Ag Réiteach don Traenáil - Léiriú Spéise

Active Travel Gearing Up for Training

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall a céad tionscnamh 'Ag Réiteach don Traenáil' le Cumann CLG Naomh Fionáin i Sord i mí Iúil 2020.

Tá Foireann Taistil Ghníomhaigh Fhine Gall ag lorg Léirithe Spéise anois ó chumainn Spóirt ar fud Fhine Gall a mba mhaith leo páirt a ghlacadh sa chlár seo.

Gearing up for training

Ag Réiteach don Traenáil

Spreagann an clár "Ag Réiteach don Traenáil" baill óga cumainn agus a dtuismitheoirí taisteal chuig a gcumann do thraenáil / do chluichí ar a rothar. Is iad seo a leanas na príomhchuspóirí:

  • Fonn rothaíochta a spreagadh go hóg i bhFine Gall agus gean ar an rothaíocht a fhorbairt a mhairfidh ar feadh a saoil.
  • Astaíochtaí carbóin a laghdú i limistéir an chumainn, ag cur timpeallacht shláintiúil chun cinn
  • Brú tráchta a laghdú ag an gcumann le linn laethanta a mbíonn traenáil /cluichí ar siúl
  • Stíl mhaireachtála ghníomhach agus shláintiúil a chur chun cinn

Cuirfidh Comhairle Contae Fhine Gall traenálaithe gairmiúla faofa ag Cycle Right ar fáil a bheidh dírithe ar chlár traenála rothaíochta a chur ar fáil do na cumainn a roghnófar agus cuirfidh sí áiseanna páirceála rothar ar fáil chomh maith le húsáid ar thailte an chumainn. Reáchtálfar imeacht de stíl rothaíochta don chumann ag deireadh na traenála.

Dá mba mhaith le do chumann go mbreithneofaí é don chlár seo, cláraigh do chuid spéise trí ríomhphost a sheoladh chuig   [email protected]  faoi am scoir gnó ar an Aoine an 30 Iúil 2021. Bíodh na sonraí a leanas san áireamh, le do thoil:

  1. Ainm do Chumainn
  2. Áit
  3. Líon na mball
  4. Na bearta Inbhuanaithe/Gníomhacha taistil atá i bhfeidhm cheana
  5. Sonraí maidir leis an gcúis ar mhaith leat go mbreithneofaí tú don chlár seo

 

 

  1.