TradFest i bhFine Gall Seolta ag TradFest agus Comhairle Contae Fhine Gall

Tugann féile an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil tíre is mó in Éirinn cuireadh do lucht féachana taithí a fháil ar scoth an cheoil bheo i suíomh álainn atmaisféarach Fhine Gall 22-26 Eanáir 2025.

TradFest 2025 Fingal.jpg

Tugann féile an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil tíre is mó in Éirinn cuireadh do lucht féachana taithí a fháil ar scoth an cheoil bheo i suíomh álainn atmaisféarach Fhine Gall. Ag ceiliúradh an 20 bliain aici i mí Eanáir seo chugainn, beidh TradFest ar siúl i ngach áit agus tú ag dul ó Shléibhte Átha Cliath Theas thar Chathair Bhaile Átha Cliath agus anonn go dtí caisleáin agus cósta stairiúil Fhine Gall.

Ar siúl anois don tríú bliain i bhFine Gall, le breis is 30 ceolchoirm ar fud Fhine Gall, tá an fhéile ag filleadh ar iliomad ina n-onad uathúil agus stairiúil ar fud an réigiúin - Caisleán Mhullach Íde, Séipéal Chaisleán Shoird, Amharclann Bhruach an Mhuilinn, Muileann na Sceirí, Amharclann na Draíochta agus Ionad Ealaíne íocónach Seamus Ennis  - agus lorg an cheoil aici á mhéadú sna hionaid nua bhreise An Uiseag, Caisleán Ard Giolláin, an Abbey Tavern agus Ionad an Phobail Dhomhnach Bat.

Ag taispeáint scoth tallann seanbhunaithe agus ag teacht chun cinn an cheoil, tá an ceiliúradh áthasach seo ar an gcultúr ag athshamhlú agus ag athshainiú ceol na hÉireann agus á thabhairt chuig lucht féachana ar fud Fhine Gall. Áirítear leo siúd a mbeidh ag seinm i bhFine Gall sa bhliain 2025 ná:

  • Karen Casey - The Women we will rise (Éireoimidne na Mná), Jacqui Martin agus Derek Hickey, Tara Breen, Eoghan Ó Ceannabhaín, Mike Hanrahan agus Eleanor Shanley, Luka Bloom, Ines Khai, Molly O'Mahony,
  • Paudie O'Connor agus Aoife Ni Chaoimh, Emma Langford, Stockton's Wing - Voices from Fingal (Glór Fhine Gall),
  • Mick Hanly le Anto Drennan agus Eoin O’Neill, The Henry Girls, Bernadette Nic Gabhann, Frank O'Rourke agus John Feely, Molly Donnery, Brídín, Sorcha Costello, Evelyn Kallansee agus Declan Sinnott

Beidh ceiliúradh ar leith ann freisin ar an aisteoir, cónaitheoir na áite agus pátrún TradFest Stephen Rea. Níl aon amhras ann ná gurbh é Stephen Rea ar dhuine de na pearsana cultúrtha is mó le rá agus is tábhachtaí, ní amháin dá ghlúin féin ach d’aon ghlúin, a tháinig riamh as Éirinn. Tá cáil dhomhanda ar an aisteoir, arna ainmniú le haghaidh Oscar agus a bhfuil ilghradam faighte aige le fada an lá, as na scileanna eisceachtúla aige ar an stáitse agus ar an scáileán. Tá meas ag an iomad daoine ar fud an tionscail air – ag na stiúrthóirí, na gníomhairí páirteanna, na léiritheoirí agus a chuid chomh-aisteoirí – is sa Táin a mheastar a chuid ealaíne, a chuid cheirde agus an mionaird aige. Thar ceithre oíche in Amharclann na hUiseoige, tabharfaidh TradFest Bhaile Brigín ómós do Stephen ó bhéal agus trí cheol. I dteannta Stephen thar an gceithre oíche beidh an file Paul Muldoon agus na ceoltóirí Neil Martin, Louise Mulcahy, Matt Molloy, Maighread Ní Dhomnaill, Paddy Glackin agus Derek Hickey.

Déanfaidh TradFest i bhFine Gall ceiliúradh freisin ar shaol Barney McKenna, ball bunaidh banna ceoil Éireannacha The Dubliners a bhí cónaí air i bhFine Gall. Dar le Stiúrthóir Ealaíne TradFest, Kieran Hanrahan, é féin ina sheinnteoir bainseó, “Is dócha go raibh Barney McKenna ar an duine ar leith is tábhachtaí agus is mó a raibh tionchar aige i seinm an tenor-bhainseó i gceol traidisiúnta na hÉireann. D’athraigh sé an tírdhreach a bhain leis”. Shín tionchar Barney thar i bhfad thar chosta na hÉireann. Bhí cáil idirnáisiúnta air, agus bhí an-ghrá air as a chuid ceoil agus as a chuid amhránaíochta ar fud na hEorpa. Ar feadh dhá lá agus oíche san Abbey Tavern i mBinn Éadair i mí Eanáir na bliana 2025, tabharfaidh TradFest ómós do Bharney trí cheol, trí scéalta agus tríd an gcraic mar aitheantas sár-thuillte do cheoltóir as an ngnáth.

Léireoidh Mike Hanrahan agus Stockton’s Wing ceolchoirm ar leith in Ionad Pobail Dhomhnach Bat agus, ag teacht in éineacht leo ar an státse, beidh Cór Fhine Gall.

Ag labhairt dó ag seoladh an lae inniu, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh ‘Ionad sona cónaithe an chultúir agus na healaíona i gcónaí a bhí i bhFine Gall agus  agus is gné nach mór freastal air é TradFest anois ní amháin i bhféilire imeachtaí muintir na háite ach a meallann na cuairteoirí ó gach aird na hÉireann agus thar lear iniúchadh a dhéanamh ar Fhine Gall chomh maith. Cuireann sé an-áthas orainn a bheith arís mar chuid de TradFest na bliana 2025’.

Chuir Eithna Felten, Leas-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, fáilte roimh TradFest ag filleadh ar an réigiún. ‘Is contae é Fine Gall a bhfuil stair fhada aige, ach is contae óg é freisin, le daonra óg agus éagsúil. Siad spriocanna TradFest ná hiad siúd atá á roinnt againn – an traidisiún a cheiliúradh, fáilte a chur roimh gach éinne ó gach gné den phobal agus ag féachaint ar aghaidh ar an todhchaí.’

Ag teacht lena chuid chuspóirí forbartha maidir le lucht éisteachta, déanfaidh TradFest clár pobail níos fairsinge a sheachadadh níos déanaí i mbliana ina leagfar amach sraith na n-imeachtaí spreagúla pobal-stiúirithe saor in aisce  i bhFine Gall.

Má tá fonn ort ceol beo a éisteacht, nó más ach óiche chultúr agus craic na hÉireann amháin atá á lorg agat, sé TradFest an áit duitse i mí Eanáir na bliana 2025.

TradFest 2025 Launch 1