Fógra sealadach ‘Ná Snámh’ eisithe don Trá Mhín, Port Mearnóg

Tabhair faoi deara go bhfuil Fógra Toirmisc shealadach “Ná Snámh” crochta ag Port Trá Mhín ar feadh 72 uair an chloig mar gheall ar iarmhairtí féideartha ar  cháilíocht an uisce a d’fhéadfadh a bheith ag an ró-shreabhadh uisce stoirme ag an stáisiún caidéalaithe. Ba é an chúis is dóichí a bhí leis ná an bháisteach throm a bhí sa cheantar.  

do not swim

Tá tuilleadh tástála ar siúl amárach, an 18 Meitheamh 2020 agus beidh torthaí na hanailíse saotharlainne ar fáil Dé Sathairn an 20 Meitheamh 2020.

Tá samplaí uisce snámha á dtógáil gach coicís ag an Trá Mhín ó cuireadh tús le séasúr snámha an tsamhraidh agus bhí caighdeán “Sármhaith” ag an uisce i ngach tástáil.

Tá an Trá Mhín, Port Mearnóg fós oscailte ach iarrtar ar úsáideoirí na trá cloí leis an bhfógra ‘Ná Snámh’ toisc gur cuireadh i bhfeidhm é lena chinntiú nach gcuirtear sláinte na snámhaithe i gcontúirt.

Is féidir le baill an phobail cáilíocht uisce a sheiceáil ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn roimh ré trí rochtain a fháil ar shuíomh Gréasáin an EPA ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí a sheiceáil ag an mbealach isteach de gach trá.