Toghadh an Mhéara nua, a gheallann ré nua maidir le tógáil an phobail inbhuanaithe

New Mayor of Fingal, Cllr Adrien Henchy with Deputy Mayor Grainne Maguire

Tá ceannaire nua ag Fine Gall tar éis an Comhairleoir Adrian Henchy (Fianna Fáil) a toghadh ag a chuid comhchomhairleoirí inniu le bheith ar an 18ú Méara ar an gcontae. As Port Reachrann ó dhúchas é agus ina ionadaí do thoghcheantar An Ros-Lusca, toghadh ar dtús é mar Chomhairleoir Fhine Gall sa bhliain 2014.

Idir an ról atá aige mar Chomhairleoir go dtí an bhaint aige le mórán tionscnamh áitiúil, bíonn an Mhéara Henchy dírithe i gcónaí ar éagsúlacht dhearfach a dhéanamh i saol iad siúd ar a bhfuil sé ag freastal. Gairmí sláinte díograsach é a bhfuil dúil mhór aige sa tseirbhís phoiblí, dúirt sé go bhfuil sé réidh le ré nua tabhairt isteach i gceannaireacht an dul chun cinn, na comhoibre agus na nuálaíochta don Chontae. Tagann Henchy i gcomharbacht ar an gComhairleoir Howard Mahony, a thug slabhraí na hoifige ar láimh ag CCB an lae inniu.

Agus an ról mar Mhéara á fháil aige, d’ainmnigh an Comhairleoir Eoghan O’Brien (FF) an Comhairleoir Henchy agus dúirt sé gur mhór an phribhléid agus an onóir dó á ainmniú don phost. Thacaigh an Comhairleoir Brian Dennehy (FF) leis an ainmniúchán.

"Baineann mo thoghadh dom freastal ar an bpost seo an gus asam," a dúirt an Méara Adrian Henchy. “Geallaimse go n-oibreoidh gan stad gan staonadh le haghaidh contae níos láidre, níos cuimsithí agus níos beoga a dhéanamh as Fine Gall. Le tacaíocht an phobail, is féidir linn éachtaí iontacha a bhaint amach le chéile chun cabhrú le Fine Gall teacht faoi bhláth i gcursaí eacnamaíocha, sóisialta agus an chomhshaoil. Is mian linn díriú ar thuilleadh tithíochta a chur ar fáil, ní hamháin mar fhoirgnimh féin ach a chinntiú go bhfuil pobail inbhuanaithe á dtógáil againn mórthimpeall orthu”.

Feidhmeoidh an Comhairleoir Grainne Maguire (Neamhspleách, Baile Brigín) mar Leas-Mhéara Fhine Gall don dara huair. D'ainmnigh an Comhairleoir Tony Murphy (Neamhspleách) í le tacaíoht ón gComhairleoir Karen Power (An Comhaontas Glas). Roimh freastal aici mar Chomhairleoir i mBaile Brigín ón mbliain 2013 i leith, ba chomhalta tofa de chuid  Chomhairle Baile Bhaile Brigín í an Comhairleoir Maguire ón mbliain 2009. Tá taithí fhairsing aici sa rialtas áitiúil agus tá aithne uirthi sa bhaile is óige in Éirinn as an obair a dhéanann sí thar ceann mórán grúpaí éagsúla agus as an bpaisean aici faoi cheisteanna áitiúla.

Ag an CGB, moladh an Méara a bhí ag dul as oifig chomh maith leis an Leas-Mhéara, an Comhairleoir Cathal Boland, as an tseirbhís gan staonadh acu a rinneadar ar leas muintir Fhine Gall le bliain anuas.

Ina urlabhraí láidir thar ceann Bhaile Átha Cliath 15 é, thug an t-iarMhéara, an Comhairleoir Howard Mahony, faoi líon mór gníomhaíochtaí le linn a théarma, ag freastal ar 365 imeacht a raibh baint acu leis an bpobal agus leis an gComhairle i rith na bliana. Chabhraigh sé freisin le Plean Forbartha Fhine Gall (2023-2029) a stiúradh suas go dtí gur tháinig sé i bhfeidhm i mí Aibreáin na bliana seo. Mar chuid dá chuid dhualgais mar chéad shaoránach Fhine Gall, d'fháiltigh an Comhairleoir Mahony Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden nuair a tháinig sé go Baile Átha Cliath.

Fingal Councillors have elected the Chairs of each of the three Area Committees

Chomh maith le toghadh an Mhéara agus an Leas-Mhéara inniu, thogh Comhairleoirí Fhine Gall Cathaoirligh na trí Choiste Ceantair. Díríonn na coistí seo ar sheirbhísí a chur ar fáil go háitiúil dá gcuid cheantar faoi seach, bíodh iad na nithe a mbaineann le bóithre, le bruscar, le háiteanna súgartha, le seirbhísí uisce, le tithíocht nó le leabharlanna. Siad na Cathaoirligh a toghadh le haghaidh na bliana le teacht ná:

  • Baile Brigín/An Rush-Lusca/Sord: An Clr Ian Carey (An Comhaontas Glas)
  • Baile Bhlainséir-Mullach Eadrad/Caisleán Cnuca/Ongar: An Clr  Tom Kitt (Fianna Fáil)
  • Binn Éadair/Mullach Íde: An Clr Eoghan O’Brien (Fianna Fáil)