Tionscadail Fhine Gall ar an ngearrliosta ag Gradaim Phobail agus Chomhairle Uile-Éireann na bliana seo

St Ita's wetland in Portrane has been restored

Ainmníodh an líon is airde riamh de thionscnaimh Chomhairle Contae Fhine Gall i ngach ceann de na catagóirí ag CCÚÁ 2025, a bheidh ar siúl i gCorcaigh ar an 22ú Feabhra.

Is iad na 14 ainmniúchán d’Fhine Gall toradh na hoibre a rinne an Chomhairle i gcomhar le grúpaí pobail agus gnólachtaí sa chontae, agus léiríonnn siad an infheistíocht leanúnach atá á cur i seirbhísí áitiúla agus i dtionscadail oidhreachta.

Anois ina náoú mbliain déag, tugann Gradaim Phobail agus Chomhairle Uile-Éireann, arna mbronnadh ag IPB Insurance agus CCÚÁ (Cumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil), aitheantas agus ómós do na bealaí ina n-oibríonn pobail agus comhairlí le chéile chun cabhrú le saolta daoine a fheabhsú.

I mbliana, d’ainmnigh 31 údarás áitiúil ar fud na hÉireann 311 tionscadal, an líon is airde riamh, sna catagóirí gradaim atá le buachan. Ina measc seo tá tionscnaimh a chlúdaíonn An Pobal, Forbairt Eacnamaíoch, Saoráid/Bonneagar, Comhoibriú agus Ceannaireacht, An Timpeallacht, agus Foriomlán.

Mar iomaitheoirí sa bhabhta ceannais in ilchatagóirí, tá Comhairle Contae Fhine Gall san iomaíocht freisin do Chomhairle na Bliana 2025.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh: “Tá fíoráthas orm go leanann Gradaim CCÚÁ le haitheantas a thabhairt do dhíograis fhoireann Fhine Gall agus don tacaíocht thar a bheith luachmhar a fhaigheann siad ónár bpobail áitiúla chun fíordhifríocht a dhéanamh ar fud an chontae. Táim bródúil ach go háirithe go bhfuil ár n-iarrachtaí comhshaoil ag fáil aitheantais náisiúnta, agus tá sé go hiontach a fheiceáil go bhfuil John Coleman ag fáil aitheantais as a chuid oibre deonach neamhleithleach.”

Mayor on  eCargo Bike

I measc ainmniúcháin Fhine Gall tá:

An Tionscadal Inbhuanaithe Glas is Fearr

  • Rothair Leictreacha Lastais Fhine Gall
  • Ullórd Oscailte na Sceirí

An Tionscadal Meabhairshláinte Is Fearr

An Léarscáil Áiteanna agus Spásanna Iontacha

Oibrí Pobail Deonach na Bliana

John Coleman

An Micreaghnólacht Nuathionscanta Is Fearr

PRM Assist

Athghniniúnt Tithíochta agus Pleanáil Uirbeach Is Fearr

Ascaill Phort Reachrann

Conair/Uiscebhealach Is Fearr in Éirinn

Bóthar Anraí Mhic Raghnaill

An Tionscadal Is Cuimsithí

Leabharlann Tearmainn Bhaile Brigín

An Chumarsáid Is Fearr

NEST (Draíocht)

An Tionscadal CSR Is Fearr sa Phobal

  • Déanta i Sord
  • Tionscadal EcoCore

An Tionscadal Comhshaoil/Éiceolaíochta Is Fearr

  • Feabhsuithe bithéagsúlachta ar bhogach Íde, Port Reachrann
  • Clár Fonn a Bheith Glas

Comhairle na Bliana

Comhairle Contae Fhine Gall

 

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Léiríonn na 14 ainmniúchán seo atá ar an ngearrliosta scála thionscnaimh Fhine Gall i réimsí a chuimsíonn inbhuanaitheacht, forbairt eacnamaíoch, agus feabhsú an bhonneagair. Tugaimid faoin obair seo le tacaíocht ó ghrúpaí pobail, agus is a bhuíoch leis an gcomhoibriú dearfach seo atáimid in ann tairbhí suntasacha a chur ar fáil do mhuintir Fhine Gall. Guím gach rath ar gach duine ag Gradaim na míosa seo chugainn.”