Tionscadail Bhaile Átha Cliath aibhsithe sa leabhrán nua ag ceiliúradh 25 bliain d’obair Oifigeach Oidhreachta

Tá foilseachán speisialta de chuid na Comhairle Oidhreachta le scéalta ó oifigigh oidhreachta i ngach contae á sheoladh inniu chun 25 bliain ó bunaíodh Líonra na nOifigeach Oidhreachta a chomóradh.

25 years heritage officer network

Is féidir an foilseachán a léamh ina iomlán ar shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta anseo:

https://www.heritagecouncil.ie/content/files/Opening-the-Door-to-Irelands-Heritage.pdf

 

Tá foilseachán speisialta de chuid na Comhairle Oidhreachta le scéalta ó oifigigh oidhreachta i ngach contae á sheoladh inniu chun 25 bliain ó bunaíodh Líonra na nOifigeach Oidhreachta a chomóradh. Sonraíonn an leabhrán, ‘Ag Oscailt an Dorais d’Oidhreacht na hÉireann’ príomhthionscadal oidhreachta amháin ó gach údarás áitiúil le trí bliana anuas a léiríonn le chéile an rannchuidiú ollmhór atá déanta ag an Líonra do chaomhnú ár n-oidhreachta le cúig bliana is fiche anuas.

Tá ceithre thionscadal bunaithe i mBaile Átha Cliath sa leabhrán, lena n-áirítear an tionscadal ‘Tochailt Dhroim Meánach’ a dhíríonn ar thochailt phobalbhunaithe ar cheann tíre i bhFine Gall, i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath áit a bhfuil fianaise fhairsing ar theagmháil le saol na Róimhe aimsithe. Chuir na torthaí go mór lenár n-eolas ar Iarannaois na hÉireann agus stair na Róimhe.'

Picture2Digging Drumanagh.jpg

Idir an dá linn, tugadh beocht do thuamaí meigiliteacha, créfoirt réamhstairiúla, séipéil luath-mheánaoiseacha agus caisleáin trasna Shléibhte Bhaile Átha Cliath trí thionscadal Seandálaíochta Pobail Shléibhte Bhaile Átha Cliath. D’fhorbair an tionscnamh seo siúlóidí treoraithe, cainteanna pobail, forbairt conair seandálaíochta le comharthaíocht, agus cruthú ábhar léirmhínitheach leis an aidhm rannpháirtíocht a mhéadú leis an acmhainn oidhreachta seo nach bhfuil chomh clúiteach ar leac an dorais sa phríomhchathair.

Is sraith cheannródaíoch trí imleabhar de leabhair staire ailtireachta é an tionscadal ‘Níos Mó Ná Bloic Choincréite’ a choimisiúnaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, atá maisithe agus scríofa go saibhir don léitheoir ginearálta. Féachann an tsraith ar an gcathair mar áit srathaithe agus casta. Déanann sé naisc idir foirgnimh Bhaile Átha Cliath agus stair pholaitiúil, shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath.

Ar deireadh, rinneadh athshamhlú agus athchruthú ar cheann de na foirgnimh is aitheanta agus is stairiúla i mBaile Átha Cliath Theas, Cloigtheach Chluain Dolcain, mar thúr lása cróise i dtionscadal nuálaíoch ar a dtugtar ‘An Túr a Shnáithiú’. Bhí sé mar aidhm ag an tionscadal seo ceardaíocht lása cróise a athbheochan agus a spreagadh i bpobal áitiúil Chluain Dolcáin, a bhí tráth ina lárionad tionscal teachín ag soláthar lása don dearthóir faisin Éireannach Sybil Connolly sna 1950idí agus 1960idí.

I gcomhpháirtíocht idir an Chomhairle Oidhreachta agus údaráis áitiúla, ceapadh na chéad oifigigh oidhreachta i 1999 i gCiarraí, i Sligeach agus i nGaillimh agus é mar aidhm aige feasacht a mhéadú ar cheisteanna oidhreachta laistigh den údarás áitiúil agus i measc pobail áitiúla. Ó shin i leith, tá an líonra oifigeach oidhreachta comhchiallach le cosaint agus cur chun cinn oidhreacht na hÉireann agus don chéad uair i 2021, bhí duine éigin ceaptha ag gach údarás áitiúil sa tír don ról. 

