Tá fíoráthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall taispeántas nua a fhógairt ón ngrianghrafadóir as Bhaile Átha Cliath 15, Rich Gilligan

Tá fíoráthas ar Draíocht, i gcomhar le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, taispeántas nua a fhógairt ón ngrianghrafadóir Rich Gilligan don 13ú heagrán d’Amharc Fhine Gall.

 

Rich Gilligan First Draft poster

An Chéad Dréacht - Rich Gilligan

Arna choimeád ag Linda Shevlin dAmharc Fhine Gall, 13ú hEagrán

Dé Céadaoin 19 Feabhra — Dé Sathairn 03 Bealtaine 2025

Gailearaí Urlár na Talún, Draíocht Bhaile Bhlainséir

Le hOscailt ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh Dé Céadaoin, an 19 Feabhra 2025 ag 7in,

Leis an Aoi-Ghrianghrafadóir Speisialta Ken Grant

Tá fíoráthas ar Draíocht, i gcomhar le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, taispeántas nua a fhógairt ón ngrianghrafadóir Rich Gilligan don 13ú heagrán d’Amharc Fhine Gall.

Tacaíonn Amharc Fhine Gall le saothair ealaíne uaillmhianacha nua ó ealaíontóirí Fhine Gall ag gach céim dá ngairmeacha beatha. Chuir Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar le Draíocht, tús leis an gclár taispeántais seo i 2004 chun saibhreas na tallainne ealaíne sa chontae a cheiliúradh.

Dúirt Sarah O'Neill, Oifigeach Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall:

"Is é cuspóir choimisiún Amharc Fhine Gall ná ardán a chur ar fáil d’ealaíontóir ó Fhine Gall chun saothar ealaíne uaillmhianach nua a fhorbairt agus tacú le saothar trialach. Ag gach pointe ina ngairm bheatha, tá sé riachtanach go mbeadh spás agus am ag ealaíontóir d’fhonn a gcleachtas a leathnú agus a neartú. Bhain Rich leas as an ngradam chun smaointe nua a fhiosrú agus a chleachtas grianghrafadóireachta a bhrú i dtreo nua. Léiríonn an taispeántas seo, ‘An Chéad Dréacht’ spiorad Ghradam Amharc Fhine Gall agus guím rath leanúnach air."

Is filleadh abhaile ealaíonta é An Chéad Dréacht, a thugann saothar a bhfuil tionchar idirnáisiúnta i gceist leis, ar ais go fréamhacha aistear cruthaitheach Gilligan agus tugann sé léargas machnamhach ar théamaí an mhuintearais, na féiniúlachta agus teacht in aois sna bruachbhailte.

Féachann an taispeántas arís ar thionscadail luatha Gilligan a cruthaíodh timpeall Bhaile Bhlainséir agus a chuirtear i láthair mar vignettes neamhsheicheamhacha a fhiosraíonn an caidreamh casta a bhíonn againn go minic leis na háiteanna a mhúnlaíonn sinn, ag fáiltiú roimh lucht féachana an comhrá idir an t-am atá thart agus an t-am i láthair a fhiosrú. Iompróidh suiteálacha íomhánna socaire agus gluaisteacha cuairteoirí isteach i ngréasán saibhir na beatha laistigh d’fhochultúir, áit a ndéanann cuimhneacháin neamhbhuana fiosrú ar an bpróiseas chun teacht in aois.  

Feidhmíonn gach saothar, cíbe an bhfuil siad ag tabhairt athchuairte ar shaothar roimhe seo nó ag cur peirspictíochtaí nua i láthair, mar mhachnamh pearsanta ach a bhfuil macalla uilíoch ag baint leis, maidir leis an gcaoi a mhúnlaíonn ár dtimpeallachtaí ár meonta agus ár bhféiniúlachtaí.

“Nuair a d’fhill mé chun cónaí in Éirinn i 2021, thosaigh mé ag tabhairt athchuairte ar shaothar luathghrianghrafadóireachta agus físeáin, chun smaointe a dhaingniú faoin áit a mhúnlaigh mé. Leis an ngrinneas mothaitheach a thagann le teacht abhaile, chuaigh mé i ngleic le ceisteanna a bhain le hinsint, cuimhne agus conas a d’fhéadfadh grianghrafadóireacht, físeán agus fuaim teacht le chéile chun na rudaí seo a chur in iúl go maith.” Rich Gilligan

Arna choimeád ag Linda Shevlin, léiríonn an taispeántas seo teacht chun cinn i gcleachtas Gilligan, agus é ag fiosrú na ‘grianghrafadóireachta leathnaithe’ – teicníc a bhrúnn teorainneacha an chruthaithe íomhá agus an chuir i láthair traidisiúnta. Trí na hidirghabhálacha trialacha, suíomhoiriúnaithe seo, tugann an seó dúshlán don lucht féachana chun athmhachnamh a dhéanamh ar ról na grianghrafadóireachta sa scéalaíocht.

Is fíor-cheiliúradh é ar Bhaile Bhlainséir agus níos faide i gcéin, agus is cuireadh é an taispeántas seo chun machnamh a dhéanamh ar na háiteanna a bhfuil ár bhfréamhacha iontu, agus ar an gcaoi a n-aithnítear iad ar fud na nglúnta agus na tíreolaíochta.

In éineacht leis An Chéad Dréacht tá tionscadal for-rochtana do dhaoine óga i mBaile Átha Cliath 15 a fhiosraíonn an fhéiniúlacht.

RICH GILLIGAN Headshot 1 by Ellius Grace

Useful Links:

https://www.draiocht.ie/gallery/exhibition/the-first-draft-rich-gilligan

More About Rich Gilligan

Rich Gilligan is a photographer from Dublin working between Ireland & NYC. You can learn some more about his work in this talk he presented at OFFSET festival in 2019. https://vimeo.com/377510308

And on Rich's Instagram

More About Fingal Arts Office http://fingalarts.ie/

More About Amharc Fhine Gall

Amharc Fhine Gall supports ambitious new artworks from Fingal artists at all stages of their career. This exhibition programme was initiated in 2004 by Fingal County Council Arts Office, in collaboration with Draíocht, to celebrate the wealth of artistic talent in the county. A range of Fingal artists have received significant commissions through the programme with Draíocht providing additional supports.

 

AFG 12 / 2019 - Ann Ensor

AFG 11 / 2017 - Yvonne McGuinness

AFG 10 / 2015 - Ella DeBurca, Ruth Clinton & Niamh Moriarty AFG 9 / 2013 - Katie O'Neill

AFG 8 / 2011 - Andrew Carson, Sally-Anne Kelly and Lisa Shaughnessy AFG 7 / 2010 - Ella Burke & Aoibheann Greenan

AFG 6 / 2009 - Joshua Sex, SanjaTodorović and Michelle Hall

AFG 5 / 2008 - Jennifer Phelan, Logan McClain, Tracy Hanna, Deirdre Byrne, Lorna Fitzsimons AFG 4 / 2007 - Dianne Whyte

AFG 3 / 2006 - Work from Fingal County Council's Collection AFG 2 / 2005 - Contemporary Craft Artists

AFG 1 / 2004 - A Celebration of Fingal Artists

 

About Draíocht www.draiocht.ie

Opened in 2001 and located in the heart of Dublin 15, Draíocht is an arts centre steadfastly committed to serving its local community. At Draíocht, our work goes far beyond our programme of events.

Throughout the year, we help people of all ages to make space for the arts in their lives. Working collaboratively with artists of all disciplines, we journey with thousands of people to enhance their lives through arts events, projects and initiatives. We bring the public and artists together and in that space, magic happens.