Tá Leabharlanna Fhine Gall fabhrach do Chárta JAM©

Chruthaigh rannpháirtithe an Ghrúpa NOW Cárta JAM© i 2012, le deacrachtaí foghlama agus uathachas, a bhí ag iarraidh bealach discréideach chun cumarsáid a dhéanamh le daoine eile go dteastaíonn ‘nóiméad amháin’ uathu i gcásanna áirithe.

 

JAM Card service launch

Tá áthas ar Leabharlanna Fhine Gall a fhógairt go bhfuilimid i gcomhpháirtíocht le Grúpa NOW, fiontar sóisialta a thacaíonn le daoine a bhfuil deacrachtaí foghlama agus uathachais acu seirbhís Chárta JAM a thabhairt isteach i leabharlanna uile Fhine Gall. Chruthaigh rannpháirtithe an Ghrúpa NOW Cárta JAM© i 2012, le deacrachtaí foghlama agus uathachas, a bhí ag iarraidh bealach discréideach chun cumarsáid a dhéanamh le daoine eile go dteastaíonn ‘nóiméad amháin’ uathu i gcásanna áirithe. Ó shin i leith tá sé tar éis fás agus forbairt ina chárta agus ina aip a úsáideann daoine a bhfuil aon deacracht cumarsáide acu.

Sheol Méara Fhine Gall, an Clr. Howard Mahony, an Cárta JAM© ag Leabharlann Mhullach Íde Dé Máirt 25 Deireadh Fómhair 2022. D'fhreastail baill de Prosper Fhine Gall, eagraíocht a sholáthraíonn seirbhísí agus tacaíochtaí do dhaoine fásta faoi mhíchumas intleachta i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, ar an seoladh.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. Howard Mahony: “Is tionscnamh iontach é Cárta JAM© chun cuidiú le cumarsáid do dhaoine a bhféadfadh níos mó ama a bheith ag teastáil uathu chun déileáil le himeachtaí agus cásanna laethúla. Tá lúcháir orm rolladh amach na seirbhíse seo a sheoladh i leabharlanna Fhine Gall”.

Dúirt Leabharlannaí an Chontae, Betty Boardman: “Tá Leabharlanna Fhine Gall éirithe fabhrac do Chárta JAM© chun freastal ar riachtanais daoine a bhfuil deacrachtaí cumarsáide acu. Mar chuid de thabhairt isteach an Chárta JAM©, tá oiliúint bhreise curtha ar fáil againn d’fhoireann na leabharlainne chun feasacht a mhéadú ar na bacainní a d’fhéadfadh a bheith os comhair daoine a bhfuil deacrachtaí cumarsáide acu agus na céimeanna is féidir linn a ghlacadh chun a eispéireas mar úsáideoirí seirbhíse a fheabhsú”.

Jam Card Service Launch

Forbraíodh Cárta JAM© ar dtús dóibh siúd a bhfuil míchumais agus deacrachtaí foghlama acu, ach is féidir le haon duine a bhfuil bac cumarsáide acu é a úsáid freisin. Tá sé glactha go forleathan ag daoine a bhfuil Asperger’s nó uathachas orthu, iad siúd a bhfuil gortú inchinne orthu nó daoine a mhothaíonn féin-chomhfhiosach ar bhealach eile faoina gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh agus iad i dteagmháil le daoine eile. Le breis agus 110,000 úsáideoir Cárta JAM© agus 10,000 úsáideoir aipe, tá daoine a thaispeánann an cárta ag iarraidh ‘Nóiméad Amháin’ agus foighne ar bhealach príobháideach, discréideach agus éasca. Soláthraíonn sé bealach éasca freisin do sheirbhísí agus do ghnólachtaí chun daoine a bhfuil bacainní cumarsáide agus míchumais fholaithe orthu a shainaithint chun seirbhís ardchaighdeáin a thabhairt dóibh bunaithe ar a gcuid riachtanas.

 

Faigh tuilleadh eolais faoi Cárta JAM© ag www.jamcard.org agus Grúpa NOW ag www.nowgroup.org.

Jam Card Service launch
Jam Card service launch