Ag Siúl na Madraí i bhFine Gall

Dogs

Cuireann ár gcuid Pháirceanna agus ár gcuid Spásanna Oscailte limistéir iontacha ar fáil le haghaidh siúl na madraí i bhFine Gall ach cuimhnigh nach mór gach madra a choinneáil faoi smacht éifeachtach nó ar iall agus é in aon áit phoiblí cibé acu sráid, bóthar, trá nó páirc phoiblí srl iad.

Féach ar ár leathanach ar leith maidir le Madraí le haghaidh tuilleadh faisnéise a fháil i leith Ceadúnais, Madraí ar Strae, srl

 

Dogs Areas Times

Cén áit agus cén uair is féidir liom siúl le mo mhadra

Féach ar na naisc leisAn Acht um Rialú Madraí, 1986,agus leis An Acht um Rialú Madraí (Leasú), 1992.

Tugann an tseirbhís Maor Madraí aire d'fhorfheidhmiú na hAchtanna um Rialú Madraí

Páirceanna

Ní mór gach madra a bheith faoi iall agus é in aon Pháirc Réigiúnach de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall ach amháin má tá limistéar eisceachta ar leith ar fáil. Féach ar Fhodhlíthe Pháirceanna Fhine Gall agus ar léarscáileanna na limistéar eisceachta le feiceáil i d Treoir an Úsáideora ar Fhodhlíthe na bPáirceanna 

Tránna

Tá na rialacha maidir le hainmhithe, lena n-áirítear madraí, ar ár dtránna le fáil i bhFodhlíthe na dTránna agus Imeall na dTránna  againne.

Cuimhnigh go bhfuil rialacha éagsúla i bhfeidhm ar ár dTránna Brat Gorm ag amanna faoi leith le linn séasúr an tsnámha - féach ar an mioneolas faoi  Shrianta ar Mhadraí ar Thránna Brat Gorm le linn séasúr an tsnámha

 

Póir Srianta

Caithfidh pórtha áirithe a bheith i gcónaí ar eite ghearr, láidir, faoi bhinne agus duine os cionn 16 bliana d’aois a bheith in éineacht leis in áit phoiblí. Ina measc seo tá: Tarbh-bhrocaire Meiriceánach, Tarbh-mhaistín, Pinscher Doberman, Tarbh-bhrocaire Sasanach, Sípéir Gearmánach, Aicíte Seapánach, Tosa Seapánach, Driom-mhullaigh Róidéiseach, Rottweiler, Tarbh-bhrocaire Staffordshire agus gach brú nó cros eile de na pórtha thuasluaite. 

Achoimre na rialachán um rialú na madraí, 1998 I.R. Uimh. 442/1998: 

Ní ligfidh éinne madra póir srianta (nó fo-phóir ná traschineálacha díobh) a bheith in áit phoiblí muna bhfuil a leithéid madra:

  • Á threorú ag iall láidir gearr nach faide ná 1 mhéadar, ag duine os cionn 16 bliana d'aois atá in ann an madra a rialú.
  • Faoi bhéalóg dhaingean
  • Ag caitheamh collar ar a bhfuil ainm agus seoladh an úinéara.
Control of Dogs Restriced Breeds Bilingual.jpg

Tá an 10 bpór madraí thíos liostaithe in Éirinn mar ‘phórtha srianta’.