Téigh i mbun gnímh le hathrú a dhéanamh an Lá Domhanda Cuimhneacháin seo

World Day of Remembrance 2021

Dé Domhnaigh an 21 Samhain, déanfar comóradh ar an 26ú Lá Domhanda i gCuimhne ar Dhaoine a Bhásaigh ar na Bóithre (WDoR). Déanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall a foirgnimh a shoilsiú, mar a dhéanfaidh Comhairlí ar fud na hÉireann, de réir mar a thabharfaimid chun cuimhne na daoine a fuair bás go tragóideach i dtimpistí bóthair. Tá an eagraíocht ag iarraidh ar dhaoine solas a lasadh ina mbailte agus ina ngnólachtaí féin freisin tráthnóna Dé Domhnaigh an 21 Samhain.

 

Is éard a dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, ‘Impím ar gach tiománaí smaoineamh ar a ndaoine muinteartha féin nuair a théann siad taobh thiar den roth, go háirithe agus muid ag druidim le séasúr na Nollag. Gach bliain, cuimhnímid ar dhaoine a fuair bás de dheasca timpistí ar bhóithre, ach nílimid ag iarraidh go mbeadh orainn cuimhneamh ar a thuilleadh básanna amach anseo. Is mian linn ceiliúradh a dhéanamh ar a shábháilte is atá bóithre na tíre anois, agus is mian linn go dtiocfadh deireadh le básanna ar na bóithre.

 

Is ionann an bhliain seo agus tús Dheich mBliana an Ghníomhaithe um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030, a mbeidh ról fíorthábhachtach ag an Lá Domhanda lena linn - trí aird a tharraingt ar na cúiseanna a bhfuil na gníomhartha riachtanacha ar fad le linn na Deich mBliana seo amach romhainn ag teastáil.

 

Mar is amhlaidh gach bliain eile, is é is cuspóir do WDoR 2021 ardán a chur ar fáil do dhaoine a d’fhulaing de dheasca timpistí ar bhóithre agus dá ndaoine muinteartha chun:

  • gach duine a maraíodh agus a gortaíodh go dona ar na bóithre a thabhairt chun cuimhne;
  • aitheantas a thabhairt ar obair ríthábhachtach na seirbhísí éigeandála;
  • aird a tharraingt ar an bhfreagairt dlí ar bhásanna agus gortuithe ar bhóithre i gcásanna ina bhfuil an milleán ar dhuine faoi leith, freagairt a bhíonn fánach go hiondúil;
  • ionadaíocht a dhéanamh ar son tacaíocht níos fearr do dhaoine a d’fhulaing de dheasca timpistí ar bhóithre agus do mhuintir na ndaoine sin;
  • Gníomhartha fianaise-bhunaithe a chur chun cinn chun básanna agus gortuithe bóthair eile a sheachaint agus faoi dheireadh, chun iad a stopadh.
    Le WDoR 2021, dírítear ar luas tráchta a ísliú - Luasanna ísle, lena bhféadfaí go leor básanna agus drochghortuithe a sheachaint, go háirithe básanna agus gortuithe coisithe agus gach duine eile a bhíonn leochaileach ar na bóithre - leanaí, daoine aosta agus daoine faoi mhíchumas.
     
    Dar le Ceannfort Ronan Barry den Garda Síochána, tá sé riachtanach teachtaireacht na sábháilteachta ar bhóithre a chur ina luí ar dhaoine. ‘Tá 119 duine básaithe ar na bóithre go dtí seo i mbliana. Bhí gean ag daoine ar gach aon duine acu sin a bhásaigh, agus tá cumha ar dhaoine ina ndiaidh. Beimid ag déanamh póilíneachta go hairdeallach ar na bóithre le linn sheachtainí deireanacha 2021 agus táimid ag meabhrú don phobal inniu gan bheith tiomáint riamh faoi thionchar drugaí mídhleathacha ná faoi thionchar an óil. Leanfaimid de bheith i mbun seicphointí óil agus drugaí agus póilíneacht a dhéanamh ar bhóithre na tíre de réir riachtanais an phobail. Beidh méadú mór ar líon na seicphointí agus muid ag tarraingt ar an Nollaig chun iarracht a dhéanamh stop a chur le daoine a bhíonn ag sárú na reachtaíochta um thrácht ar bhóithre.
    An teachtaireacht fíorthábhachtach eile ar mhaith liom a chur in iúl ná gur cheart do gach tiománaí agus paisinéir crios sábhála a chaitheamh. Nuair atá tú ag tiomáint, tá freagracht ortsa i leith na ndaoine a shuíonn isteach i d’fheithicil agus is minic nach bhfuil sa difear idir bás agus beatha i gcás timpiste ach crios sábhála. Má tá tú ag baint úsáid as an líonra bóithre in aon cineál modha iompair eile, bíodh éadaí oiriúnacha ort agus bí sábháilte agus bí feiceálach - tá tábhacht le gach aon saol, déan do chuid chun do shaol féin a chosaint.’
     
