Tá Fine Gall ag ullmhú chun ceiliúradh a dhéanamh ar a Oidhreacht i rith Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta na bliana seo

Drumanagh Archaeological dig

Tá gliondar croí ar Chomhairle Contae Fhine Gall roinnt imeachtaí a fhógairt a thitfidh amach ar fud Fhine Gall i rith Sheachtain na hOidhreachta chun a cheiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht Fhine Gall.  Déanann Seachtain Oidhreachta ceiliúradh ar gach rud a bhaineann leis an oidhreacht agus cuirfear tús leis Dé Sathairn, an 17 Lúnasa agus beidh sé ar siúl go dtí an 25 Lúnasa. Tugann sé pobail agus forais chultúir, acadóirí agus díograiseoirí le chéile, chun feasacht a mhúscailt ar luach na hoidhreachta agus tacú lena caomhnú.

Tá deis eile á cur ar fáil ag Christine Baker, Seandálaí Fhine Gall, chun páirt a ghlacadh i dtochailt seandálaíochta, san Aill, an babhta seo, ó Dé Sathairn, an 17 go dtí Dé hAoine, an 23 Lúnasa (gan an Domhnach a áireamh).  Tá de chuspóir na tochailte seo tús a chur le ceisteanna a fhreagairt faoi ghníomhaíocht ar chúl na reilige san Aill. Tá an tochailte suite idir an Caisleán Dubh agus suíomh na heaglaise meánaoisí agus bheadh sé suite laistigh de chroílár an tsráidbhaile mheánaoisigh. An bhfuil aon fhianaise ón tréimhse seo fós ann? Ar úsáideadh an suíomh mar ghairdín sa 19ú haois? Chun na ceisteanna seo a fhreagairt, teastaíonn uainn go dtagann tú i láthair agus go ndéanann tú tochailt linn.

Bí linn Dé Sathairn, an 17 Lúnasa ag 7pm i dteach tábhairne The Strand Bar, an Ros, i dteannta Abarta Heritage agus Chomhairle Contae Fhine Gall chun éisteacht le Scéalta ó Pháirceanna Fhine Gall. B’fhéidir go bhfaca tú Tionscadal Ainmneacha Páirce Fhine Gall ar Nuacht TG4 agus is féidir leat páirt a ghlacadh go fóill sa tionscadal seo a bhfuil de chuspóir aige ainmneacha páirce agus an oidhreacht ghaolmhar atá inár dtírdhreacha áitiúla a fhiosrú agus a chur i gcuntas. Ag an tráthnóna scéalaíochta seo, inseoimid scéalta faoi pháirceanna ar fud Fhine Gall a bhfuil ceangal acu le ‘Collier the Robber’, Naomh Mobhí agus Oilibhéar Cromail, i measc daoine eile. Tá fáilte roimh dhuine ar bith chun teacht i láthair agus a scéalta féin a insint nó chun díreach éisteacht.

Tiocfaidh Líonra Oidhreachta Fhine Gall, le tacaíocht ó Chomhairle Contae Fhine Gall, le chéile Dé Céadaoin, an 21 Lúnasa ag 8pm in Ionad Paróiste San Sailbheastar, Mullach Íde, chun tráthnóna beoga a chaitheamh i mbun scéalaíochta maidir leis an téama ‘Caitheamh Aimsire i bhFine Gall’.  Tá an t-imeacht seo ar aon dul leis na grúpaí éagsúla Oidhreachta agus Staire a thagann le chéile chun oidhreacht shaibhir Fhine Gall a cheiliúradh agus a chaomhnú.  Seolfaidh Méara Fhine Gall Plean Oidhreachta Fhine Gall, chomh maith, ar an oíche. 

Déanfaidh Bernie Kelly, Oifigeach Gaeilge Fhine Gall agus Berni Marks, Staraí Shoird, cuairt dhátheangach i rith am lóin a chur ar siúl ar Mhúsaem Shoird ar an tSráid Thuaidh. Deis atá ann seo chun cuid de stair an-spéisiúil Shoird a fhoghlaim agus chun do Chúpla Focal a úsáid, chomh maith, ag imeacht Gaeilge i rith Sheachtain na hOidhreachta.

Faoi mar a dhéantar i gcónaí, beidh go leor imeachtaí á gcur ar siúl ag Leabharlanna Fhine Gall do leanaí agus daoine fásta araon, ina measc, ‘Bioscaping’ le hAoife Munn, ceardlann Bheach do Leanaí le hIonad Rediscovery, caint le Christine Baker, Seandálaí Pobail Fhine Gall agus cainteanna Staire agus Ginealais le Declan Brady agus Fiona Fitzsimons.

