Tá Maratón na bPáistí Éireann 2021 Ag Tosú an 20ú Meán Fómhair le níos mó ná 12,000 Dalta Ar Fud na hÉireann

Seoladh Clár Maratón na bPáistí Éireann 2021 Dé Céadaoin, 8ú Meán Fómhair ag Staid Morton i Seantrabh.  

 

Marathon Kids Launch 2021

Seoladh Clár Maratón na bPáistí Éireann 2021 Dé Céadaoin, 8ú Meán Fómhair ag Staid Morton i Seantrabh.  

Tá níos má ná 12,500 dalta ó cheantair riaracháin Chomhairle Contae Fhine Gall, Comhpháirtíocht Spóirt agus Folláine Chathair Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, Comhairle Contae na Gaillimhe agus ceantair ar fud na Gaeltacha a dhéanann ionadaíocht ar níos mó ná 200 scoil cláraithe do chlár 2021.

Is clár 8 seachtaine é Maratón na bPáistí Éireann (http://marathonkidsireland.ie) do dhaltaí rang 5-6 in Éirinn. Beidh rití gearra laethúla, oideachas corpartha agus sláinte mheabhrach, cothú agus aclaíocht i gceist leis an gclár. Tá sé mar aidhm ag an gclár gníomhaíocht choirp a chur chun cinn i measc daltaí agus troid i gcoinne otracht leanaí. Déanfaidh gach dalta nuashonruithe laethúla a thaifeadadh ina leabhair oibre fhisiceacha nó dhigiteacha. Nascann na hábhair le modúl OSPS de churaclam na ndaltaí.

I measc na ndaoine eile a bhí i dteannta Ambasadóir Maratón na bPáistí agus Curadh Eorpach agus Oilimpeach 2 uaire David Gillick bhí Seána Ó Rodaigh, Méara Fhine Gall An Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Fhine Gall AnnMarie Farrelly, Peter Kavanagh, Méara Bhaile Átha Cliath Theas, agus Grace Winters, Stiúrthóir Seirbhísí Comhroinnte EMEA ag Abbott. Bhí Paul Moran, cathaoirleach KBC Maratón Bhaile Átha Cliath agus tacóir bródúil le  Maratón na bPáistí Éireann i láthair freisin.  

Beidh níos má ná 3,000 dalta ó 24 scoil i bhFine Gall ag glacadh páirte i gclár na bliana seo. Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, atá ina  múinteoir bunscoile í féin: “D’éirigh go hiontach le Clár Maratón na bPáistí ó seoladh é i 2014. Bíonn na daltaí ag tnúth leis gach bliain agus bíonn siad ag súil go háirithe lena míle deiridh a dhéanamh i staid Morton. Tá súil againn an bhliain seo chugainn go bhféadfaimid scoileanna a thabhairt le chéile arís agus an ocáid atá tuilte ag na daltaí a chur ar siúl tar éis a 8 seachtaine traenála.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Tá áthas an domhain orm an díograis leanúnach don Chlár Maratón na bPáistí iontach seo a fheiceáil a spreagann stíl mhaireachtála shláintiúil ghníomhach i measc leanaí scoile i bhFine Gall.”

Dúirt David Gillick: “Tá clár Maratón na bPáistí Éireann ag dul ó neart go neart agus tá fás suntasach tagtha air le 6 bhliain anuas. Tá an clár curtha i gcrích ag níos má ná 40,000 dalta agus 300 scoil ar fud na hÉireann go dtí seo. I 2021 feicfimid go sáróidh líon na ndaltaí a ghlacann páirt agus a chríochnaíonn Maratón na bPáistí 50,000 dalta ó seoladh é.”

 

Seoltar an clár go hoifigiúil sna scoileanna an 20ú Meán Fómhair 2021

 

 

Marathon Kids Launch 2021
Marathon Kids Launch 2021