Tá ‘Fine Gall agus an Comhrac ar son Saoirse na hÉireann’ ar fáil anois ar Taisclann Digiteach na hÉireann (TDÉ)

Tá an bailiúchán saibhir seo comhdhéanta d’ábhar a bailíodh ag laethanta bailithe poiblí ar fud Fhine Gall i 2015 agus 2016, rud a fhágann gur léargas uathúil é ar an neamhspleáchas agus ar dhéantáin agus ar stair an chogaidh chathartha.

Edward Lawless Fight for Irish Freedom collection

Tá lúcháir ar Leabharlanna Chontae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil bailiúchán grianghraf dar teideal ‘Fine Gall agus an Comhrac ar son Saoirse na hÉireann’ – an chéad bhailiúchán a d’fhoilsigh Leabharlanna Contae Fhine Gall i TDÉ, foilsithe ag Taisclann Digiteach na hÉireann (TDÉ). Tá an bailiúchán saibhir seo comhdhéanta d’ábhar a bailíodh ag laethanta bailithe poiblí ar fud Fhine Gall i 2015 agus 2016, rud a fhágann gur léargas uathúil é ar an neamhspleáchas agus ar dhéantáin agus ar stair an chogaidh chathartha. Áirítear sa bhailiúchán míreanna ó ar fud na hÉireann le fócas ar Fhine Gall. Tá an tionscadal mar chuid de Chlár Deich mBliana Comóradh Céad Bliain Chomhairle Contae Fhine Gall le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Bhí sé mar aidhm ag Laethanta Cuimhneacháin Fhine Gall cuimhneacháin na daoine ó bhFine Gall a bhain leis an tréimhse réabhlóideach (1912-1923) a aithint, a ghrianghrafadh agus a fhoilsiú. Tugadh cuireadh do bhaill an phobail earraí cuimhneacháin a thabhairt chuig trí ionad: Óstán Grand i Mullach Íde, an Aitriam i mBaile Bhlainséir agus Óstán Bracken Court i mBaile Brigín.

Dúirt Leabharlannaí an Chontae, Betty Boardman,

“D’éirigh thar barr le Laethanta Cuimhneacháin Chomhairle Contae Fhine Gall i 2015 agus 2016, rud a thug deis do bhaill an phobail a gcuid míreanna luachmhara agus a gcuimhní lómhar a thabhairt leo le grianghraif a thógaint dóibh agus é ar intinn iad a fhoilsiú mar chuid den bhailiúchán seo. Bhailigheamar raon leathan ábhar ó cheann ceann na tíre: tá 190 íomhá ar fad sa bhailiúchán. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le TDÉ as an mbailiúchán saibhir ábhar seo a chur ar fáil go héasca do thaighdeoirí, do staraithe agus do bhaill an phobail.”

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly,
 

“Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall go bhfuil ‘Fine Gall agus an Comhrac ar son Saoirse na hÉireann’ ar fáil ar Thaisclann Dhigiteach na hÉireann (TDÉ), taisclann digiteach náisiúnta do shonraí oidhreachta cultúrtha na hÉireann. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair agus don tiomantas a rinne gach duine a bhí páirteach sa léiriú: baill den phobal a roinn a gcuimhní luachmhara, Staidéar Áitiúil agus Cartlanna Fhine Gall agus an fhoireann ag TDÉ.”

Toisc nach raibh aon teorainn leis an méid cuimhneacháin a d’fhéadfaí a ghrianghrafadh, áirítear sna grianghraif earraí cuimhneacháin ó áiteanna lasmuigh de chontae Fhine Gall. I measc na n-ábhar sna grianghraif tá pearsana náisiúnta aitheanta agus réabhlóidithe réigiúnacha nach bhfuil mórán clú orthu. Áirítear sa bhailiúchán ‘Fine Gall agus an Comhrac ar son Saoirse na hÉireann’: teastais seirbhíse míleata; boinn a bronnadh ar ghníomhaíocht mhíleata; leabhair sínithe a tiomsaíodh le linn príosúnachta; agus gearrshaolach a dhoiciméadaíonn bás na bhfigiúirí réabhlóideacha.
 

Chuir Stiúrthóir TDÉ Natalie Harrower leis,

‘Is é seo an chéad bhailiúchán a d’fhoilsigh Leabharlanna Contae Fhine Gall i TDÉ, agus is fiú i gcónaí a leithéid de móimint a mharcáil, mar gheall ar an méid a chuireann sé le rochtain agus fionnachtain phoiblí níos leithne. Is sampla iontach iad na laethanta bailiúcháin a bhí ar siúl ag Leabharlann Fhine Gall chun an bailiúchán seo a chur le chéile den chaoi ar féidir lenár leabharlanna poiblí agus ár n-údaráis áitiúla oibriú lena bpobail chun bailiúcháin stairiúla a bhfuil fíorthábhacht leo a thógáil. Tugann an bailiúchán seo léargas dúinn ar phearsana agus ar imeachtaí móra stairiúla ach b’fhéidir níos tábhachtaí fós go n-athghabhann sé an bhaint a bhí ag daoine ó bhFine Gall nach bhfuil mórán aithne orthu sna himeachtaí seo.’

Is féidir leat teacht ar an mbailiúchán ag https://repository.dri.ie/organisations. Ó leathanach baile an taisclann is féidir leat nascleanúint a dhéanamh chun an bailiúchán a fheiceáil ach cliceáil ar an nasc ‘Aimsigh’ sa bharra nascleanúna. Roghnaigh ‘Brabhsáil de réir Eagar’, scrollaigh síos go dtí ‘Staidéar Áitiúil agus Cartlanna Fhine Gall’ agus cliceáil ar an mbailiúchán sa cholún ar thaobh na láimhe deise. Tá sé tábhachtach go ndéanann tú na grianghraif a scagadh de réir ‘ord/sraitheog’ lena chinntiú go bhfuil siad grúpáilte i gceart.

Ba mhaith le Staidéar Áitiúil agus Cartlanna Fhine Gall aitheantas agus buíochas a ghabháil leis an bpobal as páirt a ghlacadh sa tionscadal seo agus as údarú a thabhairt d’fhoilsiú na n-íomhánna seo.

Is taisclann de ghrianghraif agus de dhoiciméid, bailiúcháin phríobháideacha agus deonaithe, iad Staidéir Áitiúil agus Chartlanna Leabharlanna Fhine Gall, a chuimsíonn pictiúir amhairc agus liteartha de Fhine Gall agus de cheantar Bhaile Átha Cliath tríd an stair. Is taisce é d’aon duine atá ag iarraidh an cultúr agus an oidhreacht shaibhir atá i gceantar Fhine Gall a aimsiú. Le sonraí iomlána a fháil faoi uaireanta oscailte ár mbrainse go léir, tabhair cuairt le do thoil ar https://www.fingal.ie/fingallibraries.

James Lawless Medal Fight for Irish Freedom Collection