Tá sé mar aidhm ag straitéis nua Fhine Gall a chinntiú gur cuid thábhachtach den ghnáthshaol laethúil í gníomhaíocht coirp

Leagtar amach sa phlean forleathan creat straitéiseach atá dírithe ar shé phríomhghealltanas: tús áite a thabhairt don spórt agus don ghníomhaíocht coirp; inrochtaineacht a fheabhsú do chách; próifíl agus infheictheacht gníomhaíochtaí spóirt a ardú; béim a chur ar rannpháirtíocht lasmuigh; áiseanna ardchaighdeáin a fheabhsú; agus comhoibriú le páirtithe leasmhara a chothú.

Active together Sports Strategy Launch

Íoslódáil anseo Active Together Local Sports and Physical Activity Plan

Nocht Comhairle Contae Fhine Gall tionscnamh nua a bhfuil sé mar aidhm aige an tírdhreach spóirt i bhFine Gall a athrú ó bhonn, rannpháirtíocht agus rochtain a fheabhsú do chónaitheoirí agus úsáid a bhaint as spórt chun cabhrú le dul i ngleic le saincheisteanna sóisialta agus pobail a thógáil.

Leagtar amach sa phlean forleathan creat straitéiseach atá dírithe ar shé phríomhghealltanas: tús áite a thabhairt don spórt agus don ghníomhaíocht coirp; inrochtaineacht a fheabhsú do chách; próifíl agus infheictheacht gníomhaíochtaí spóirt a ardú; béim a chur ar rannpháirtíocht lasmuigh; áiseanna ardchaighdeáin a fheabhsú; agus comhoibriú le páirtithe leasmhara a chothú.

Mar aon le roinnt moil spóirt a oibriú, fostaíonn an chomhairle foireann oifigeach spóirt a chuireann tacaíocht ar fáil do ghrúpaí pobail, do chlubanna, do scoileanna agus do ghrúpaí gnó. Áirítear leis seo gníomhaíochtaí tacaíochta a chuimsíonn cruicéad, haca, leadóg, rugbaí agus snámh freisin. Díríonn an fhoireann spóirt go réamhghníomhach ar gach limistéar i bhFine Gall, go háirithe limistéir faoi míbhuntáiste agus fás daonra chun tacú le príomhghrúpaí amhail pobail nua, daoine faoi mhíchumas, LGBTQI+, mná agus teaghlaigh a bheith níos gníomhaí.

Spreagann tionscnaimh atá á reáchtáil ag Fine Gall rannpháirtíocht beag beann ar aois nó ar chumas, le cláir ar nós Mol Spóirt Leanaí na Coirre Duibhe, Men on the Move, Football for All agus Féile Trá Bhaile Brigín ag soláthar timpeallacht spraíúil do dhaoine chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht coirp. Mar chuid dá cuid oibre, cabhraíonn an Chomhairle freisin le cláir a fhorbairt d'oibrithe deonacha spóirt, do bhaill foirne agus dóibh siúd atá ag obair ag gach leibhéal i seachadadh spóirt agus oiliúint a chur orthu.

Tá an t-aon chúrsa Idirbhliana Peile agus Aclaíochta sa tír bunaithe ag Fine Gall freisin a reáchtáiltear i gcomhpháirtíocht leis an FAI. Tugtar deis do na daltaí atá ag glacadh páirte blaiseadh a fháil d'oiliúint pheile lánaimseartha agus a gcuid riachtanas oideachais á gcomhlíonadh acu freisin agus cáilíochtaí a bhaint amach i dtraenáil agus oiliúint aclaíochta agus sa pheil. Tar éis roinnt blianta de chlár rathúil a bheith á reáchtáil do bhuachaillí na hIdirbhliana – inar ghnóthaigh líon mór céimithe scoláireachtaí lánaimseartha, conarthaí céad foirne i Sraith na hÉireann, conarthaí gairmiúla thar lear agus ionadaíocht d’Éirinn ag an leibhéal idirnáisiúnta - i mbliana freisin bainfidh an chéad ghrúpa riamh de chailíní Idirbhliana in Éirinn céim amach.

TY Girls at Active Together Launch

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy: “Tógann an plean seo ar obair thábhachtach na Comhairle maidir le spórt, gníomhaíocht coirp agus folláine an phobail a chur chun cinn ar fud ár bpobail áitiúla. Mar dhíograiseoir spóirt mé féin, feicim an ról cumhachtach is féidir le spórt a imirt i gcur chun cinn ní hamháin na buntáistí do shláinte na ndaoine ach freisin an tionchar is féidir a bheith aige ó thaobh idirghníomhaíocht shóisialta. Tá sé seo le feiceáil i scoileanna, i gclubanna, in áiseanna pobail agus ag an iliomad áiseanna áineasa lasmuigh i bhFine Gall, agus sin an fáth a bhfuil rannpháirtíocht agus rochtain a fheabhsú mar chroífhócas sa straitéis nua seo."

