann: Tá an-tacaíocht á tabhairt ag Met Éireann do thionscadal na Stáisiún Aimsire do Scoileanna. Beidh scoileanna in ann tomhas báistí agus faisnéis aimsire eile a bhaileofar ón stáisiún aimsire atá acu a chur isteach go héasca ar Láithreán Gréasáin Breathnóireachtaí Aimsire Met Éireann, WOW-IE. Is líonra domhanda de bhreathnóireachtaí aimsire é seo, áit ar féidir leis an bpobal a gcuid tomhas a roinnt agus a fheiceáil.  Ní hamháin go bhfuil breathnóireachtaí aimsire ríthábhachtach chun cabhrú le meitéareolaithe réamhaisnéisí aimsire cruinne a chur ar fáil, ach cuirtear taifead stairiúil ar choinníollacha aimsire ar fáil leo a úsáideann eolaithe aeráide Met Éireann chun monatóireacht a dhéanamh ar athruithe ar aeráid na hÉireann.”

 Dúirt an tUasal Nicholson, Ceann na Rannóige Hidreolaíochta san OPW: “Mar gheall ar sholáthar na méadar báistí seo do 16 scoil i gceantar Fhine Gall, cothófar meas níos mó sna daltaí ar mar a dhéantar athróga aimsire a thomhas agus a chur ar fáil go poiblí ar líne. Beidh na stáisiúin aimsire arna sholáthar leis an tionscadal seo ina n-uirlisí oideachais úsáideacha a leathnóidh tuiscint na ndaltaí ar mar is féidir tomhais báistí a úsáid chun críocha éagsúla amhail réamhaisnéis aimsire agus tuile, mapáil tuile, bearta faoisimh tuile a leagan amach, samhaltú hidreolaíoch agus monatóireacht triomaigh. Mar gheall ar an líon stáisiún aimsire a bheidh lonnaithe i gceantar Fhine Gall, táim cinnte go dtarraingeofar go leor airde ón bpobal taighde i dtaca le staidéir a bhaineann le hinathraitheacht spásúil doimhneachtaí báistí. Creidim go bhfuil deis iontach oideachais ag baint leis seo do scoileanna ar fud an stáit, agus bheinnse go láidir den tuairim go gcuirfí an tionscnamh i bhfeidhm i gceantair Údaráis Áitiúil eile sula i bhfad.”

 

Is iad seo a leanas na 16 Scoil Eiseamláire:

Toghcheantar Bhaile Brigín

Scoil Náisiúnta Pádraig Naofa, Na Sceirí

Oilibhéar Pluincéad Naofa, Baile an Ridire

 

 Toghcheantar an Rois-Lusca

Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile an Róis agus Lusca

Scoil Náisiúnta na hAille

 

Toghcheantar Bhinn Éadair-Mhullach Íde

Scoil Náisiúnta Naomh Mearnóg, Port Mearnóg

Bunscoil Bhinn Éadair

Bunscoil Oilibhéir Pluincéid, Mullach Íde

 

Toghcheantar Shoird

SNB Naomh Colmcille, Sord

SNS an Teaghlaigh Naofa, Gleann na hAbhann

Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile Thornleigh, Coill na nÚll

 

Toghcheantar

Bhaile Bhlainséir-Mhullach Eadrad

Scoil Náisiúnta Naomh Luke, Baile an Tirialaigh

 

Toghcheantar Chaisleán Cnucha

Scoil Bhríde (Cailíní) / Scoil Bhríde (Buachaillí)

Scoil Náisiúnta Pádraig Naofa, Baile an Diosualaigh, Caisleán Cnucha

Scoil Oilibhéir, Chúil Mhín

 

Toghcheantar Ongar

Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile Theach Chainnigh

Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile Pháirc Hans

 

 

Joanna Donnelly, Deputy Mayor Cllr Daniel Whooley and Kevin Vallely explaining the weather station to the 3rd class students