Téann Comhairle Contae Fhine Gall agus Éire Cruthaitheach i gcomhar leis an bhFéile sa Veain le haghaidh turas 6-lá, 12 stad ar Chontae Fhine Gall

I gcomhar nua le Comhairle Contae Fhine Gall, beidh An Fhéile sa Vean arís ar an mbóthar le linn mí Mheithimh seo chugainn le haghaidh turas sé lá dar teideal Sounds Like Summer: Féile Fhine Gall sa Veain chun grianstad samhraidh na bliana seo a cheiliúradh agus áthas an mheánshamhraidh a chothú le muintir agus pobail na háite – ag tabhairt an cheoil, an fhocail ó bhéal agus an rince go gach aird Fhine Gall.

Festival in a Van 2023

I gcomhar nua le Comhairle Contae Fhine Gall, beidh An Fhéile sa Vean arís ar an mbóthar le linn mí Mheithimh seo chugainn le haghaidh turas sé lá dar teideal Sounds Like Summer: Féile Fhine Gall sa Veain chun grianstad samhraidh na bliana seo a cheiliúradh agus áthas an mheánshamhraidh a chothú le muintir agus pobail na háite – ag tabhairt an cheoil, an fhocail ó bhéal agus an rince go gach aird Fhine Gall. Ar siúl thar an sé lá le linn an dá dheireadh seachtaine deiridh mí Mheithimh, is ceiliúradh saor in aisce é an turas seo atá ar oscailt do gach éinne ar spiorad an phobail agus ar chruthaitheacht muintir Fhine Gall.

Agus an fhéile ag tuirlingt orainn ar nós long ón spéir ar dhoras tosaigh mórán pobail éagsúla Fhine Gall, tugtar cuireadh don lucht féachana a gcuid blaincéad picnic féin a thabhairt leo, an grianscéithe a chasadh orthu, agus taitneamh a bhaint as cuid den na tallann is fearr in Éirinn a rugadh nó atá lonnaithe i gContae Fhine Gall, lena n-áirítear ealaíontóirí mar Jyellowl, Niamh Bury, Paula Meehan, Asha Ari agus mórán eile. I measc na suíomhanna tá Lusca, Baile Bhlainséir, Baile Dúill agus tuilleadh bailte, sráidbhailte agus comharsanachtaí eile ar fud an chontae.

Ó eastáit na tithíochta go dtí na páirceanna poiblí go dtí gairdíní an phobail go lóistín na ndídeanaithe, cuirtear fáilte roimh chách páirt a ghlacadh sna féilte. Go n-éirí an t-samhradh le Féile Fhine Gall sa Veain!

I measc na gceoltóirí don tsraith samhraidh tionscnaimh seo le Fine Gall Ildánach agus leis an bhFéile sa Veain tá rapálaí na Nigéire Jyellowl (Jean-Luc Adenrele Ibrahim Koko Uddoh) atá ainmnithe ag Choice Music (2020) (dá albam tosaigh DIVision na bliana 2020). Agus a fhréamhacha Éireannacha lonnaithe i mBaile Bhlainséir, bhí a chuid ceoil le feiceáil sa chluiche físeáin FIFA 20 agus ar an gclár teilifíse mór le rá Normal People; bhí sé le feiceáil freisin ar an gclár Rap Trip de chuid BBC Three. Roghnaíodh é le bheith san iomaíocht i gCluiche Ceannais Náisiúnta na hÉireann do Chomórtas Amhrán Eoraifíse 2024 agus tháinig a amhrán “Judas” sa chúigiú háit sa chomórtas ar deireadh.

Duine eile is ea Niamh Bury atá ag éirí go tapa ar cheann de na taibheoirí is mór le tóir i saol ceol tíre na hÉireann, áit a raibh stáitse roinnte aici le leithéidí Ye Vagabonds, Martin Hayes, agus Cinder Well le tamall anuas. As Port Mearnóg í, chuir Bury a ceird chun cinn agus í ag buscáil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le blianta fada, agus d’eisigh sí a céad albam Yellow Roses le déanaí.

