Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall ag dul ar aghaidh le huasghrádú mór líonra i gceantar Bhaile Bhlainséir chun forbairt eacnamaíoch a éascú

Tá Uisce Éireann, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Fhine Gall, ag dul ar aghaidh le hoibreacha uasghrádaithe líonra uisce ar Bhóthar Ráth an Chrúisigh i mBaile Bhlainséir.

Fad is atá na hoibreacha riachtanacha seo ar siúl d’fhéadfadh go gcuirfí isteach ar sholáthar uisce custaiméirí ó10rn go dtí 4in ar Déardaoin an 29 Deireadh Fómhair de réir mar a éascaítear nasc nua leis an líonra uisce.

D’fhéadfadh brú uisce íseal agus bristí uisce dul i bhfeidhm ar chustaiméirí sna ceantair seo a leanas fad a dhéantar na hoibreacha; Páirc Ghnó agus Teicneolaíochta an Choláiste; Coláiste agus Campas ITB; Ráth an Chrúisigh agus na ceantair máguaird. Tá na hoibreacha á seachadadh ag Innealtóireacht Shibhialta David Walsh thar ceann Uisce Éireann. Tar éis na hoibreacha a bheith críochnaithe d’fhéadfadh sé 1-2 uair an chloig a thógáil chun gnáthsholáthar uisce a atosú de réir mar a athlíonfaidh uisce an chórais.

Tá ár líne chabhrach cúram custaiméirí oscailte 24/7 ar 1850 278 278 agus is féidir le custaiméirí teagmháil a dhéanamh linn freisin ar Twitter @IWCare le haon cheist. Le haghaidh nuashonruithe tabhair cuairt le do thoil ar an roinn Nuashonruithe ar Sholáthar Uisce ar láithreán gréasáin Uisce Éireann.  

Tá Uisce Éireann ag obair ag an am seo lenár gcomhpháirtithe Údaráis Áitiúil, conraitheoirí agus daoine eile chun sláinte agus folláine na foirne agus an phobail a chosaint agus chun leanúnachas seirbhísí criticiúla uisce óil agus fuíolluisce a chinntiú. Ba mhaith le hUisce Éireann a mheabhrú do dhaoine comhairle FSS COVID-19 a leanúint agus níochán láimhe rialta a chinntiú.