Trí Ghrúpa as Fhine Gall san iomaíocht do Ghradaim ag Críochchomórtas Bród as an Dúiche an IPB 2022

Beidh críochchomórtas Bród as an Dúiche an IPB 2022 ar siúl i gcathair Bhaile Átha Cliath ag deireadh na seachtaine seo chugainn le trí ghrúpa as Fine Gall, a ghlac páirt anuraidh sa chomórtas bliantúil thuaidh-theas, san iomaíocht arís do dhuaiseanna mar shamplaí den fhorbairt pobail is fearr ar oileán na hÉireann. .

POP Balbriggan Mens Shed

Beidh críochchomórtas Bród as an Dúiche an IPB 2022 ar siúl i gcathair Bhaile Átha Cliath ag deireadh na seachtaine seo chugainn le trí ghrúpa as Fine Gall, a ghlac páirt anuraidh sa chomórtas bliantúil thuaidh-theas, san iomaíocht arís do dhuaiseanna mar shamplaí den fhorbairt pobail is fearr ar oileán na hÉireann. .

Tá Seid na bhFear Bhaile Brigín, Comhairle Pobail an tSeanbhaile agus Ionad Pobail agus Óige Radharc an Chnocáin i mBaile Átha Cliath 15 ag dul thar ceann na Comhairle i dtrí chatagóir éagsúla mar aitheantas ar an obair dearfach atá á dhéanamh acu ar son dá gcuid pobal áitiúil.

Le 20 bliain slánaithe aige anois, is cuid den iarracht é an comórtas, arna eagrú ag Co-operation Ireland (Comhobair na hÉireann), ar chaidreamh feabhsaithe phobail a chothú ar oileán na hÉireann. Tugann Bród as an Dúiche cuireadh do na húdaráis áitiúla in Éirinn, thuaidh agus theas, na grúpaí siúd agus na pobail siúd a n-ainmniú a gcabhraíonn le difríocht a dhéanamh ina gcuid dúichí mar áiteanna le mórtas a bhaint astu.

I mí Mheán Fómhair na bliana seo caite, bhuail na moltóirí le Seid na bhFear Bhaile Brigín a bhí san iomaíocht i gcatagóir nua a léiríonn na gnéithe is fearr maidir le Folláine an Phobail. Idir an dá linn, chuaigh Ionad Pobail agus Óige Radharc an Chnoic thar ceann phobal Radharc an Chnoic i mBaile Átha Cliath 15  i catagóir na gComharsanachtaí Uirbeacha agus ghlac Comhairle Pobail an tSeanbhaile páirt ar son an tsráidbhaile i bhFine Gall Thuaidh i gcatagóir an daonra idir 300 agus 1000 duine.

POP Judges at Oldtown in September

The awards finals will take place in the Clayton Hotel on Saturday, Jan 21st with Mayor of Fingal Cllr Howard Mahony and Chief Executive AnnMarie Farrelly in attendance to support the Fingal groups along with Community Office Staff and Director of Services Robert Burns.

Beidh críochchomórtas na ngradam ar siúl in Óstán Clayton Dé Satharn an 21 Eanáir ina mbeidh Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, agus an Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly, chomh maith le Foireann Oifige Pobail agus Stiúrthóir na Seirbhísí Robert Burns, i láthair chun tacaíocht a thabhairt do na grúpaí as Fine Gall.

Ag labhairt dó roimh an gcríochchomórtas, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, “Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar an trí ghrúpa as Fine Gall atá ghlac páirt á glacadh acu i mBród as an Dúiche ar an oíche agus tá súil agam go bhfeicfidh mé iad ag leanúint ar aghaidh le traidisiún láidir Fhine Gall agus na Comhairle sa chomórtas seo a aithníonn an tábhacht ollmhór a bhaineann le hearnáil an phobail agus leis an earnáil dheonach i saol an chontae”.

Dar le Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Is rí-thábhachtach í obair iontach ár gduid grúpaí deonacha agus an tacaíocht láidir a fhaigheann siad ó Oifig Forbairt an Pobail do leas pobail uile an chontae, agus ba mhaith liom ádh mór a ghuí ar an trí ghrúpa ar an oíche.”

Tá sárscéal ag Comhairle Contae Fhine Gall sa chomórtas seo, tar éis dóibh Gradam Údaráis Áitiúil na Bliana 2017 a bhuachaint agus breis agus 20 duais go ghrúpaí an pobail buaite acu le fiche bliain anuas. Bhuaigh Cumann Pobail Cois Bá an gradam iomlán don Chomharsanacht Uirbeach is Fearr i gcomórtas na bliana 2021 agus bhain An Ros an dara háit i gcatagóir an daonra os cionn 5000 catagóir de chuid Comórtas na m Bailte Slachtmhara.

Craolfar na Gradaim beo ó The Carlton Burlington ag 7pm Dé Sathairn an 21 Eanáir do lucht tacaíochta ar mian leo na gradaim a fheiceáil ar líne ag an nasc seo: https://prideofplace.ie/ - cliceáil ar an gcnaipe a deir ‘watch live’. Ní bheidh an cnaipe féachana gníomhach go dtí 7pm Dé Sathairn an 21ú.

Chun tuilleadh eolais a fháil is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hoifigeach idirchaidrimh na Comhairle, Rafe Costigan ag 087-2203944 nó ag  [email protected]

POP Mountview Community & Youth Centre