Tá sé mar aidhm ag an Tionscadal Oidhreachtaí Coimhlinte scéalta ó Fhine Gall ón ré 1914-1945 a léiriú

legacies logo

Tá Comhairle Oidhreachta Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le Seandálaíocht agus Oidhreacht Thógtha ag obair ar thionscadal tábhachtach Oidhreachtaí Coimhlinte agus ba bhreá leo cabhair a fháil uait. Is iomaí scéal a bhaineann le ré na coimhlinte i bhFine Gall idir 1914 agus 1945. Tá clú agus cáil ar chuid de na scéalta agus déantar iad a chomóradh go forleathan, ach tá scéalta eile ann nach bhfuil eolas fúthu ach laistigh de theaghlaigh nó de phobail. Is tionscnamh é Oidhreachtaí Coimhlinte i bhFine Gall 1914-1945 a dhéanann iarracht na scéalta sin a léiriú agus a roinnt.  

Tá Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall ag obair le baill de Líonra Oidhreachta Fhine Gall chun téamaí, áiteanna, eachtraí, déantúsáin agus cuimhneacháin ón gCéad Chogadh Domhanda, ó Éirí Amach 1916, ó Chogadh ns Saoirse, ón gCogadh Cathartha agus ón Dara Cogadh Domhanda nó ón Éigeandáil i bhFine Gall a aithint. Tá na baill sin den Líonra lena n-áirítear cumainn stairiúla agus grúpaí oidhreachta ar fud an Chontae ag fiosrú a gcartlann le haghaidh doiciméd, grianghraf agus cuimhneachán a bhaineann le heachtraí ina gceantair féin.

Díreoidh an tionscadal ar iarsmaí coimhlinte sa tírdhreach a thaifeadadh, ó na cosaintí coincréite a cuireadh isteach in aice leis an aerfort le linn an Dara Cogadh Domhanda, go dtí na láithreáin luíocháin le linn na tréimhse réabhlóidí. Is beag rian atá fágtha ar go leor de na láithreáin seo agus mar sin tá sé tábhachtach go ndéanfar iad a mhapáil do na glúnta atá le teacht. Fócas tábhachtach eile is ea léarscáil chuimhne inar féidir scéalta, scannáin, grianghraif agus eolas faoi na coimhlintí i bhFine Gall a roinnt.

‘Tá obair iontach déanta ag cumainn staire agus grúpaí oidhreachta Fhine Gall go dtí seo, ach tá neart scéalta eile amuigh ansin. Tá suim ar leith agam éifeachtaí sóisialta na gcoimhlintí seo a léiriú’ a dúirt Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, Christine Baker. ‘Cad iad na heispéiris a bhí acu siúd a d’fhan siar? Cad iad scéalta na mban? Tá sé tábhachtach guth a thabhairt dóibh siúd a ndéantar dearmad orthu go minic.’

Dúirt Franc Myles, stiúrthóir tionscadail Seandálaíochta agus Oidhreachta Thógtha 'Is é an  príomhthoradh a bheidh ar an tionscadal Oidhreachtaí Coimhlinte ná mapa cuimhne nuálach a léireoidh an tréimhse ríthábhachtach seo i stair an stáit ar bhealach físiúil agus a chuirfidh ar chumas taighdeoirí agus baill den phobal a bhfuil suim acu ann tuiscint a fháil ar a bhfuil fágtha sa timpeallacht stairiúil thart orthu agus na suíomhanna a aimsiú.'

Má tá grianghraif, scéalta, déantúsáin nó cuimhní agat a bhaineann leis an tréimhse 1914-1945 nó más eol duit aon láithreáin nó iarsmaí ar cheart iad a thaifeadadh déan teagmháil linn ag [email protected]

CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le [email protected] / 086 7784669

Grianghraf: Dúnán ón Dara Cogadh Domhanda a aithníodh le déanaí, in aice le Sord, le caoinchead ó Seandálaíocht agus Oidhreacht Thógtha Teo.

 

pill box