Tuarascáil na Sceirí Foilsithe Tar Éis Comhairliúcháin Faoin bPlean Taistil Ghníomhaigh

D'fhoilsigh Comhairle Contae Fhine Gall tuarascáil a léiríonn mionthorthaí an chomhairliúcháin faoi Phlean Taistil Gníomhach na Sceirí. Leagann an plean amach sraith cuspóirí i leith feabhsú  dhéanamh ar an Taisteal Gníomhach sa bhaile.

Tar éis próiseas comhairliúcháin na bliana 2022 inar tugadh cuireadh do chónaitheoirí na Sceirí, don lucht gnó agus do chuairteoirí ar an mbaile insint do Chomhairle Contae Fhine Gall conas a d’fhéadfaí feabhsú a theacht ar an baile as an Taisteal Gníomhach, tá tuarascáil foilsithe anois ar thorthaí an taighde phoiblí sin . Chuaigh an comhairliúchán, an chéad cheann dá leithéid a rinne an Roinn Aeráide, Comhshaoil agus Taistil Ghníomhaigh, i dteagmháil le pobal na háite ag lorg a gcuid smaointe agus a gcuid tuairimí ar an staid at a inniu ann seachas a gcuid fhreagairt a lorg do mholadh ar leith.

Man sitting on cargo bike and people with umbrellas

Duirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, ‘De ghnáth, cuireann an Chomhairle a cuid diansmaointe chun cinn ionas gur féidir leis an bpobal a insint dúinn cad a bhfuil ceart nó mícheart againn iontu mar chabhair dúinn a leithéid a fheabhsú. Sa chás seo, bhain aonad an Taistil Ghníomhaigh triail as cur chuige nua, ag iarraidh orthu diúd daoine leis an tuiscint is fearr acu ar na Sceirí a insint dúinn cad ba mhaith leo agus a theastaíonn uathu, cad a chreideann siad a dhéanfaidh difríocht agus cad a oibreoidh i ndáiríre.’

Arsa Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly ‘Fuaireamar freagra bríomhar ar an gcomhairliúchán oscailte seo, agus cuireadh go leor smaointe chun cinn maidir le feabhas mór a chur ar na Sceirí. Táimid ag tnúth le húsáid a bhaint as an aiseolas tábhachtach seo maidir le tionscadail amach anseo.’

Fuarthas 2,000 moladh ar leith sa chomhairliúchán as os cionn  530 aighneacht agus eagraíonn an tuarascáil an t-aiseolas faoi shraith na  gceannteideal, lena n-áirítear Trasrianta Coisithe, Inrochtaineacht, Páirceáil, Scoileanna, Tosaíocht do Choisithe agus Rothaithe, An Fearann Poiblí, Áiseanna agus mórán eile. Tá an gá aitheanta ag muintir na Sceirí le haghaidh cosáin leanúnacha na rothaíochta agus an tsiúil agus iad ceangailte níos fearr lena chéile, athdhromchlú agus leathnú na gcosán, feabhsuithe ar an tsábháilteacht ar na bóithre, bearta um mhaolú na tráchta ar nós rampaí luais agus trasrianta ardaithe agus mórán réitigh phraiticiúla eile. Tá na moltaí seo agus gach moladh eile á dtagairt i dtuarascáil an chomhairliúcháin ar féidir á léamh ar líne ag https://www.fingal.ie/activetravel/skerries .

Deir David Storey, Stiúrthóir an Chomhshaoil, na Gníomhaithe ar son na hAeráide agus an Taistil Ghníomhaigh go mbainfidh Comhairle Contae Fhine Gall úsáid as torthaí an chomhairliúcháin chun tacar tionscadal a phleanáil. ‘Chuir an comhairliúchán seo flúirse na léargas ar fáil dúinn i leith na Sceirí. Tá roinnt réimsí na riachtanas aitheanta go soiléir ann ar féidir leis an Taisteal Gníomhach aghaidh a thabhairt orthu. Séard atá mar an gcéad chéim eile againn ná dearthóirí a cheapadh ar féidir leo breathnú ar réitigh ar na riachtanais sin agus ansin tionscadail ar leith a thabhairt chun cinn sna míonna amach romhainn. Beimid ag obair le muintir na Sceirí chun an barrfheabhas a chur ar fáil don bhaile ionas gur féidir le gach éinne leas a bhaint as an aistriú chuig siúl agus chuidg an rothaíocht, rud a bhfuil an-tóir air ar an mbaile cheana féin.”

Is staidéar é Plean Taistil Gníomhach na Sceirí a fhéachann le tionscadail a aithint a d’fhéadfadh leas an bhaile a bhaint amach agus clár soiléir a chumadh maidir le conas is féidir na tionscadail sin a chur i gcrích sna blianta amach romhainn, de réir mar a thagann maoiniú ar fáil.

Chomh maith leis na n-oibreacha a dhéanfar amach anseo faoi Phlean Taisteal Gníomhach na Sceirí, leanfaidh an baile ar aghaidh ag baint leasa as mórthionscadail lena n-áirítear tionscadal Glasbhealach Cósta Fhine Gall. Tá Glasbhealach Cósta Fhine Gall á fhorbairt de réir meicníocht ar leith an mhaoinithe  agus bainfidh iarratas pleanála iomlán leis tríd an mBord Pleanála. Sna Sceirí freisin, molfar feabhsúchain i dtionscadal Lúb Bhóthar an Chuain agus an Oileáin Rua atá le teacht ar an gceann scríbe agus ar an radharcphointe seo a rachaidh chun tairbhe cónaitheoirí agus gnólachtaí an bhaile agus na gcuairteóirí air. De réir mar a thagann fás agus forbaitrt ar na Sceirí, is amhlaidh a thiocfaidh a elithéíd ar bhonneagar an Taistil Ghníomhaigh agus an fhearainn poiblí ann.

Deir Comhairle Contae Fhine Gall go ndéanfar fógraí breise nuair a cheapfar dearthóirí do thionscadail na Sceirí.