Tógáil Ionad Pobail Bhaile Dúill ar siúl

The Mayor of Fingal, Cllr Adrian Henchy (centre), was joined by all the members of the Howth Malahide Area Committee for the Baldoyle Community Centre sod-turning. They were (from left): Cllr Jimmy Guerin, Cllr Joan Hopkins, Cllr Brian McDonagh, Cllr Eoghan O’Brien, Cllr Aoibhinn Tormey, Cllr Anthony Lavin and Cllr David Healy.

Construction of Baldoyle Community Centre under way video

Rinne Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, in éineacht le Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, agus Stiúrthóir na Tithíochta agus Forbairt an Phobail, Paul Carroll, an searmanas ag suíomh an ionaid nua i bPáirc an Ráschúrsa.

Rinneadh an foirgneamh iontach ciorclach nua a dhearadh ag Foireann Deartha Imeasctha faoi cheannas Henchion Reuter Architects agus lena áiríodh Innealtóirí Roughan O’Donovan, Comhluadar Matt O’Mahoney, Suirbhéirí Cainníochta Comhluadar Walsh agus Ailtirí Tírdhreacha Dermot Foley.

Bainfidh costas €10 milliún leis an ionad nua agus tá sé á lánmhaoiniú ag Comhairle Contae Fhine Gall trí na Rannóg Forbairt an Pobail agus na bPáirceanna agus Rannóg an Bhonneagair Ghlais aici. Ceaptar go dtógfar 18 mí lená chur i gcrích agus tá sé á thógáil ag Vision Contracting atá ag druidim faoi láthair le críochnú Ionad Pobail Bhaile Mhaidheac i mBaile Átha Cliath 11 .

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy: “Cuireann sé an-áthas orm go bhfuilimid ag cur tús le céim thógála den áis iontach seo a dhéanfaidh freastal ar raon leathan gníomhaíochtaí an phobail, an áineasa, an oideachais agus an spóirt sa cheantar. D’oibrigh comhairleoirí ceantair na háite i gcomhar leis an bpobal agus leis an gComhairle chun an tionscadal seo a thabhairt ar an tsuíomh agus tá gach éinne ag tnúth go mór lena sheachadadh.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Is baile ag teacht chun cinn é Baile Dúill a bhfuil fás suntasach tar éis teacht ar an daonra aige ón mbliain 2006. Léiríonn an tionscadal seo an dúthracht againne maidir le saol na gcónaitheoirí i mBaile Dúill faoi láthair agus amach anseo a fheabhsú. Creidimid go bhfreastalóidh an t-ionad pobail seo, nuair a bheidh sé críochnaithe, go tapa mar mhol na ngníomhaíochtaí agus na sheirbhísí le haghaidh gach éinne i ngach aois agus ar gach cumas.”

Nuair a bheidh sé i ndiaidh tógála, tabharfaidh Ionad Pobail Bhaile Dúill tús áite don inbhuanaitheacht agus don inrochtaineacht le beidh díon glas agus gairdín báistí ann chun an bhithéagsúlacht agus an éiceolaíocht a chur chun cinn. Laghdóidh an dearadh ciorclach aige aon chur isteach amhairc ar an gceantar mórthimpeall agus beidh go leor spásanna páirceáil rothar ann chun úsáid an iompair inbhuanaithe a spreagadh. Cuirfear páirceáil inrochtana agus pointí luchtaithe feithiclí leictreacha ar fáil ann freisin.

Beidh trí chúirt ann sa lárionad spóirt agus beidh ceithre sheomra pobail ilfheidhme ar fáil sa choimpléasc ina iomlán chomh maith le seomraí spóirt le rochtain sheachtrach orthu lená n-úsáid ag clubanna spóirt ar nós CP Baldoyle United, Club CLG Na Dubh Ghall agus Club Rugbaí Suttonians a mbaineann úsáid as na páirceanna imeartha i bPáirc an Ráschúrsa.
 

 

The Mayor of Fingal, Cllr Adrian Henchy, was joined by the Chief Executive of Fingal County Council, AnnMarie Farrelly, and the Director of Housing and Community Development, Paul Carroll, for the official sod-turning for the new Baldoyle Community Centre.