 Níl sna himeachtaí seo a leanas ach cuid díobh siúd a bheidh ar siúl i bhFine Gall i rith Seachtain na hOidhreachta:

  • Scéalta ó Pháirceanna Fhine Gall – Dé Sathairn, an 17 Lúnasa ag 7pm i dteach tábhairne The Strand Bar, an Ros.
  • Tochailt Pobail na hAille – Dé Sathairn, an 17 go dtí Dé hAoine, an 23 Lúnasa (gan Dé Domhnaigh, an 19 Lúnasa a áireamh) ag 10am-4pm ar chúl na reilige san Aill.
  • Caint  i Leabharlann Bhaile Brigín Déardaoin, an 22 Lúnasa ag 6:45pm:

Seandálaíocht Pobail i bhFine Gall - Christine Baker

  • An Aimsir atá Caite agus Caitheamh Aimsire i bhFine Gall – an 21 Lúnasa ag 8pm in Ionad Paróiste San Sailbheastar, Mullach Íde

Imeachtaí leabharlainne:

  • Bioscaping le hAoife Munn :

Leabharlann Bhinn Éadair: Dé Luain, an 19 Lúnasa ag 6.30-7.30 pm

Leabharlann Dhomhnach Bat: Dé Céadaoin, an 21 Lúnasa ag 6.30-7.30 pm

Leabharlann Shoird: Déardaoin, an 22 Lúnasa ag 6.45-7.45 pm

 

  • Ceardlann Bheach Leanaí le hIonad Rediscovery:

Leabharlann Bhaile Dhúill: Dé Sathairn, an 17 Lúnasa ag 2.30-4 pm 

Leabharlann Bhaile Gháire: Dé Luain, an 19 Lúnasa ag 3-4.30 pm

Leabharlann an Rois: Dé Máirt, an 20 Lúnasa ag 11 am-12.30 pm

Leabharlann Bhaile Brigín: Déardaoin, an 22 Lúnasa ag 3-4.30 pm

 

  • To find my soul a home: Evidence in marriage for Irish family history - Caint faoin nGinealas le Fiona Fitzsimons (Eneclann):

Leabharlann Mhullach Íde: Dé Máirt, an 20 Lúnasa ag 6.30-7.30 pm

 

  • Stair agus Ginealas - ‘You can't have one without the other’ - Caint le Declan Brady (Ionad Stair Theaghlaigh na hÉireann):

Leabharlann Bhaile Bhlainséir: Dé Sathairn, an 24 Lúnasa ag 1.30-3 pm

Imeachtaí eile i Leabharlanna Fhine Gall

  • Baile faiseanta cois farraige - Leabharlann Bhaile Brigín Dé Máirt 20 Lúnasa 6.30pm

 

Foghlaim faoi ionad turasóireachta cáiliúil Bhaile Brigín san am atá caite. Cainteoir David Sorensen Eagraí Grúpa Oidhreachta Bhaile Brigín

 

  • Caitheamh aimsire san am atá caite  Leabharlann Bhaile Bhlainséir Dé Sathairn 24ú Lúnasa 1.30in go 3in

 

Déanann Caint Sheachtain Oidhreachta, Cumann  Staire Bhaile Bhlainséir / Chaisleán Cnucha iniúchadh ar ghníomhaíochtaí áineasa a ghlac daoine páirt iontu roimhe seo. Beidh deis chun plé ginearálta a dhéanamh.

 

Tá go leor de na himeachtaí a thitfidh amach i rith na seachtaine saor in aisce agus leagann siad an bhéim ar an iliomad sároibre atá á déanamh i ngach pobal in Éirinn chun ár n-oidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha a chaomhnú agus a chur chun cinn. Cinntigh go bhfreastalaíonn tú ar imeacht i ngar duit chun ceiliúradh a dhéanamh ar Oidhreacht Fhine Gall.

Tá Bróisiúir faoi Sheachtain na hOidhreachta ar fáil ó do leabharlann áitiúil. Chun teacht ar liosta iomlán de na himeachtaí a thitfidh amach i bhFine Gall agus chun teacht ar bhreis faisnéise, tabhair cuairt, le do thoil, ar https://www.heritageweek.ie/

Críoch

Drumanagh Archaeological Dig

Fingal prepares to celebrate its Heritage during this year’s National Heritage Week

Fingal County Council is delighted to announce a number of events which will take place throughout Fingal during Heritage Week to celebrate Fingal’s heritage.  National Heritage Week celebrates all things Heritage related and will start on Saturday August 17 and will run until August 25. It brings together communities and cultural institutions, academics and enthusiasts, to build awareness about the value of heritage and support its conservation.

