Tá Blasanna Fhine Gall ar ais agus é níos fearr agus níos mó ná riamh

Flavours

Tá an seó contae is mó in Éirinn ar ais ag deireadh mhí an Mheithimh agus geallann sé deireadh seachtaine eile lán de spraoi, bia, ainmhithe agus imeachtaí ceiliúrtha a thabhairt do chuairteoirí go Teach agus Feirm an Droichid Nua i bhFine Gall.

Beidh sé ar siúl ag suíomh stairiúil Dhomhnach Bat don 12ú uair. Rachaidh na mílte daoine chuig na fearainn pháirce fíoráille d’imeacht saor in aisce Blaiseanna Fhine Gall le haghaidh dhá lá iontach Dé Sathairn an 29ú, agus Dé Domhnaigh an 30ú Meitheamh.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh: "Tá fíoráthas orainn an 12ú eagrán de Bhlaiseanna Fhine Gall a fhógairt. Ní hamháin go léiríonn an imeacht seo an chuid is fearr de bhia, ceol agus siamsaíocht Fhine Gall ach tugann sé cuairteoirí chuig timpeallacht álainn Theach agus Fheirm an Droichid Nua freisin. Táimid ag súil leis an deireadh seachtaine iontach seo a roinnt libh go léir."

Fillfidh an deireadh seachtaine ceiliúrtha in aice le cósta Fhine Gall i mbliana agus é níos mó agus níos fearr ná riamh, le clár chun freastal ar riachtanais gach duine. Tá i bhfad níos mó ná seó talmhaíochta amháin i gceist le Blaiseanna Fhine Gall; is féile iomlán í a thairgeann lá spraoi teaghlaigh do gach aois.

Díreoidh imeacht na bliana seo níos mó fós ar tháirgí áitiúla agus leagfar béim ar an bia agus deoch is fearr, agus beidh aoi-chócairí ann a áireoidh leithéidí Rachel Allen, Tara Walker agus Conor Spacey. Ní mór do lucht na féile a bheith cothaithe go maith, mar beidh gá leis an úafás fuinnimh chun aghaidh a thabhairt ar an gclár ollmhór siamsaíochta, deiseanna siopadaóireachta agus gníomhaíochtaí spraoi teaghlaigh ar fud an tsuímh 370 acra.

Tabharfar féasta dá gcéadfaí do chuairteoirí, le breis agus 150 stainnín bia agus ceardaíochta a thaispeánfaidh an chuid is fearr de tháirgí agus saothair áitiúla. Idir bhia sráide gourmet agus cáiseanna ceardaithe, nithe úr-bhácáilte agus deochanna ceirde, tá rud ann a chuirfidh uisce le fiacla gach duine.

Is féidir le lucht freastail na féile socrú síos le picnic freisin chun taitneamh a bhaint as na taibhithe ceoil bheo, taispeántais chócaireachta, taispeántais talmhaíochta, trialacha eachaíochta, aclaíocht madraí agus go leor eile.

Cuid de bhuaicphointí Bhlaiseanna Fhine Gall 2024:

  • Babhtaí Cáilithe Eachaíochta do Sheó Capall Bhaile Átha Cliath: Féach ar na marcaigh is fearr ag dul san iomaíocht le haghaidh áit i Seó Capall mór le rá Bhaile Átha Cliath.
  • Seó Contae Fhine Gall: Bain sult as comórtais éagsúla a leagann béim ar chumas talmhaíochta agus cruthaitheacht áitiúil.
  • Spraoi Teaghlaigh Saor in Aisce san Banracha: Bain sult as raon gníomhaíochtaí atá dírithe ar leanaí agus teaghlaigh.
  • Comórtais aclaíochta madraí
  • Scileanna Traidisiúnta na hÉireann sa Chlós: Féach ar thaispeántais de cheardaíocht thraidisiúnta ag ceiliúradh oidhreacht shaibhir Fhine Gall.
  • Ceol Beo ar Stáitse Ealaíon Séamus Ennis: Bí ag damhsa le léirithe beo ó ealaíontóirí cumasacha áitiúla agus náisiúnta.
  • Siopadóireacht Fáilteachais & Limistéir Shuaimhnis: Déan siopadóireacht le haghaidh earraí uathúla agus lig do scíth i limistéir shainithe shuaimhnis.
  • Limistéar Folláine Fhine Gall: Fiosraigh gníomhaíochtaí folláine agus roghanna sláinte iomlánaíocha.
  • Limistéar Céadfach Fhine Gall: Spás tiomnaithe le haghaidh eispéiris a oireann leis na céadfacha.
  • Taispéantais Chócaireachta: Foghlaim ó na máistrí cócaireachta Rachel Allen, Tara Walker, Conor Spacey agus go leor eile.
  • Puball Sorcais: Baint sult as na léirithe spreagúla idir ghníomhartha dochreidte chleasghleacaithe agus aer-chleasghleacaí agus scileanna lámhchleasaithe agus bobaidí.

Le gach a bhfuil ar fáil, ba chóir go mbeadh gach duine ullmhaithe go maith roimh ré. Cé gur imeacht SAOR IN AISCE é Blaiseanna Fhine Gall, tá eagraithe ag iarraidh ar chuairteoirí pleanáil chun cinn agus do ghluaisteán a fhágáil sa bhaile chun an dua a sheachaint. Mar chabhair, tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis a rogha iompair bus tointeála a mhéadú go dtí agus ó Theach an Droichid Nua ó stopanna i mBaile Brigín, Na Sceirí, An Ros, Lusca, Sord, An Aill, Baile Bachaille agus Baile Bhlainséir. Ní chosnaíonn sé seo ach €3 an duine ar thicéad fillte, agus beidh daoine faoi bhun 16 ag taisteal saor in aisce. Ba chóir gach ticéad a chur in áirithe roimh ré chun infhaighteacht a chinntiú, agus toisc go mbeidh praghsanna ag méadú ar an lá.

Chomh maith leis sin, is féidir le daoine na gnáthroghanna iompair phoiblí a thógáil lena n-áirítear seirbhísí bus agus iarnróid go Domhnach Bat agus tá fonn ar Fhine Gall lucht freastail na féile a spreagadh chun siúl, rothaíocht nó iompar poiblí a thógail nuair is féidir.

Is féidir páirceáil a chur in áirithe, ach tá spásanna teoranta agus tá sé níos fearr i gcónaí é a chur in áirithe roimh ré. Méadóidh costais pháirceála freisin má thagann tiománaithe ar an lá agus iad ag súil le spás páirceála a fháil gan áirithint.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi thaisteal go Blaiseanna Fhine Gall tabhair cuairt ar láithreán gréasáin na féile www.flavoursoffingal.ie nó lean sinn ar na meáin shóisialta le haghaidh nuashonruithe agus fógraí rialta.