Tagann 4 Údarás Áitiúil Bhaile Átha Cliath i gcomhar le chéile do Dhúshlán Páirceanna & Conairí Bhaile Átha Cliath Challenge

Tá fíoráthas ar na 4 Údarás Áitiúil Bhaile Átha Cliath teacht le chéile faoi bhratach Chathair Ghníomhach Bhaile Átha Cliath chun Dúshlán Páirceanna & Conairí a reáchtáil i rith mhí Iúil.

Four Active Travel Officers

Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo daoine a spreagadh chun a bpáirceanna agus a gconairí áitiúla a aimsiú agus chomh maith leis sin, páirceanna agus conairí i mórcheantar Bhaile Átha Cliath a thaiscéaladh. Seo an chéad uair a bhfuil imeacht dá leithéid á reáchtáil ar fud na 4 cheantar comhairle.  

Is féidir le rannpháirtithe duaiseanna a bhuachan trí shiúlóidí a dhéanamh sna páirceanna agus conairí i ngach ceann de na 4 cheantar Údarás Áitiúil.  Mar spreagadh chun páirt a ghlacadh sa dhúshlán, cuirfear rannpháirtithe isteach i gcrannchur chun roinnt duaiseanna iontacha a bhuachan. 

Tá 24 siúlóid san iomlán le roghnú astu, roghnaíodh meascán de pháirceanna agus conairí i ngach ceantar.

Uaslódáladh an dúshlán ar Aip Conairí Fionnachtana Bhaile Átha Cliath áit a bhfuil gach ceann de na 24 suíomh liostaithe mar aon le léarscáileanna de gach siúlóid.

Conas cur isteach air:

  • Íoslódáil Aip Conairí Fionnachtana Bhaile Átha Cliath ón aipmhargadh nó ón gcód QR ar phóstaeir a fhógraíonn an dúshlán  
  • Téigh chuig Leathanach Páirceanna & Conairí Cathracha Gníomhacha Bhaile Átha Cliath  
  • Cliceáil ar an bpáirc ar mhaith leat siúl inti
  • Tabharfaidh léarscáil den pháirc nó den chonair thú chuig an bhfógra meirge mar a mbeidh an sainchód QR do gach siúlóid
  • Scanáil an cód QR
  • Taifeadfaidh an aip na cóid QR. 
  • Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh agus nuair a scannaítear an cód QR, nuashonrófar do phróifíl ar an Aip
  • Ceithre fheachtas chun duaiseanna a bhuachan
  • Nuair a bheidh na cóid QR scanta agat ó shiúlóid atá déanta agat i ngach ceantar údaráis áitiúil, is féidir leat cur isteach ar an gcomórtas ansin. (Príomhdhuais)

Treoróidh an Aip thú chuig leathanach iontrála an chomórtais

- Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar https://dublindiscoverytrails.ie/ nó scanáil an cód QR thíos:

QR Code