Ar dhuine de na filí beo is suntasaí in Éirinn, téann Paula Meehan,  a bhfuil cáil uirthi mar gheall ar a héirim agus ar a aird ar an gceird, leis an Veain lena saothar a bhfuil gradaim bainte amach aige. Tá a cuid dánta curtha le ceol ag amhránaithe agus ag cumadóirí amhrán lena n-áirítear Christy Moore. Tá a cuid filíochta foilsithe go forleathan in aistriúchán, lena n-áirítear bailiúcháin shuntasacha as Fraincis agus as Gearmáinis. Tá drámaí scríofa aici d'aosaigh agus do pháistí araon agus tá sé bhunchnuasach na filíochta foilsithe aici, an ceann is déanaí dár ainm The Solace of Artemis sa bhliain 2024.

Ainmnithe mar Hot For in 2023 de chuid na hirise Hot Press, is amhránaí-cumadóir leath Gánach leath-Éireannach í Asha Ari, a d’fhás aníos i mBaile Bhlainséir. Tá sí ag seinm go gníomhach i saol an cheoil i mBaile Átha Cliath ó bhí sí ina déagóir, agus tá mórán singil agus fístéipeanna an cheoil eisithe aici, chomh maith le EP dar teideal Freedom. Ceanglaíonn a cuid cheol gnéithe den Pop, den Soul, agus den R&B chun amhráin mealltacha agus inathraithe ar leith a chumadh. Eascraíonn a cuid inspioráid na cumadóireachta ó bheith ag fás aníos déchiníoch, ón bhféin-ghrá aici ag creidiúint inti féin, ag scaipeadh na dearfachta agus na dílise di féin. I ndeireadh na dála tá sé mar aidhm ag ceol Ari daoine a thabhairt le chéile, rud a fhágann go mbeidh sí ina sárthaibheoir le haghaidh Sounds Like Summer: Féile Fhine Gall sa Veain, rud a beartaíonn an fhéile a dhéanamh amhail i leith na bpobail éagsúil ar fud Fhine Gall.

Beidh an tsraith lár an tsamhraidh seo ar siúl ó Dé hAoine an 21 Meitheamh – Dé Domhnach an 23 Meitheamh, agus arís ó Dé hAoine an 28 Meitheamh – Dé Domhnach an 30 Meitheamh. Tá gach eolas faoi suíomhanna agus mórán eile le fiecéail ag www.festivalinavan.com 

Festival in a Van

Ón mbliain 2020 i leith tá rochtain daonlathaithe ar na healaíona  á chur ar fáil ag an bhFéile sa Veain trí na cuid léirithe cuimsitheacha ar ardchaighdeán a sheachadadh ar fud na hÉireann. Le seisiún traidisiúnta i gcearnóg an bhaile, le ceolchoirm chlasaiceach ar an bhfaiche, le saothair Shakespeare sna scoileanna, leis an gcraic sna tithe cúraim, agus leis filí i mbun aithris sna páirceanna... téann an Fhéile sa Veain ar camchuairt ar fud na tíre, ag tabhairt draíocht an léirithe beo chuig áiteanna agus airde na tíre nach féidir aon ionad eile a bhaint amach.

Dar le Stiúrthóir na Féile sa Veain, Elizabeth Mohen: “Ní féidir linn an chumhacht ag léirithe ealaíon saor in aisce a ghannmheas, ní hamháin chun saolta a athrú ach á sábháil. Ag obair go dlúth le Fine Gall Ildánach agus le hOifig an Phobail de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall, cinnteoidh camchuairt ar leith seo na Féile sa Veain an fhíorfháilte a chuireann muintir na hÉireann roimh gach snáth de shaol saibhir cultúrtha na tíre. Ní féidir linn fanacht ionas go bhfeicfimid na chuimhneacháin ar leith ana gcruthú thar na glúnta agus thar na pobail éagsúla tríd an bhfuinneamh - agus, go háirithe, tríd an gcraic! – a bhaineann leis an léiriú beo den scoth.”

