Corrthrádáil - Fodhlíthe agus Iarratais

Tá Ceantair Chorrthrádála ainmnithe ag Comhairle Contae Fhine Gall faoi Fhodhlíthe um Chorrthrádáil 2021 a cheadaíonn earraí sonraithe a dhíol ag áit (lena n-áirítear bóthar poiblí) a bhfuil rochtain ag an bpobal air mar is ceart agus in aon áit eile ar Limistéar Chorrthrádála ainmnithe é.

Clúdaíonn na Fodhlíthe um Chorrthrádáil rialú, rialáil, maoirseacht agus riarachán trádála ócáideach i gceantar Fhine Gall.

Tá iarratais á lorg ag Comhairle Contae Fhine Gall ó thrádálaithe leasmhara ar Pháirceanna Corrthrádála neamháitithe don tréimhse 28 Aibreán 2023 – 29 Feabhra 2024.

Is é an 21 Aibreán ag 4pm an dáta deiridh chun iarratais chomhlánaithe a fháil.

Liosta Limistéar atá ar fáil mar Limistéir Chorrthrádála Anseo 

Íoslódáil Fógra- Download advert

Foirm Iarratais ar Cheadúnas Corrthrádála Limistéar Ainmnithe Anseo

Léarscáileanna de Limistéir Chorrthrádála Ainmnithe:

Caisleán Cnucha/Mullach Eadrad  Map CTCM0

Baile Brigín/Sord 1  Map CTBS01

Baile Brigín/Sord 2 Map CTBS02

Binn Éadair Mullach Íde   Map CTHM01

 

Is cion é trádáil gan Cheadúnas Corrthrádála agus mar sin ní mór d’aon duine ar mian leo dul i mbun Chorrthrádáil laistigh de cheantar riaracháin Chomhairle Contae Fhine Gall iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle ar Cheadúnas Corrthrádála.

Ní bhreithneofar iarratais neamhiomlána.

iÍoslódáil  Fodhlíthe um Chorrthrádáil Chomhairle Contae Fhine Gall 2021

Fodhlíthe um Chorrthrádáil Chomhairle Contae Fhine Gall 2021

Casual Trading Bye-Laws 2021