Tá Oifig Spóirt Fhine Gall tar éis dul i bpáirt leis an FAI agus Pailliúin Shoird chun Blitz Peile na gCailíní a óstáil níos déanaí an mhí seo.

Tá Oifig Spóirt Fhine Gall agus an FAI ag obair go gníomhach le chéile chun glúin peileadóirí Fhine Gall amach anseo a spreagadh le seachtainí beaga anuas. Tabharfaidh tacaíocht ó Phailliúin Shoird deis don imeacht seo an tsuim atá ag méadú i measc cailíní ar fud Fhine Gall a bhfuil fonn orthu An Cluiche Álainn a imirt a léiriú. I gcás go leor de na cailíní óga seo, seans gurb é seo an chéad uair dóibh geansaí an chlub phobail a chaitheamh go bródúil, agus tá an poitéinseal ann go leanfaidh siad lorg laochra áitiúla Fhine Gall i gCorn an Domhain ar nós Diane Caldwell (as Club Sacair Bhaile Brigín roimhe seo), Izzy Atkinson (as Rush Athletic roimhe seo), agus Jamie Finn (as Swords Manor roimhe seo).

Ireland Women's National Football Team member Diane Caldwell, from Balbriggan in Fingal, meets with girl's from the country's first ever TY Football course. The ground-breaking initiative is run by Fingal County Council and the FAI.

Tá Oifig Spóirt Fhine Gall agus an FAI ag obair go gníomhach le chéile chun glúin peileadóirí Fhine Gall amach anseo a spreagadh le seachtainí beaga anuas. Tabharfaidh tacaíocht ó Phailliúin Shoird deis don imeacht seo an tsuim atá ag méadú i measc cailíní ar fud Fhine Gall a bhfuil fonn orthu An Cluiche Álainn a imirt a léiriú. I gcás go leor de na cailíní óga seo, seans gurb é seo an chéad uair dóibh geansaí an chlub phobail a chaitheamh go bródúil, agus tá an poitéinseal ann go leanfaidh siad lorg laochra áitiúla Fhine Gall i gCorn an Domhain ar nós Diane Caldwell (as Club Sacair Bhaile Brigín roimhe seo), Izzy Atkinson (as Rush Athletic roimhe seo), agus Jamie Finn (as Swords Manor roimhe seo).

Football Blitz

Ag tagairt don imeacht, dúirt Paul Keogh, Oifigeach Forbartha Peile FAI/Chomhairle Contae Fhine Gall; “Tá mo chomhghleacaithe agus mé féin ag tnúth go mór leis an imeacht seo. Bhaineamar taitneamh as féachaint ar Chailíní na hÉireann san Astráil agus bhraitheamar go raibh sé tábhachtach tacaíocht a thabhairt d’obair iontach pobail tríd an imeacht seo a óstáil san AUL. Trí dhíriú ar na haoiseanna is óige, mar aon leis an timpeallacht a leagfaimid amach, tá an chuma air gur sár-imeacht a bheidh ann.”

Dúirt Gerry Reardon, Príomhoifigeach Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall; “Táimid thar a bheith sásta tacú leis an bhfiontar seo agus deiseanna a chur ar fáil do chailíní ar fud Fhine Gall. Tá Corn an Domhain tar éis spéis a mhéadú agus chun leas a bhaint as sin mothaimid go bhfuil poitéinseal iontach ag an imeacht seo. Tá a fhios againn go dtugann spórt daoine le chéile ar an bpáirc agus lasmuigh di, chonaiceamar é sin nuair a d’fhreastail beagnach 1,500 duine ar ár gCóisir Faire féin i gcomhar le Spórt Éireann agus Cathracha Gníomhacha, agus mar sin seo beart de réir ár mbriathair maidir le gealltanas oidhreacht a bheith againn tar éis sár-iarrachtaí na n-eiseamláirí iontacha san Astráil.”

Dúirt Ian Hunter, Stiúrthóir Ionaid Pailliúin Shoird; “Tugann Corn Domhanda na mBan cúis cheiliúrtha agus cúis bhróin, spreagann sé cairdeas agus obair foirne agus tá súil againn go mbeidh sé sin le feiceáil go soiléir leis an imeacht seo. Tá sé go hiontach a fheiceáil go bhfuil fás ag teacht ar rannpháirtíocht pheil na mban go háirithe i bhFine Gall agus nascann rannpháirtíocht san imeacht seo le Pailliúin Shoird ag tacú le spórt inár bpobal. Tá áthas orainn freisin gné oideachasúil a chur leis an gcomhoibriú seo trí nascadh le www.bridgenutrition.ie atá ag cur ceardlann eolasach ar fáil do na cóitseálaithe go léir a bheidh ag freastal ar an imeacht ar gach gné de chothú na n-imreoirí agus táim cinnte go mbeidh a lán tuismitheoirí buíoch freisin.”

Beidh Blitz Cailíní CCFG-FAI-Pailliúin Shoird ar siúl Dé Sathairn, 19ú Lúnasa, 2023 – an lá roimh chluiche ceannais Chorn Domhanda na mBan. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le do thoil le   [email protected]   nó le d’oifigeach forbartha áitiúil de chuid an FAI/CCFG.

Chun áit d’fhoirne a chur in áirithe téigh le do thoil chuig - https://www.eventbrite.ie/e/fai-fcc-swords-pavilions-girls-blitz-tickets-684287561517

 

 

Fingal Football Blitz