Deir Príomhfheidhmeannach Comhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, “Tá gliondar croí orm faoi ‘Sounds Like Summer - Féile Fhine Gall sa Veain’, mar go ndéanfaidh sí rochtain áiteanna i bhFine Gall nach féidir féilte eile teacht orthu. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an obair dhian a rinne gach éinne sa chúlra a tharraing an imeacht seo le chéile. Tá gníomhartha an-suimiúil ag baint leis an oiread sin seánraí, agus rachaidh an Fhéile isteach sna cúinní sin faoi cheilt i bhFine Gall, sna heastáit tithíochta againne, inár bpáirceanna, inár n-ionaid dhídeanaithe agus sna hionaid staide, ag éascú filí agus ceoltóirí na áite an stáitse a roinnt leis an oiread sin buanna ar leith acu. Go deimhin, tá cuma an tsamhraidh uirthi.”

Séard a dúirt Comhordaitheoir Éire Ildánach de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall, Lilian Whelan ná, “Tá áthas mór arís ar Fhine Gall Ildánach dul i gcomhar leis an bhFéile sa Veain agus le foireann dícheallach an phobail againne chun an taithí seo a thabhairt chuig gach áit i bhFine Gall. Geallann Fine Gall Ildánach agus Leabharlanna Fhine Gall rochtain a chur ar fáil do gach éinne ar na gníomhaíochtaí agus an taithí a shaibhríonn an saol cultúrtha i gcroílár ár gcuid phoobal.”

Dar le hOifigeach Sinsearach Feidhmiúcháin, Rannóg an Phobail de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall, Naomi Weir, “Tá Oifig an Phobail ina cuid d’Fhéile Fhine Gall sa Veain ó uair a thug sí cuairt ar Ionaid Scíthe na nÚcráineach dhá bhliain ó shin agus cuireann sé an-áthas orm an turas a fheiceáil ag dul ó neart go neart, tar éis cuairteanna na bliana seo caite ar Phort Reachrann, ar Dhomhnach Bat, ar An Ros, ar Na Sceirí agus ar Bhaile Gháire. I mbliana, tá an Veain ag tabhairt cuairte ar phobail ar fud Fhine Gall, gach áit a bhfuil foireann Forbartha an Phobail i mbun pobail láidre chuimsitheacha a thógáil agus a imeascú agus na héagsúlacht a chur chun cinn.”

Ar dtús ina shmaoineamh chun an ceol, an fhilíocht agus an amharclannaíocht a choinneáil beo le linn géarcheim an Covid, tugann an Fhéile sa Veain camchuairt timpeall na tíre chun nasc ríthábhachtach an chultúir a chur ar fáil dóibh siúd ar fud na hÉireann nach bhfuil, ar chúis ar bith, an dóthain rochtana acu ar na healaíona. Tugann Éire Ildánach, Comhairle Ealaíon na hÉireann agus Líonra Údaráis Áitiúla na hÉireann tacaíocht don Fhéile sa Veain.

DÁTAÍ NA nIMEACHTAÍ:

Dé hAoine an 21 Meitheamh

1in - Prosper Fingal & Swords – Pobal an Mhíchumais Intleachta

Léirithe ó Tony Curtis (as Baile Brigín) agus Trish Reilly.

4in – Suíomh Lucht Siúl Matt Lane, Baile Brigín

Léirithe le Trish Reilly, agus tuilleadh le fógairt.

Dé Satharn an 22 Meitheamh

2in: Baile an Rólaigh (sráidbhaile beag ar an mbóthar go Cill Dhéagláin)

6in - Páirc na Mílaoise Baile Bhlainséir

*An dá léiriú le Asha Ari (as Baile Bhlainséir) agus Sophie Meehan (atá lonnaithe i mBaile Brigín)

 

Dé Domhnach an 23 Meitheamh

1in – Seastán Banna Lusca

4.30in – Na Sceirí – Páirc Phoiblí Floraville

*An dá léiriú le Hazel Hogan agus Niamh Bury (as Port Mearnóg)

