Tosaíocht á Thabhairt ag Fine Gall don Rochtain ar Lá Géill Slí

Is é an Aoine seo, 22 Meán Fómhair, Lá Náisiúnta Géill Slí in Éirinn. Tagann Lá Géill Slí laistigh de Sheachtain Idirnáisiúnta na nDaoine Bodhra agus de Sheachtain Soghluaisteachta an AE freisin. Tugann gach ceann de na garspriocanna seo an deis dúinn machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a gcuimsímid cearta agus riachtanais iad siúd faoi mhíchumas chomh maith leis an meas a chuirimid orthu.

 

Fingal Prioritise Access For Make Way Day As New Access Officer Appointed

Cuireann sé áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil Cathal Kearney ceaptha mar Oifigeach Rochtana. Téann Cathal le Comhairle Contae Fhine Gall tar éis sé bhliain á chaitheamh aige le Comhairle Contae Loch Garman, a chontae dúchais. D’oibrigh Cathal mar chuid d’Fhoireann Rochtana a rinne ceannródaíocht ar roinnt tionscnamh nua na rochtana agus cuimsithe, lena n-áirítear tionscadal ‘Rannpháirtíocht Nuálaíoch an Phobail’ agus ‘Ardtionscadal Rannpháirtíocht na Rochtana Digiteacha’ arna moladh ag Aire Stáit Anne Rabbitte ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.

 

Arsa Cathal “Tá an-áthas orm roinnt tionscadal a chur ar bun, lena n-áirítear an Straitéis um Chuimsiú an Mhíchumais a ullmhú do Chontae Fhine Gall a dhéanfar a dhearadh le hionchur á fháil ón bpobal sna míonna amach romhainn. Ní mór an rochtain a bheith mar chuid de gach rud atá á dhéanamh againn mar eagraíocht, agus is croílár mo róil ná an an obair atá á dheanamh agam i gcomhar le mo chomhghleacaithe ar gach rud ó sheirbhísí digiteacha go dtí an réimse poiblí.”

 

Dar le Leas-Mhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Grainne Maguire, “Is mór an t-áthas a chuireann sé orm fáilte a chur roimh Cathal mar an Oifigeach Míchumais agus Rochtana againne. Cinnteoidh a chuid oibre go ndéanfar freastal ar gach éinne ata ag brath ar sheirbhísí Chomhairle Contae Fhine Gall ar bhealach a léiríonn an meas againn ar a chuid riachtanas.”

 

Deir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, “Is meabhrúchán bliantúil é Lá Géill Slí nach bhfuil an taithí chéanna ag gach éinne ar na seirbhísí agus ar na spásanna poiblí.  Déanaimid ár ndícheall mar eagraíocht i gcónaí feabhas a chur ar an tseirbhís a chuirimid ar fáil dóibh siúd faoi mhíchumas. Chuireamar an bogearraí Recite-Me isteach ar ár suíomh Gréasáin ionas gur féidir leo siúd a bhfuil lagú amhairc orthu ábhair a léamh os ard dóibh nó cuma ardchodarsnachta a roghnú don suíomh Gréasáin.

Ba cheart dóibh siúd atá ag iarraidh leas a bhaint as an tseirbhís léimh os ard Recite Me ar fingal.ie an cnaipe ‘uirlisí inrochtaineachta’ ('‘accessibility tools’) a roghnú i mbarr ar dheis gach leathanach ghréasáin ar an suíomh.

 

Le haghaidh Lá Géill Slí na bliana 2023 a chomóradh, rinne Cónaidhm Mhíchumais na hÉireann (CMÉ) uirlis ar líne a fhorbairt agus tá na greamáin Make Way Day á n-úsáid arís acu chun aird a tharraingt ar na fadhbanna a chuireann isteach orthu siúd faoi mhíchumas gach lá agus iad ar an tsráid.

 

Beidh an uirlis ar líne ar fáil ag www.makewayday.com Dé hAoine an 22 Meán Fómhair. Dearadh an uirlis ar líne ionas go mbeadh gach éinne in ann suirbhé a dhéanamh ar an gceantar áitiúil acu le haghaidh constaicí a aimsiú agus le fadhbanna a thuairisciú. Tabharfaidh sé an dóibh a gcuid frustrachas a roinnt trí ghrianghraif de na bacainní a chur suas ar na hardáin shóisialta leis an haischlib #MakeWayDay23.