Tá Rabhaidh Ghaoithe Bhuí agus Oráiste i bhfeidhm i gcás Stoirm Jorge

D’eisigh Met Éireann Rabhaidh Ghaoithe Stádais Bhuí agus Oráiste d’Fhine Gall fad a dhruideann Stoirm Jorge le hÉirinn.

An image advising people on Storm Jorge alerts

NUASHONRÚ 1600: Nuashonrú ó Met Éireann

Tá rabhadh gaoithe buí i bhfeidhm anois go dtí 10pm. Is féidir teacht ar níos mó eolais ag http://met.ie

Leanfaidh gaotha láidre agus scuabacha ag séideadh le linn Stoirm Jorge (Hor-Hay) sula rachaidh siad i laige níos déanaí anocht. Bainfidh gaotha siar ó dheas a chasfaidh i dtreo an iarthair meánluas idir 50 agus 65 ciliméadar san uair amach agus séidfidh gaotha scuabacha idir 90 agus 110 ciliméadar san uair, agus is airde a bheidh na gaotha in áiteanna níos airde agus nochta go dtí 6 a chlog tráthnóna.

Eisithe: 14:58 Dé Sathairn 29/02/2020

Bailí ó: ó 15:00 Dé Sathairn 29/02/2020 go dtí 22:00 Dé Sathairn 29/02/2020

NUASHONRÚ 15.00: Dúnadh Ionad Athchúrsála an Inbhir i Sord mar gheall ar ghaotha láidre. 

Tiocfaidh an Rabhadh Stádais Bhuí i bhfeidhm ag 09:00 agus rachaidh sé i méid a airde le Stádas Oráiste idir 13:00 agus 19:00 agus tuartar lena linn sin go séidfidh gaotha idir 65 agus 80 ciliméadar san uair ar feadh tamaill san iarnóin agus go luath um thráthnóna, ina séidfidh gaotha idir 110 agus 120 ciliméadar san uair agus fiú níos airde. Tiocfaidh laghdú ansin ar an Rabhadh Gaoithe anuas go dtí Stádas Buí idir 19:00 agus 23.59.

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall a Foireann Bainistithe Géarchéime agus a Foireann Mheasúnaithe Drochaimsire i ngníomh mar fhreagairt don Rabhadh Drochaimsire a d’eisigh Met Éireann don lá inniu.

Díríonn an Chomhairle Fócas faoi láthair ar ullmhú chun déileáil le tuile áitiúil, crainn a thitfidh agus díobháil a dhéanfar do réadmhaoin sa tréimhse i ndiaidh na stoirme. Tá pleananna i bhfeidhm chun na hacmhainní go léir atá ar fáil a chur chun feidhme chun déileáil le saincheisteanna a eascraíonn as Stoirm Jorge agus déanfar iarracht chun saincheisteanna a réiteach a tharlaíonn a thapúla agus is féidir. Cuireadh foirne Oibríochtaí agus Seirbhísí Uisce agus an tAonad Bainistíochta Éigeandála agus Cosaint Shibhialta ar fuireachas.  

Moltar do shaoránaigh a réadmhaoin a sheiceáil agus a chinntiú go ndéantar rudaí a d’fhéadfadh an ghaoth a thabhairt léi, ar nós troscán gairdín agus potaí bláthanna, a fheistiú nó a thabhairt taobh istigh. Moltar dóibh freisin chun ullmhú do ghearradh cumhachta agus a bheith ar an eolas ar an mbaol a chruthaíonn línte cumhachta a thit. Moltar d’úinéirí gnólachta agus d’úinéirí tí freisin chun a ndraenacha féin a sheiceáil.

Moltar do bhaill den phobal chun fanacht amach ó thránna, cuanta agus siúláin chósta agus chun fanacht taobh istigh. Spreagtar úinéirí báid feistiú agus árthaí a sheiceáil sula dtéann an aimsir in olcas.

Is féidir le baill den phobal agus ionadaithe tofa tuairiscí ar shaincheisteanna a sheoladh ar aghaidh a raibh tuile agus crainn thite mar chúis leo, go dtí www.fixyourstreet.ie. Is féidir saincheisteanna a thabhairt le fios freisin trí ghlao ar 01-8905000. Tá foireann na seirbhíse sin ag oibriú ar bhonn 24/7. Déanfar na tuairiscí seo a chur i gcuntas agus a mheasúnú. 

Ba cheart teagmháil a dhéanamh le daoine aosta agus le comharsana leochaileacha laistigh de phobail roimh an stoirm, i rith na stoirme agus i ndiaidh na stoirme.  Má fheiceann tú daoine ag codladh amuigh, ba cheart duit é seo a thabhairt le fios trí ghlao ar 1800 707 707 nó ar líne ag http://www.homelessdublin.ie/report-rough-sleeper#1

Beidh na hionaid phobail, na leabharlanna, na páirceanna, an réadmhaoin oidhreachta agus na saoráidí poiblí eile go léir, ar nós ionaid athchúrsála, ar oscailt inniu ach cuirfear nuashonruithe ar fáil faoi mar a theastaíonn trínár ngnáthchainéil chumarsáide, Aip Foláireamh Fhine Gall, ár láithreán gréasáin, www.fingal.ie, agus ár gcuntais Twitter, Facebook agus Instagram ina measc. Is é an haischlib atá á húsáid ag gníomhaireachtaí Rialtais  maidir leis an imeacht seo #StormJorge.

Ba cheart do shaoránaigh a dteastaíonn eolas breise uathu faoi conas ullmhú don stoirm atá ag druidim linn súil a chaitheamh ar www.emergency.ie agus leanúint ag amharc ar thuartha Met Éireann le bheith ar an eolas ar an aimsir. Moltar do gach duine chun aird a thabhairt ar aon rabhaidh sábháilteachta a eisíonn gníomhaireachtaí reachtúla.