Cé go leagtar béim ar an obair thábhachtach a dhéanann siad, tugann na scéalta san fhoilseachán léargas lom ar cad a d’fhéadfadh a bheith caillte murab amhlaidh do na hoifigigh oidhreachta. Seans go mbeadh Clog Mangan i gcroílár chathair Chorcaí imithe i léig. Seans gur fágadh tréigthe na foirgnimh is stairiúla i mBaile Sonnáin nó i Lios Tuathail agus gur ligeadh dóibh tit as a chéile. B’fhéidir go mbeadh an trá nádúrtha agus na gnáthóga dumhcha feadh chósta Chill Mhantáin tar éis éirí díghrádaithe go neamh-inchúlghairthe agus b’fhéidir go mbeadh an cheardaíocht ar bhallaí cloiche shingil ar Inis Oírr imithe i léig.

Is féidir an foilseachán a léamh ina iomlán ar shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta anseo:

https://www.heritagecouncil.ie/content/files/Opening-the-Door-to-Irelands-Heritage.pdf

Tá tuilleadh eolais faoi Líonra na nOifigeach Oidhreachta ar fáil anseo:

https://www.heritagecouncil.ie/our-work-with-others/county-heritage-officers

 

Ag labhairt di ar sheoladh an leabhráin, dúirt Amanda Pedlow, Cathaoirleach Líonra na nOifigeach Oidhreachta:

“Is cúis mhór sásaimh é tionchar Líonra na nOifigeach Oidhreachta maidir le múnlú ár gcur chuige i leith caomhnú agus cosaint na hoidhreachta a fheiceáil doiciméadaithe san fhoilseachán seo. Cé go n-oibrímid mar dhaoine aonair ag leibhéal údaráis áitiúil, is léir ó na leathanaigh seo go bhfuil fíor-neart an Líonra sa chomhthiomsú. Ní chuimsítear sna scéalta seo ach léargas ar thionscadail a críochnaíodh le déanaí ó oifigigh oidhreachta reatha, mar sin nuair a chuirimid na céadta tionscadal san am a chuaigh thart a críochnaíodh ó 1999 i leith, dírítear ar an tionchar ollmhór a bhí ag Clár Oifigeach Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil.”

 

Dúirt Martina Moloney, cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta:

“Ba mhór an pléisiúr dom a bheith ag obair go forleathan lenár nOifigigh Oidhreachta le blianta fada anuas agus bíonn iontas orm i gcónaí le héagsúlacht a gcuid oibre atá léirithe go sármhaith san fhoilseachán álainn seo. Ní hamháin go gcuireann siad comhairle, treoir agus faisnéis ar fáil ar gach gné den oidhreacht, ach faigheann siad maoiniú freisin, déanann siad taighde, bailíonn siad sonraí, agus forbraíonn agus stiúrann siad an iliomad tionscadal a mbíonn tionchar an-mhór acu agus a mbíonn an-tarraingt orthu. Trí fheasacht a mhéadú go háitiúil, spreagann Oifigigh Oidhreachta pobail chun luach agus úinéireacht a ghlacadh ar a n-oidhreacht áitiúil thábhachtach de gach cineál. Is é an rud a bhaineann lena gcuid oibre, i ndeireadh na dála, ná go n-osclaíonn sé an doras dár n-oidhreacht do dhaoine ar fud na hÉireann agus níos faide ó bhaile, ionas gur féidir le gach duine taitneamh a bhaint as agus meas a bheith acu air.”

D’fhreastail John Mulholland, Cathaoirleach Choiste Forbartha Tuaithe, Pobail, Cultúir agus Oidhreachta (FTPCO) CBCC ar an seoladh freisin, agus dúirt sé:

“Is é an rud a sheas amach i gcónaí dom faoi Líonra na nOifigeach Oidhreachta ná an raon agus an líon daoine aonair, grúpaí agus maoinitheoirí a bhfuil baint acu leis na tionscadail a dtugann siad fúthu. Tá sé an-deacair raon chomh héagsúil de pháirtithe leasmhara a choinneáil ag canadh den bhileog iomann céanna agus ag déanamh an jab. Is é seo obair chiúin ach dhícheallach na nOifigeach Oidhreachta i mbun na himeartha, agus tá muid fíor-bhuíoch dóibh. Thar ceann an CBCC, molaim iad as a dtiomantas.”

DoB with Christine Baker 25 yrs Heritage Network.jpg