Todhchaí na hEorpa Chun Tosaigh ag Baile Bhlainséir

The Future of Europe comes under the spotlight at Blanchardstown

Tionóladh sraith de dhíospóireachtaí stuama i Leabharlann Bhaile Bhlainséir nuair a d’óstáil European Direct trí imeacht “Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa” a bhfuil sé mar aidhm acu léargas áitiúil a fháil ar na dúshláin agus na deiseanna atá ann faoi láthair ar fud na hEorpa agus muintir Fhine Gall a spreagadh chun a gcuid smaointe a roinnt ar cad a d’fhéadfaí a dhéanamh chun cuidiú le todhchaí comhchoiteann a mhúnlú.  

Pléadh réimse cuimsitheach ábhar le linn na seisiún, agus moladh smaointe le linn na n-imeachtaí a cuireadh faoi bhráid láithreán gréasáin tiomnaithe ina mbailítear léargas eile ó gach cearn den Aontas Eorpach (AE).

Cuireadh tús leis na himeachtaí le seisiún dírithe ar Óige agus Oideachas, le baill ó Chomhairle na nÓg ag seomra Chomhairle Contae Fhine Gall i Sord. Scrúdaigh an lucht freastail beartas oideachais ag leibhéal an AE agus phléigh siad na rudaí a d’athróidis, cad a d’fhéadfaí a fheabhsú agus na moltaí a dhéanfaidis do chinnteoirí.

Ina dhiaidh sin bhí seisiún géarchúiseach ar Imirce agus Imeascadh, a tionóladh le baill d’Fhóram Imeasctha Fhine Gall, Líonra Eitneach Fhine Gall agus le rannpháirtithe atá lonnaithe sa Liobáin, sa Ghearmáin agus san Afganastáin. Phléigh an grúpa an bealach is fearr a thabharfaí tacaíocht d’imircigh chun cur le sochaí na hEorpa agus conas ab fhearr a d’fhéadfadh an AE cuidiú le himeascadh rathúil imirceach a chothú.

Faoi dheireadh, reáchtáladh seisiún ar líne leis an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O'Gorman TD, le díospóireacht ar an ábhar Míchumas agus Dífhostaíocht. D’fhreastail baill Ionad um Maireachtáil Neamhspleách Bhaile Bhlainséir chomh maith le roinnt gníomhaí míchumais ar an gcruinniú faisnéise agus comhairliúchán.

Le linn an chruinnithe, thug rannpháirtithe a dtuairimí faoin gcaoi a bhféadfadh an AE tacú le hearcú daoine faoi mhíchumas san ionad oibre agus mhol siad smaointe faoi na rudaí a d’fhéadfadh an AE a dhéanamh chun é a dhéanamh níos éasca do dhaoine faoi mhíchumas imeascadh agus fanacht san ionad oibre.

Dúirt Oifigeach Imeasctha Fhine Gall Valerie McAllorum Byrne: “Is éard atá i gceist le himeascadh ná idirghníomhú le daoine eile, tuiscint agus meas idir cultúir i bpobal, áit a chuirtear ar chumas gach cónaitheoir páirt iomlán a ghlacadh ina bpobail agus cur leo, is cuma cén náisiúnacht, eitneacht, creideamh nó cúlra cultúrtha atá acu.”

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa: https://futureu.europa.eu/