    Is é David Storey, Stiúrthóir Seirbhísí Taistil Ghníomhaigh, Comhshaoil agus Gníomhaithe ar Son na hAeráide, atá i gceannas ar fhoireann Chomhairle Contae Fhine Gall a bhfuil sé de chúram uirthi sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus bonneagar a chur ar fáil chun rothaíocht agus siúl sábháilte a éascú. ‘Tagaimid le chéile gach bliain chun na daoine a bhásaigh de dheasca timpistí ar bhóithre a thabhairt chun cuimhne agus tá sé bunriachtanach go rachaimis i ngleic leis na priacail a bhaineann leis an mbóthar. Tá go leor infheistíochta déanta ag Comhairle Contae Fhine Gall i gcur chun cinn Taisteal Gníomhach agus i soláthar saoráidí sábháilte siúil agus rothaíochta amhail lánaí cosanta rothaíochta ionas go mbeimid ar fad in ann taisteal go sábháilte ar na bóithre. Sna seachtainí atá amach romhainn agus tú ag taisteal chun na hoibre, na scoile nó chuig ceiliúradh Nollag b’fhéidir, cuimhnigh ar an gcarr a fhágáil sa mbaile agus Taisteal Gníomhach nó iompar poiblí a roghnú. Nuair atá níos lú carranna ar na bóithre, laghdaítear an baol go mbeadh timpiste ann agus déanann sé leas don aeráid.’
     

Molann Oifigeach Sábháilteachta Bóthair Fhine Gall Andrew Nolan do dhaoine rogha eile a dhéanamh nuair is féidir. ‘Feicimid gur thosaigh go leor ag rothaíocht nó chuir siad spéis sa siúl nó sa reathaíocht ó thús na paindéime agus is athrú fíordhearfach é seo a bhféadfadh líon na bhfeithiclí ar an mbóthar a laghdú, go háirithe i gcás turais áitiúla. Ó tharla go bhfuil daoine ag úsáid modhanna éagsúla iompair, ciallaíonn sé go bhfuil tuilleadh daoine leochaileacha ar an líonra bóithre agus mar sin, tá sé thar a bheith tábhachtach go léiríonn tiománaithe meas ar dhaoine eile a úsáideann an bóthar, trí bheith foighneach, cúirtéiseach agus trí an-aire a thabhairt agus iad ag tiomáint. Laghdóidh sé sin an t-ualach atá ar na seirbhísí éigeandála a bhíonn ag obair gan stad gan staonadh chun beatha daoine a shábháil nuair a tharlaíonn tubaiste.’

 

Tá Comhairle Contae Fhine Gall den tuairim go bhfuil sé tábhachtach daoine a fuair bás ar na bóithre agus a dteaghlaigh a thabhairt chun cuimhne agus an lá speisialta seo á chomóradh againn, ach ní hamháin sin, nach mór dúinn dul i mbun gnímh chun sráideanna níos sábháilte a chinntiú don uile dhuine a úsáideann na bóithre trí bheith freagrach agus muid taobh thiar den roth, trí luas a ísliú go ginearálta agus trí thiomáint ag luas atá oiriúnach don bhóthar agus don aimsir atá ann.

World Day of Remembrance 2021 Gardai and Active Travel