Tá Uisce Éireann ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Fhine Gall chun oibreacha cothabhála atá riachtanacha a dhéanamh i Baile Brigin.

Tá Uisce Éireann ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Fhine Gall chun oibreacha cothabhála atá riachtanacha a dhéanamh agus beidh tionchar ag na hoibreacha sin ar chustaiméirí dár gcuid atá lonnaithe i gCoill na Giúise, i bPáirc Derham, i bPáirc an Chraoibhín, ar Arda Fancourt, i gCuas Hampton, ar an bPointe, ar Shráid Hampton, agus ar Chnoc Bharr na gCaorach. D’fhéadfaí go gcuirfear isteach ar an tseirbhís atá curtha ar fáil dár gcustaiméirí sna láithreáin sin fad is atá na hoibreacha sin ar siúl Déardaoin an 4 Meitheamh idir 10am agus 4pm, ach tá sé tábhachtach go leanfar ar aghaidh ag glacadh le treoir an FSS maidir le níochán láimhe ag an am céanna. D’fhéadfadh sé 2-3 uair an chloig a thógáil go dtí go bhfuil an ghnáthsholáthar uisce ar fáil arís do gach aon chustaiméir.

Is maith is eol d’Uisce Éireann agus do Chomhairle Contae Fhine Gall araon gur míchaoithiúlacht dáiríre atá ann nuair atá oibreacha cothabhála ag leanúint ar aghaidh agus gabhaimid buíochas lenár gcustaiméirí as a bheith foighneach agus muid i mbun na hoibreacha riachtanacha seo a thabhairt chun críche chun an gnáthsholáthar a chur ar fáil arís dár gcustaiméirí a bhfuil tionchar aige orthu. Is oth linn, is é sin le rá Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall araon, má chuirtear as dár gcustaiméirí ar aon slí.

Faoi láthair, tá Uisce Éireann ag obair i gcomhar lenár gcomhpháirtithe sna húdaráis áitiúil, lenár gconraitheoirí agus le daoine éagsúla eile chun sláinte agus folláine na foirne agus an phobail a chosaint agus chun an leanúnachas seirbhísí uisce óil agus fuíolluisce a chinntiú.