Tá deireadh seachtaine spraoiúil lán le craic ar an gcósta i ndán daoibh agus Féile Mhuirí agus Bia Mara Bhinn Éadair ag teacht ar ais!

Tá Féile Mhuirí agus Bia Mara Bhinn Éadair a bhfuiltear ag súil go mór léi ag teacht ar ais, a gheallann deireadh seachtaine dodhearmadta eile de shiamsaíocht, bia blasta, agus an chuid is fearr dá bhfuil le tairiscint ag Binn Éadair.

Howth Maritime 2023

Tá Féile Mhuirí agus Bia Mara Bhinn Éadair a bhfuiltear ag súil go mór léi ag teacht ar ais, a gheallann deireadh seachtaine dodhearmadta eile de shiamsaíocht, bia blasta, agus an chuid is fearr dá bhfuil le tairiscint ag Binn Éadair.

Tá an ceiliúradh dhá lá le bheith ar siúl feadh na promanáide cois cladaigh an 9-10 Meán Fómhair 2023. Ar siúl ó mheán lae go dtí 6in gach lá, beidh an deis ag cuairteoirí páirt a ghlacadh i réimse gníomhaíochtaí a cheiliúrann stair mhuirí shaibhir agus cultúr bríomhar cheann de na sráidbhailte cósta is áille in Éirinn.

De réir mar a bheifí ag súil leis, beidh an bia blasta a bheidh ar fáil mar phríomh-tharraingt na féile, agus tithe tábhairne agus bialanna áitiúla ag taispeáint réimse de mhiasa áille bia mara a léiríonn saibhris cósta an cheantair maor aon leis na radharcanna iontacha ar imeall an uisce. Chomh maith leis sin, beidh ceol beo, puball sorcais, gníomhartha ón aer, comórtas damhsa Strictly Come Howth, cluichí seanré agus inséidtigh do gach aois le taitneamh a bhaint astu le linn na deireadh seachtaine.

Cuirtear an ócáid bhliantúil ar fail i gcomhpháirtíocht le Turasóireacht Bhinn Éadair, eagraíocht atá tiomnaithe do nithe is díol spéise sa cheantar a chur chun cinn agus cur le heispéireas an chuairteora. Tá turais agus eispéiris lántreoraithe ar fáil chomh maith le siúlóidí agus conairí féintreoraithe, ag tabhairt neart rudaí le feiceáil agus le déanamh do gach a thugann cuairt ar Bhinn Éadair.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy: "Is ócáid í seo a cheiliúrann oidhreacht mhuirí shaibhir Fhine Gall agus a thugann deis do chuairteoirí taitneamh a bhaint as cuid den bhia mara is fearr atá ar fáil. Molaim do gach duine teacht agus páirt a ghlacadh sa cheiliúradh le linn na deireadh seachtaine agus lántairbhe a bhaint as an méid atá le tairiscint ag ár réigiún."

Ag cur le spleodar na féile, beidh Club Luamhaireachta Bhinn Éadair ag óstáil Craobhchomórtais Náisiúnta ICRA & J24 2023. Beidh níos mó ná 100 bád agus thart ar 1,000 iomaitheoir san imeacht mór le rá seo agus iad ag dul san iomaíocht ar an uisce idir Inis Mac Neasáin agus Reachrainn amach ó chósta Fhine Gall.  

Toisc nach bhfuil ach páirceáil teoranta ar fáil, is é an bealach is fearr do chuairteoirí chun páirt a ghlacadh san fhéile ná trí úsáid a bhaint as iompar poiblí. Más féidir faigh an traein amach, go háirithe ós rud é go bhfuil stáisiún DART Bhinn Éadair i gcroílár na hócáide. Tabharfaidh na busanna 63 agus H3 tú chuig croílár na féile freisin!

Le haghaidh tuilleadh eolais agus nuashonruithe lean: @HowthMaritime ar Twitter & @howthmaritimeandseafoodfestival ar Facebook.