Tá iarratas Aerfort Bhaile Átha Cliath do 36 milliún paisinéir neamhbhailí
Tá an tÚdarás Pleanála tar éis a chur in iúl d’Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath go bhfuil a n-iarratas chun acmhainn Aerfort Bhaile Átha Cliath a ardú go 36 milliún paisinéir in aghaidh na bliana neamhbhailí.
Tá an t-iarratas (F24A/1178E) neamhbhailí toisc nach gcloínn sé le hAirteagal 18(1)(d), Airteagal 19(1)(a), agus Airteagal 22 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú). Tá sé neamhbhailí freisin toisc nach bhfuil an cur síos atá beartaithe ar an bhforbairt sna fógraí poiblí ag cloí leis na rialacháin ábhartha agus tá sé easnamhach agus míthreorach.
Tá sé ina ábhar mór imní don Údarás Pleanála go bhfuil iarratas pleanála chomh suntasach sin neamhbhailí. Tá réamhphleanáil ar fáil chun cuidiú le hiarrthóirí ach níor tharla sé don iarratas seo.