Christine Baker, Fingal Community Archaeologist is offering another opportunity to join an archaeological excavation, this time in Naul from Saturday 17th to Friday 23rd (excl Sunday).  This excavation aims to begin to answer questions about activity to the rear of the graveyard in the Naul. Positioned between the Black Castle and the site of the medieval church the site would have been within the core of the medieval village. You can help unlock its secrets.

Join Abarta Heritage and Fingal County Council on Saturday 17th at 7pm in the Strand Bar Rush for Stories from the Fields of Fingal. You may have seen the Fingal Fieldnames Project featured on Nuacht TG4 and you can still get involved with this project which aims to explore and record Fingal fieldnames before they are lost.  At this storytelling evening we will share tales about fields across Fingal linked to Collier the Robber, Saint Mobhi and Oliver Cromwell, amongst others. Anyone is welcome to come along and share their own stories or just listen in.

On Wednesday 21st at 8pm in St. Sylvester’s Parish Centre Malahide the Fingal Heritage Network, supported by Fingal County Council, will get together for a lively evening of storytelling around the theme of Pastimes in Fingal.  This event is in the tradition of the various Heritage and Historical groups getting together to celebrate and preserve the rich heritage of Fingal.  The Fingal Heritage Plan will also be launched on the night by the Mayor of Fingal.  

Bernie Kelly, Fingal Irish Language Officer and Berni Marks, Swords Historian will host a Bi-Lingual lunchtime visit to the Swords Museum on North Street. This is an opportunity to learn some of the fascinating history of Swords and also to use your Cúpla Focal at an Irish Language event during Heritage Week.

As always Fingal Libraries will also be hosting many events for both children and adults, including, Bioscaping with Aoife Munn,  Children’s Bee workshop with the Rediscovery Centre, a talk by Christine Baker Fingal Community Archaeologist and History and Genealogy talks from Declan Brady and Fiona Fitzsimons.

 The following events are just some of those which will take place in Fingal during Heritage Week:

  • Stories from the Fields of Fingal – Saturday 17th at 7pm in the Strand Bar Rush.
  • Naul Community dig – Saturday 17th to Friday 23rd (excluding Sunday 19th) 10am-4pm at the rear of the graveyard in the Naul.
  • Heritage Week talk in Balbriggan Library on Thursday 22nd at 6:45pm:

Community Archaeology in Fingal - Christine Baker

  • Past Times and Pastimes in Fingal – August 21st at 8pm in St. Sylvester’s Parish centre Malahide

Library events:

  • Bioscaping with Aoife Munn :

Howth Library: Monday 19th at 6.30 – 7.30 pm

Donabate Library: Wednesday 21st at 6.30 – 7.30 pm

Swords Library: Thursday 22nd at 6.45 – 7.45 pm

 

  • Children’s Bee workshop with the Rediscovery Centre:

Baldoyle Library: Saturday 17th at 2.30- 4 pm 

Garristown Library: Monday 19th at 3 – 4.30 pm

Rush Library: Tuesday 20th at 11 am – 12.30 pm

Balbriggan Library: Thursday 22nd at 3 – 4.30 pm

 

  • To find my soul a home: Evidence in marriage for Irish family history - Genealogy Talk from Fiona Fitzsimons (Eneclann):

Malahide Library: Tuesday 20th at 6.30 – 7.30 pm

 

  • History & Genealogy - You can't have one without the other - Talk from Declan Brady (Irish Family History Centre):

Blanchardstown Library: Saturday 24th at 1.30 – 3 pm

Other events in Fingal Libraries

Fashionable Seaside Town - Balbriggan  Balbriggan Library Tuesday Aug 20th 6.30pm

Learn about the one-time illustrious tourist resort of Balbriggan. Since the 1760s, Balbriggan had been a well-known seaside town. Speaker David Sorensen Organisor Balbriggan Heritage Group

Past Times and Pastimes Blanchardstown Library Saturday Aug 24th 1.30pm to 3pm

This Blanchardstown/ Castleknock History Society Talk explores recreational activities people took part in in the past, it has a lot of scope for general discussion.

Many of the events that take place during the week are free and highlight the abundance of great work that is carried out in all communities in Ireland to preserve and promote our natural, built and cultural heritage. Make sure to come along to an event near you to celebrate Fingal's Heritage.

Heritage Week Brochures are available from your local Library. For a full list of events taking place in Fingal and more information please visit https://www.heritageweek.ie/

Ends

For further information contact  [email protected]  

 

National Heritage week