Suíomh gréasáin nua fingal.ie seolta ag an gComhairle

mayor and ce

Tá suíomh gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall fingal.ie athsheolta i ndiaidh athchóiriú suntasach a dhéanamh. Tá cuma nua ar an suíomh agus tá ardán nua in úsáid a chiallaíonn go bhfuil níos mó i gceist ná suíomh gréasáin údaráis áitiúil anois.

Tá an suíomh gréasáin úrnua seo, a leagann béim shuntasach ar nascleanúint gan stró, íomhánna deasa agus inneachar ábhartha, bunaithe ar cheithre phríomhcholún ar a dtugtar Comhairle, Cónaitheoir, Gnó agus Cuairteoir, agus ar cholúin thánaisteacha atá dírithe ar Nuacht agus Imeachtaí.

Tá colún na Comhairle cosúil leis an suíomh gréasáin a bhí ag Comhairle Contae Fhine Gall roimhe seo, agus tá na trí cholún eile dírithe ar spriocphobail ar leith ar mhaithe le tuiscint daoine ar an méid a dhéanann an Chomhairle a fheabhsú.

Mhínigh AnnMarie Farrelly, an Príomhfheidhmeannach Eatramhach go ndearna, “RED C Suirbhé Sástachta Custaiméirí in 2017, agus nár chuir ach 33% de chónaitheoirí in iúl gur thuig siad céard a dhéanann an Chomhairle”.

“Is é an suíomh gréasáin ceann dár bpríomhchainéil chumarsáide agus tá dhá bhliain caite againn ag cruthú suíomh gréasáin a chuireann ar ár gcumas eolas a roinnt le saoránaigh, cuairteoirí agus gnóthaí maidir leis an obair a dhéanaimid, agus ag an am céanna, a chinntiú go bhfuil faisnéis a bhaineann leis na céadta seirbhísí atá á soláthar againn ar fáil go héasca.”

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, an suíomh gréasáin nua agus dúirt sé go dtabharfaidh sé léargas níos fearr ar an obair atá ar bun ag an gComhairle.

Dúirt an Méara O’Brien go “n-áirítear an suíomh gréasáin nua i measc sraith nuálaíochtaí digiteacha de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall, agus go gcabhróidh sé go mór lena chinntiú go bhfuil níos mó eolais ar fáil do shaoránaigh faoi na seirbhísí éagsúla a bhfuil an Chomhairle freagrach astu”.

Comhthionscadal idir Aonaid TF agus Chumarsáide na Comhairle ba ea an suíomh gréasáin nua, agus tá an suíomh deartha ag Emagine, an Ghníomhaireacht Dhuaisbhuaiteach Chruthaitheach Meán Digiteach, agus ba é an fhoireann, a bhfuil neart duaiseanna bronnta orthu, in Annertech a bhí freagrach as forbairt bogearraí. Beidh leagan Gaeilge den suíomh gréasáin nua ar fáil freisin.

Cuirfear tús le plean forbartha mionsonraithe sna blianta beaga amach romhainn lena chinntiú go mbeidh an suíomh nua cothrom le dáta chomh fada is a bhaineann leis na treochtaí is déanaí i bhforbairt suíomhanna gréasáin.  Ciallaíonn sé seo go mbeidh gnéithe nua á rolladh amach go rialta mar go mbeidh suíomh gréasáin na Comhairle inathraithe seachas statach.

Ba é Comhairle Contae Fhine Gall an chéad údarás áitiúil in Éirinn a thosaigh ag craoladh a cruinnithe Comhairle agus Coiste Ceantair ar an nGréasán agus tá tairseach chomhairliúcháin bunaithe chomh maith, consult.fingal.ie, a chuireann ar chumas saoránach breathnú ar thograí agus aighneachtaí a dhéanamh ar líne. I measc na nuálaíochtaí digiteacha eile tá Leabharlanna Digiteacha, Binsí Cliste, WiFi Poiblí, Sonraí Oscailte, dúshláin Treochomharthaíochta agus Guthanna nach gCloistear, Aonaid Dhigiteacha Cúraim Custaiméirí agus cruinnithe Digiteacha Comhairle. Chomh maith leis sin, foilsíonn an Chomhairle ríomhiris dhigiteach, Nuacht Fhine Gall, gach dara mí.

 

CRÍOCH

Más spéis leat tuilleadh eolais seol ríomhphost chuig [email protected]

CEANNSCRÍBHINN GRIANGHRAIF: Seolann Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, agus Príomhfheidhmeannach Eatramhach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, suíomh gréasáin nua fingal.ie. GRIANGHRAF: Shane O’Neill.