Teachtaireacht ó Mhéara Fhine Gall ar Lá Idirnáisiúnta na mBan

Mayor holding sign for international womens day 2022 at county hall. Sign reads celebrating womens acheivements.

Ba mhaith liom an deis seo a thapú le haitheantas a thabhairt do na mná go léir inár bpobal féin, ar fud na tíre agus ar fud an domhain ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Seasaimid libhse inniu chun an méid atá bainte amach agaibh a cheiliúradh agus oibriú i dtreo comhionannas inscne a bhaint amach.

Tá an t-ádh orm agus mé i mo Mhéara ar Fhine Gall a bheith ag casadh agus ag obair leis an oiread mná iontacha a bhfuil an t-uafás uilig curtha acu lenár bpobal agus a bhfuil áit iontach le bheith ina chónaí ann, le bheith ag obair ann, le cuairt a thabhairt air agus le bheith i mbun gnó ann déanta acu d’Fhine Gall. Bíonn siad ina n-ábhar spreagtha agam leanúint i mbun na hoibre a bhíonn mé a dhéanamh.

Táimid buíoch do na daoine sin a oibríonn chun tacaíocht a thabhairt do na mná atá ina saol, a thugann ábhar misnigh dóibh lena gcuid focal agus beart, le gur féidir leo barr a gcumais a bhaint amach. Trí oibriú le chéile i dtimpeallacht ina bhfuil meas agus trust, táimid ag oibriú i dtreo todhchaí ina mbeidh cailíní agus buachaillí in ann rud ar bith a dhéanamh gan aon bhéim a bheith ar laofacht inscne.

Tá níos mó i gceist le Lá Idirnáisiúnta na mBan seachas lá le ceiliúradh a dhéanamh ar mhná agus ar an méid atá bainte amach acu. Is lá é le hiad a chumasú, le misneach a thabhairt dóibh agus clár oibre ar bith atá dírithe ar fheabhas a chur ar chomhchearta agus comhdheiseanna do mhná a spreagadh.  Lá chun an cumas atá ionann a thabhairt chun fíre agus an neart atá ionainn agus chomh ábalta is atáimid a chur in iúl d’fhonn roghanna saoil amach anseo a fheabhsú do chailíní agus do mhná.

Tá go leor déanta ach tá go leor fós le déanamh. Tá fadhbanna fós ann maidir le foréigean inscne-bhunaithe, cúram leanaí agus easpa cothroime ionadaíochta agus ceannaireachta poiblí. Molaim gach duine atá ag obair i dtreo athrú dearfach a dhéanamh. Gach rath oraibh ar an obair.

Ní neart go cur le chéile.

Beannachtaí Lá Idirnáisiúnta na mBan oraibh go léir.