Tagann Cluichí Ar Aghaidh ar an tSaoil ar ais le foireann Fhine Gall

Ghlac foireann a rinne ionadaíocht thar ceann Fhine Gall páirt i gCluichí Náisiúnta Ar Aghaidh ar an tSaol 2024 a reáchtáladh in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn an 8 Meitheamh. 

Fingal team Go For Life Games

Ghlac foireann a rinne ionadaíocht thar ceann Fhine Gall páirt i gCluichí Náisiúnta Ar Aghaidh ar an tSaol 2024 a reáchtáladh in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn an 8 Meitheamh.  Bhí an-áthas ar Fhoireann Fhine Gall, faoi threoir Caitríona Geraghty, a captaen neamhimeartha agus Oifigeach Forbartha Oifig Spóirt Fhine Gall, a bheith ar ais san iomaíocht ina gcoinne foirne contae ionadaíocha eile i gcomórtas náisiúnta. Ba é seo an chéad uair a reáchtáladh an comórtas ón mbliain 2019 nuair a chuir paindéim an COVID-19 isteach ar an imeacht bliantúil agus ghlac beagnach 250 duine páirt i lá spraoi spórt na n-áineasa.

Arna n-eagrú ag Aois agus Deis Ghníomhach, bailíonn Cluichí Náisiúnta Ar Aghaidh ar an tSaoil seandaoine le chéile chun dul san iomaíocht agus a fhanacht gníomhach. Níos tábhachtaí fós, is deis é an lá do sheandaoine an chraic a bheith acu, trí bhailiú lena chéile agus dul san iomaíocht lena gcuid phiaraí ó chontaetha eile. Tugann Oifig Spóirt Fhine Gall, mar Chomhpháirtíocht Áitiúil an Spóirt, tacaíocht agus spreagadh do thionscnaimh dá leithéid a chuireann rannpháirtíocht leanúnach i ngníomhaíocht an choirp chun cinn. Séard atá sna Cluichí Ar Aghaidh ar an tSaoil ná trí sprioc-chluiche: Málaí, oiriúniú ar Cornhole; Flisk, oiriúniú ar an bhfriosbaíocht agus ar an gcrúchasadh; agus Scidil, oiriúniú ar bhabhláil an deich bpionna.

Bhí foireann Fhine Gall ar cheann den ocht bhfoireann dhéag na seandaoine a chaith dathanna a gcontae agus a ghlac páirt sna Cluichí Náisiúnta. Rinne imreoirí ó gach aird an chontae ionadaíocht ar Fhine Gall i ndiaidh á roghú ag sraith Ceardlanna na gCluichí Ar Aghaidh ar an tSaoil arna reáchtáil i gCoimpléasc Spóirt ALSAA i mí Bealtaine.

Ghlac imreoirí as Seid na bhFear Bhaile Dúill, BnT Soird, Na Sceirí, Caisleán Cnucha agus Baile Bhlainséir páirt san fhoireann agus, le 18 bhfoireann as 16 chontae san iomaíocht, thug Fine Gall aghaidh ar chéilí comhraic as an gCabhán, as Dún Laoghaire Ráth an Dúin, as Conrae Laoise, as an Mí, Contae Baile Átha Cliath Theas agus as an Iarmhí i taobh Fhine Gall sular ghabh na himreoirí lár tíre an teideal leo.

Is cuid den Chlár Náisiúnta um Spórt agus Gníomhaíocht Choirp do Sheandaoine, arna maoiniú ag Spórt Éireann, í Aois agus Deis Ghníomhach. Cuireadh tús leis na Cluichí Náisiúnta den chéad uair sa bhliain 2012 agus léiríonn imeacht an-rathúil na gCluichí Náisiúnta go bhfuil spórt ar fáil do gach éinne, beag beann ar ai aois nó ar an gcumas aige.