Tá an cur chuige cuimsitheach deartha chun Fine Gall níos gníomhaí, níos cuimsithí agus níos sláintiúla a spreagadh. Tá sé ar chomhréim le beartais náisiúnta agus aithníonn sé an tábhacht a bhaineann le spórt agus gníomhaíocht coirp maidir le folláine mheabhrach agus fhisiciúil, fás eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta a chur chun cinn.

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Cothaímid pobail shláintiúla, shona agus nasctha nuair a chuirimid deiseanna ar fáil do gach duine páirt a ghlacadh i spórt agus aclaíocht. Cuimsíonn tiomantas Fhine Gall tacú le stíleanna maireachtála gníomhacha ar fud an chontae go leor gnéithe, lena n-áirítear pleanáil, soláthar agus bainistiú spásanna oscailte poiblí, áiseanna spóirt, tacaíocht maoinithe deontais agus comhpháirtíochtaí le príomhpháirtithe leasmhara áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta."

Active together Sports Strategy Launch

Le fócas ar chleachtais inbhuanaithe agus uilechuimsitheacha, tá an Chomhairle tiomanta do réigiún eiseamláireach a dhéanamh d'Fhine Gall do spórt agus do ghníomhaíocht coirp in Éirinn. Gné eile atá mar bhonn agus taca ag an bplean ná an fócas ar thógáil ar infheistíochtaí agus ar shócmhainní atá ann cheana, lena n-áirítear áiseanna reatha agus tuilleadh forbartha ar mhoil áineasa.

Chuige sin, tá dul chun cinn iontach á dhéanamh ag Fine Gall maidir lena bhonneagar pobail a fheabhsú, go háirithe maidir le moil áineasa den chéad scoth a sholáthar. Tar éis áiseanna nua éilimh a oscailt cheana féin in áiteanna mar Bhaile Brigín, Páirc Bhaile an Phóirtéaraigh, agus Sord, tá obair ar bun anois i gcroílár leithinis Dhomhnach Bat-Port Reachrann ar mhol fairsing a chuirfidh páirc lánmhéide lán-aimsire CLG tuilsolais ar fáil ina gcuimsítear dhá pháirc sacair uile-aimsire lánmhéide, rian lúthchleasaíochta uile-aimsire tuilsolais ocht lána, suíocháin fhargáin, páirc scátála, clós súgartha, agus infreastruchtúr gaolmhar a fhreastalóidh ar speictream leathan spéiseanna agus aoisghrúpaí ar fud an phobail.

Dúirt Dave Storey, an Stiúrthóir Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide, Taistil Ghníomhaigh agus Spóirt: “Tá sé iontach plean chomh mionsonraithe sin a fheiceáil i bhfeidhm a chabhróidh le gníomhaíocht coirp agus spórt a spreagadh laistigh den chontae. Is mian linn a chinntiú gur féidir le gach duine, beag beann ar aois agus ar chumas, tabhairt faoi aclaíocht agus lántairbhe a bhaint as na taitneamhachtaí áitiúla agus as an timpeallacht nádúrtha atá ar fáil. Agus é sin á dhéanamh againn, teastaíonn uainn freisin go mbeadh cónaitheoirí agus príomhpháirtithe leasmhara eile rannpháirteach i bhforbairt agus i ndearadh tionscnamh spóirt agus gníomhaíochta coirp chun cabhrú lena chinntiú go bhfuil siad inrochtana agus uilechuimsitheach."

Tá níos mó ná 2000 heicteár de spás oscailte poiblí ar fáil i bhFine Gall agus leithdháiltear 180 páirc féir faoi láthair ar chlubanna spóirt i bhFine Gall mar fhreagairt ar riachtanas áitiúil. Tairgeann 31 ionad pobail deiseanna do dhaoine de gach aois páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí fisiciúla lena n-áirítear ióga, Pilates, leadóg bhoird agus aclaíocht giomnáisiambhunaithe. Tá an Campas Náisiúnta Spóirt lonnaithe i bhFine Gall freisin, áis den chéad scoth a bhfuil sé d'acmhainn aici rannpháirtíocht a spreagadh i measc ár gcónaitheoirí le rochtain níos fearr. Tá os cionn 170 grúpa agus club spóirt agus gníomhaíochta cláraithe sa chontae faoi láthair.

Active together Sports Strategy Launch Councillors
Active together Sports Strategy Cover