Thug an Mhéara ómós don Chomhaireloir Freddie Cooper nach maireann

Cllr Freddie Cooper

Thug Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Rodaigh, ómós don Chomhairleoir Freddie Cooper a fuair bás aréir.

“Is mór an trua gur fhoghlaim mé faoi bhás an Chomhairleora Freddie Cooper agus, thar mo cheann féin agus mo chomhchomhairleoirí, ba mhaith liom mo chomhbhrón a dhéanamh lena bhean chéile Mary agus a theaghlach as a gcaillteanas brónach,” a dúirt an Méara. Cosúil liom féin, toghadh an Comhairleoir Cooper ag Toghcháin Áitiúla 2019 agus, ina dhá bhliain ar an gComhairle, bhí sé ina ionadaí den scoth do mhuintir Bhaile Bhlainséir agus Mhullach Eadrad. Solas síoraí dó.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly gur: “D’fhág bás anabaí Chomairleoir Freddie Cooper an fhoireann Chomhairle Contae Fhine Gall faoi bhrón agus casann muid a bhás lena bhean chéile agus lena theaghlach ag an am brónach seo. Ba chúis áthais dom i gcónaí déileáil leis an gComhairleoir Cooper a bhí thar a bheith gairmiúil agus é ag obair liom féin agus le oifigigh eile. Rinne sé ionadaíocht thar barr ar Limistéar Toghcháin Áitiúil Bhaile Bhlainséir-Mhullach Eadrad agus thacaigh sé i gcónaí le haon tionscnamh chun cheantair eile sa chontae a fheabhsú.”

 

Toghadh an Comhairleoir Cooper, a bhí ina bhall de Fhianna Fáil, ar Chomhairle Contae Fhine Gall den chéad uair in 2019 agus rinne sé ionadaíocht ar Limistéar Toghcháin Áitiúil Bhaile Bhlainséir-Mhullach Eadrad.

Mar chomhartha meas ar an gComhairleoir Cooper nach maireann, tá bratacha ag Halla an Chontae, Sord, agus Oifigí Cathartha, Baile Bhlainséir, á chrochadh ar leathchrann.

 

 

Beidh sochraid an Chomhairleora Cooper ar siúl Dé Sathairn ag a haon a chlog i Séipéal Phádraig, an Chorr Dhubh agus beidh sé príobháideach de réir srianta an Rialtais ar chruinnite poiblí.

 

Is féidir teachtaireachtaí comhbhróin a chur ar www.rip.iewww.cunninghamsfuneral.com