Tugann Fine Gall rothar leictreach lastais do Thréadaí Gadhar Bhinn Éadair

Goat Herder Image

Thug Comhairle Contae Fhine Gall i gcomhpáirtíocht leis an soláthraí seirbhíse Bleeper, rothar leictreach lastais úrnua do Thréadaí Gadhar Bhinn Éadair, Katie Abel. Cuideoidh an Rothar Leictreach Lastais úrnua seo le soláthairtí riachtanacha a iompar chun freastal ar bhreis is 100 gadhar ar Cheann Bhinn Éadair. Bhí Oifigigh Siúil agus Rothaíochta Fhine Gall, Emma Court agus Stephen McGinn i láthair ag tabhartas oifigiúil an rothair.

Is rothar troitheán ar chumhacht cadhnraí é rothar leictreach lastais. Tá gné earrfhada ag an rothar sonrach seo, atá riachtanach chun bia agus uisce a bhogadh thar réimse tír-raon.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh: “Tá sé go hiontach a bheith anseo ag seachadadh rothar leictreach lastais úrnua chuig ár dtréadaí gadhar i mBinn Éadair. Is céim eile í inár dtiomantas Taisteal Gníomhach a chur i bhfeidhm inár saol laethúil. Is bealach spraoiúil iad rothair leictreacha lastais chun rothaíocht, chomh maith le bheith ina bhealach iontach chun astaíochtaí a laghdú agus do shláinte agus caighdeán na beatha a fheabhsú.

Dúirt David Storey, Stiúrthóir Seirbhísí don Chomhshaol, Gníomhaithe ar son na hAeráide, Taistil Ghníomhaigh agus Spóirt ag Comhairle Contae Fhine Gall: ‘’ Tá an bealach ina bhfuilimid ag bogadh ag athrú agus is bealach inbhuanaithe iompair é rothar leictreach lastais a úsáid. Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag obair go dian chun ár ngréasán Taistil Ghníomhaigh a leathnú ar fud an chontae. Tá an bonneagar rothaíochta á fheabhsú againn i gcónaí, rud a laghdóidh ár spleáchas ar charranna agus a thabharfaidh tús áite do Thaisteal Gníomhach inár bpobail.”

Goat Herder Image

Sa lá atá inniu ann, tá breis is 100 Seanghadhar na hÉireann ina gcónaí ar cheann tíre Bhinn Éadar, i dtionscadal ardbhainistithe atá á stiúradh ag tréadaí nua Chumann Seanghadhar na hÉireann, Katie Abel le tacaíocht ó Fhoireann Bithéagsúlachta Chomhairle Contae Fhine Gall. Tá na gadhair ag obair i roinnt tréad beag, atá suite go straitéiseach timpeall an chinn tíre, áit a bhfuil sé de chúram orthu bearnaí tine agus fásra a bhainistiú a d’fhéadfadh a bheith ina riosca dóiteáin breosla-luchtaithe. Murab ionann agus pórtha nua-aimseartha, is féidir le Seanghadhar na hÉireann fás ar aiste bia foráiste fiáin, agus is fearr leis aiteann agus driseacha, rud a fhágann go bhfuil siad go hiontach le haghaidh innilt chaomhnaithe.

Beidh an rothar leictreach lastais thar a bheith luachmhar do Katie mar go mbainfear úsáid as go laethúil, chun súil a choinneáil ar na tréada éagsúla, chun soláthairtí ríthábhachtacha ar nós uisce, beatha agus leigheas a bhogadh go dtí na suíomhanna féaraigh éagsúla i bhfad níos éasca, agus tá sé inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de freisin.

Tá Cumann Seanghadhar na hÉireann tiomanta do chaomhnú an ainmhí seo atá i mbaol agus tá siad tiomanta a bhfóntas agus a bhfeidhm sa tírdhreach a léiriú. Trí obair an tréada ar Thionscadal Féaraigh Bhinn Éadair, ní hamháin go bhfuil siad ag cabhrú chun an tírdhreach anseo a chaomhnú, ach, dá réir sin, tá an tionscadal ag cabhrú leis an bpór ársa seo atá i mbaol a chaomhnú. 

Dúirt ionadaí ó Chumann Seanghadhar na hÉireann: “Mar ghrúpa comhshaoil táimid i gcónaí ag féachaint ar bhealaí chun ár lorg ar an gcomhshaol a laghdú, agus mar sin tá gliondar croí orainn rothar leictreach eile a chur lenár dtionscadal, agus táimid an-bhuíoch do Chomhairle Contae Fhine Gall agus do Ghníomhú ar son na hAeráide as an rothar lastais a sholáthar dár dtionscadal.”

Is mian le Cumann Seanghadhar na hÉireann agus le Foireann Bithéagsúlachta Fhine Gall, a thacaíonn leis an tionscadal seo, buíochas a ghabháil leis an Roinn Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide, Taistil Ghníomhaigh agus Spóirt as a bhflaithiúlacht maidir leis an rothar leictreach lastais seo a sholáthar.

Goat Herder Image

Bainfidh Katie Abel leas as an rothar leictreach lastais go ceann 12 mhí. Tá an rothar leictreach lastais seo ar léas ag Comhairle Contae Fhine Gall agus is é an comhpháirtí Bleeper a láimhseálfaidh an chothabháil.

Dúirt CEO Bleeper, Hugh Cooney: "Tá fíoráthas ar Bleeper an rothar leictreach lastais uathúil seo a sholáthar do Chomhairle Contae Fhine Gall. Is cinnte go bhfuil sé ar cheann de na cásanna úsáide is neamhghnáthaí do rothar lastais a chonaiceamar go dtí seo, ach bhaineamar taitneamh as ransú smaointe a dhéanamh ar réiteach don tréadaí i mBinn Éadair. Is rothar leictreach lastais earrfhada é "The Yuba Spicy Curry+ a bhfuil toilleadh iomlán ualaigh de 200kg aige. Tá boinn gharbha easbhóthair agus fráma treisithe aige, rud a fhágann go bhfuil sé oiriúnach chun stiúradh ar na cosáin agus conairí mórthimpeall Bhinn Éadair. Soláthaíonn mótar leictreach Bosch Cargo Line torc mórthaibhseach de 85Nm, rud a thugann an chumhacht tarraingthe go léir don tréadaí a bheidh de dhíth chun a soláthairtí (agus gadhar b’fhéidir!) a thabhairt suas agus síos coillte Bhinn Éadair."