Tá FamilySearch, suíomh gréasáin ginealais nua ar fáil i do Leabharlann áitiúil i bhFine Gall

Family Search Logo

 

Tá áthas orainn a fhógairt gur Leabharlanna Cleamhnaithe FamilySearch iad gach ceann de na deich mbrainse de chuid Leabharlann Fhine Gall, agus ár roinn Staidéar Áitiúil. Ciallaíonn sé seo go mbeidh taighdeoirí in ann rochtain a fháil ar íomhánna digitithe ó bhailiúcháin FamilySearch, a bheadh srianta murach sin. Tá an tseirbhís seo ar fáil saor in aisce, agus tú ar an láthair i do Leabharlann áitiúil i bhFine Gall.

 

Ciallaíonn an t-ainmniú go mbeidh rochtain níos mó agus níos áisiúla ag iasachtaithe leabharlainne áitiúla anois, ar shaibhreas na n-acmhainní ginealais atá ar fáil trí FamilySearch. Tá os cionn 6 billiún ainm inchuardaithe ag an tseirbhís gréasáin móréilimh, agus 2 billiún íomhá de thaifid ghinealais stairiúla.

 

Cuireann FamilySearch os cionn 300 milliún taifead agus íomhá ginealais saor in aisce ar líne gach bliain, ó gach cearn den domhan, agus bainistíonn sé an Leabharlann cáiliúil Stair Theaghlaigh i Salt Lake City, Utah. Tá na billiúin taifead breithe, pósta, báis, daonáirimh, talún agus cúirte bailithe aige, ó níos mó ná 130 tír, chun cabhrú leat naisc theaghlaigh a aimsiú agus a dhéanamh.

 

Mhol Leabharlannaí contae, Betty Boardman, tabhairt isteach na hacmhainne ginealais nua ar líne ag rá "Tugann fionnachtain níos mó faoinár sinsir meas níos doimhne dúinn ar an áit as a dtagann muid, agus cé muid féin. Tá an-áthas orainn a fhógairt gur Leabharlanna Cleamhnaithe FamilySearch iad gach ceann de na deich mbrainse de chuid Leabharlann Fhine Gall, agus ár roinn Staidéar Áitiúil. Fáilte roimh an réimse leathan seirbhísí agus acmhainní iontacha ar líne atá á dtairiscint i do leabharlann áitiúil."

 

Chun tús a chur le do chuardach, logáil isteach ar do ríomhaire áitiúil i Leabharlann Fhine Gall, aimsigh deilbhín FamilySearch ar an deasc, nó tabhair cuairt ar familysearch.org, chun tús a chur le do thuras staire teaghlaigh.  Ní mór duit do chuntas saor in aisce a chruthú ar dtús, sular féidir leat féachaint ar thaifid.

 

Is féidir leat féachaint ar an raon iomlán ríomhsheirbhísí leabharlainne i bhFine Gall, agus ríomhfhoinsí ar líne, FamilySearch san áireamh, ar láithreán gréasáin Fingal Libraries.