Stephen Kenny ag tacú le clár Futsal Fhine Gall

Beidh Futsal, an cluiche peile idirnáisiúnta faoi dhíon a bhfuil an-tóir air, a dhíríonn ar scileanna talún imreoirí, ar siúl don 12ú bliain an geimhreadh seo i bhFine Gall a bhuíochas le comhfhiontar idir an FAI, Comhairle Contae Fhine Gall agus Ionad Siopadóireachta an Pavilions i Sord.

Stephen Kenny at launch 1

Tá an clár dírithe ar imreoirí óga faoi 8 agus faoi 11 bhliain d’aois agus tugtar deis dóibh a scileanna a léiriú i dtimpeallacht cosúil leis an timpeallacht inar fhás na sárimreoirí, Xavi, Iniesta agus Messi, aníos inti. Tá ceithre ionad in úsáid - An Chorr Dhubh i mBaile Átha Cliath 15, Coill na nÚll i Sord, Fearann an Chaisleáin i mBaile Brigín, agus páirc Bhaile Mhic Gormáin.

Bhí Stephen Kenny i láthair chun na sé seachtaine de futsal le haghaidh breis is 1000+ imreoir a bheidh á reáchtáil i bhFine Gall a sheoladh.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien: “Is deis iontach é Futsal d’imreoirí óga scileanna a fhoghlaim agus a fheabhsú fad is atá taitneamh á bhaint acu as an gcluiche. I gcomhpháirt leis an FAI agus Ionad Siopadóireachta an Pavilions i Sord, tá an clár seo imithe ó neart go neart bliain i ndiaidh bliana agus is seirbhís iontach é do pháistí óga an cheantair i rith an gheimhridh.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Margaret Geraghty, an Stiúrthóir Tithíochta & Pobail: “Tá ardmheas ag Comhairle Contae Fhine Gall ar thiomantas an FAI agus ar an tacaíocht atá á cur ar fáil ag an Pavilions chun an tionscnamh seo a reáchtáil.  I dteannta lenár bhfoireann spóirt féin, is bealach iontach é le comhairle sláinte agus chothaithe a chur ar fáil do dhaoine óga, chun a gcuid scileanna peile a fhorbairt i dtimpeallacht spraíúil.”

Tá an clár á reáchtáil i gcomhpháirt le roinn spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall agus an comhpháirtí pobail, Ionad Siopadóireachta an Pavilions i Sord, agus cinntíonn sé nach mbíonn na himreoirí is óige fágtha gan deis imeartha ar feadh seachtainí fada mar nach féidir leo imirt ar na páirceanna. Tá gnéithe teicniúla agus cinnteoireachta ag baint le futsal freisin a chinntíonn go mbíonn cúil á scóráil agus scileanna á sealbhú.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Paul Keogh, oifigeach forbartha an FAI/Chomhairle Contae Fhine Gall, faoi chlár Futsal na bliana: ‘Tá cóitseálaithe pobail in Éirinn ag léiriú spéise in futsal agus tá an clár ag forbairt dá réir. Thóg sé blianta fada, ach tá cóitseálaithe anois ag baint úsáide as futsal mar uirlis chun cabhrú le forbairt imreoirí agus le himreoirí taitneamh a bhaint as an gcluiche. Bhíomar fíorshásta go raibh Stephen Kenny i láthair agus tá a fhealsúnacht ionsaitheach féin ag teacht go maith le futsal a spreagann saoirse cainte agus imirt mhuiníneach. Bhí an méid a bhí le rá ag Stephen faoi futsal agus todhchaí futsal in Éirinn dearfach. Cúis áthais do mo chomhghleacaithe, Sharon Boyle, Jamie Wilson agus Paul Breen, imreoirí ón oiread sin clubanna a fheiceáil i láthair ag ócáid seolta an chláir. Fáiltítear roimh an tacaíocht atá á tabhairt ag an Pavilions i Sord arís, tacaíocht a bheidh á húsáid againn chun futsal na bliana seo a nascadh lenár dtionscnamh bia shláintiúil atá dírithe ar chothú.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Niall McGuirk, Oifigeach Sinsearach Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall: ‘Cruthaíonn Futsal deis d’Oifig Spóirt Fhine Gall cabhrú le leibhéil rannpháirtíochta agus le gníomhaíocht choirp. Baineann fíorthábhacht le spórt a úsáid ar mhaithe le folláine shóisialta agus choirp agus tá sé iontach arís i mbliana go bhfuil an t-oideachas cothaitheach á chur san áireamh. Baineann dúshlán le nósanna a athrú ach is léir bunaithe ar fhianaise ó chlár na bliana seo caite gur éirigh go maith leis an gclár agus ba dheas go raibh aitheantas á thabhairt don Pavilions i Sord ag gradaim Chomhlachais Fhine Gall le déanaí’

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Stephen Kenny, bainisteoir fhoireann Idirnáisiúnta faoi 21 na hÉireann: ‘Údar misnigh dom na féidearthachtaí a bhaineann le futsal chomh fada is a bhaineann le forbairt imreoirí. Cur chuige a bhfuil mé ag tacú go láidir leis é imirt ionsaitheach agus cinntí tapa. Bhain cuid de na himreoirí is cumasaí ar domhan tairbhe as Futsal i rith bhlianta a n-óige agus níl aon amhras orm ach gur chun tairbhe na n-imreoirí a bheidh i mbarr a réime sna blianta amach romhainn a rachaidh an clár.’