Dé hAoine an 28 Meitheamh

11rn – Baile Seiscín

4in – Eastát Dhún Saithne i mBaile Brigín

*An dá léiriú le Kiruu (as Baile Ghrifín) agus Rhythm Africana (taibhiú rince – tá Michael lonnaithe i Mullach Eadrad)

Dé Satharn an 29 Meitheamh

1in – Eastát Dhroim Fraoigh (40 bliain á cheiliúradh)

5in – Ionad Acmhainní Pobal na Coirre Duibhe

*An dá léiriú le Trudie Gorman (as Mullach Eadrad) agus Jyellowl (as Bhaile Bhlainséir)

Dé Domhnach an 30 Meitheamh

1pm – Ionad Úcránach Páirc na bhFianna in aice le Caisleán Bhinn Éadair

*Léirithe le Maryna Odolska agus Indeceltic

5pm – Gairdín Pobail Bhaile Dúill

*Léirithe le Paula Meehan (atá lonnaithe i mBaile Dúill) agus IndeCeltic

Eoghan O Ceannabháin Festival in a Van

I LEITH NA FÉILE SA VEAIN

Bhunaigh Gemma Tipton an Fhéile sa Veain sa bhliain 2020, le veain bhosca á iompú ina stáitse soghluaiste mar bhealach chun léirithe beo a choinneáil i bhfeidhm le linn paindéim an Covid. Agus iad ag taisteal i mboilgeog, agus iad armtha le flúirse an tsláintitheora láimhe, bhí foireann Festival in a Van in ann cuairt a thabhairt ar thithe cúraim, ar scoileanna, ar ionaid chónaithe agus ar ionaid an tsoláthair dhírigh ag tabhairt camchuairte an cheoil, na hamharclannaíochta agus na filíochta.

Mar chuid den Fhéile sa Veain 2020, bhí:

  • os cionn 60 léiriú ar siúl i 11 chontae
  • 48 gceoltóir, amhránaí, file, ealaíontóir agus taibheoir
  • foireann 15 gairmí amharclainne, dearthóir agus ealaíontóir léiriúcháin
  • ag tabhairt cuairt ar níos mó ná 2,500 duine, le linn gach leibhéal na dianghlasála

 

Sa bhliain 2021, bhí siad ag obair den chéad uair i gcomhar le Poetry Ireland agus thug siad a gcamchuairt Words Move trasna an Oileáin.

Sa bhliain 2022, thug siad camchuairt na hÉireann le Comhsheisiúin an Cheoil, ag cur ceoltóirí as Éirinn, as an Úcráin agus as na pobail nua eile i láthair tríd an gceol agus tríd an amhránaíocht. Cuireadh tús le Comhsheisiúin an Cheoil ar an 23 Lúnasa 2022, i gContae Ciarraí agus, ó shin i leith, thugamar cuairt ar fiche contae, ag obair le breis agus céad ceoltóir i mbreis agus caoga ionad.

Sa bhliain 2023, lean an Fhéile sa Veain ar aghaidh lena cuid Chomhsheisiún an Cheoil, chomh maith le camchuairt Deities le We Are Griot, agus Vital Signs le Martin Dyar in éineacht le mórán filí agus ceoltóirí eile.

Nuair a thagann an Fhéile sa Veain ar cuairt...

 

Tagann na veaineanna chuig na sráideanna, chuig na heastáit tithíochta nó chuig na bloic árasán. Tagann siad chuig na tithe cúraim, chuig na háiteanna faoin tuath, chuig na clóis pháirceála nó chuig cearnóga na sráidbhailte. Osclaíonn na doirse. I veain amháin, insíonn aisteoir monalóg dhrámatúil. I gceann eile déanann ceolatnóir a chineál draíochta féin, canann an t-amhránaí roinnt amhrán nó roinnt árianna. I gceann eile, déanann file aithris ar dhán, léann scríbhneoir giota éigin.

 

“Cuireann an Fhéile sa Veain an Seó i mbun Aistir.”

 

TÁ TUILLEADH FAISNÉISE NA MEÁN AGUS ÍOMHÁNNA LE FÁIL Ó:

CONLETH TEEVAN: +353 87 1221 648 | rPhost:  [email protected]