Tionscnaimh Straitéis Scileanna Fhine Gall – Suirbhé Scileanna Tógála 2022

Mar chuid de chur chun feidhme Straitéis Scileanna Fhine Gall, rinneadh suirbhé ar chuideachtaí tógála sa chontae chun eolas a bhailiú faoi riachtanais oiliúna agus uasoiliúna na hearnála in 2022.

Image of Construction Sub Group Meeting-Fingal Skills Strategy

Mar chuid de chur chun feidhme Straitéis Scileanna Fhine Gall, rinneadh suirbhé ar chuideachtaí tógála sa chontae chun eolas a bhailiú faoi riachtanais oiliúna agus uasoiliúna na hearnála in 2022.

Tarraingíonn an suirbhé seo ar scileanna tógála aird ar riachtanais oiliúna na gcuideachtaí áitiúla sa chontae, agus leagtar béim ar leith ar scileanna bainistíochta tionscadal, sláinte agus sábháilteacht, samhaltú faisnéise tógála agus rialacháin rialaithe tógála. 

Pléadh torthaí an tsuirbhé ag cruinniú Fho-ghrúpa Tógála Straitéis Scileanna Fhine Gall an tseachtain seo caite agus pléadh conas is féidir le páirtithe leasmhara comhoibriú lena chéile chun freastal ar riachtanais oiliúna na hearnála i láthair na huaire agus amach anseo. Leanfaidh Grúpa Straitéis Scileanna Fhine Gall le cumarsáid idir leasanna earnálacha agus soláthraithe oideachais a éascú ar mhaithe leis na cuspóirí atá sonraithe i Straitéis Scileanna Fhine Gall a chomhlíonadh.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, “Cúis áthais dom go bhfuil fostóirí na hearnála tógála a chomhlánaigh an suirbhé agus gníomhaireachtaí oiliúna agus oideachais a chaith am agus dua chun aidhmeanna na straitéise scileanna a fhorbairt, sásta a bheith ag obair le chéile agus ag plé cúrsaí lena chéile. Tá mé ag súil go leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh ag feidhmiú mar éascaitheoir le páirtithe leasmhara a bhfuil dearcadh dóchasach acu.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Cathaoirleach Choiste Bheartas Straitéiseach na Forbartha Geilleagraí Fhine Gall, an Comhairleoir Tony Murphy, “Ghlac fostóirí na hearnála tógála páirt go fonnmhar sa suirbhé. Tá anailís á déanamh ag an gComhairle agus ag na soláthraithe oideachais ar thorthaí an tsuirbhé agus é mar aidhm acu riachtanais na hearnála tógála a thuiscint agus freagairt go héifeachtach dóibh. Tá torthaí dearfacha don tionscal agus do na soláthraithe oideachais mar thoradh ar an gcomhoibriú idir páirtithe leasmhara i ndáil le cur chun feidhme Straitéis Scileanna Fhine Gall. Tá ról lárnach ag an gcomhoibriú seo sna hiarrachtaí dul i ngleic le bearnaí scileanna atá sa chontae faoi láthair agus a bheidh sa chontae amach anseo agus i gcinntiú go mbeidh ar chumas Fhine Gall infheistíocht a mhealladh agus poist a sholáthar do dhaonra atá ag fás.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Siobhan Kinsella, Cathaoirleach Straitéis Scileanna Fhine Gall, “Seo an chúis a bhí le Straitéis Scileanna Fhine Gall a fhorbairt, cur ar chumas soláthraithe oideachais freagairt do riachtanais fostóirí áitiúla, agus cabhrú le tuilleadh deiseanna fostaíochta ábhartha a chruthú. Cúis áthais dom go bhfuil fostóirí áitiúla ag glacadh páirte ann agus mholfainn do dhaoine eile a bheith páirteach san obair seo freisin.”