Ceadúnas Madraí

Má tá madra agat atá os cionn 4 mhí d’aois, ní mór ceadúnas a bheith agat dó agus ní mór don té dá n-eisítear an ceadúnas a bheith os cionn 16 bliana d’aoi;, má tá an madra faoi bhun 4 mhí d’aois caithfidh sé a bheith leis an damba.

Is féidir Ceadúnas Bliantúil Madraí (táille €20) agus Ceadúnas Madraí Saoil (táille €140) a cheannach ar líne ag  https://www.licences.ie/ILAS nó ó aon Oifig an Phoist. Ní féidir Ceadúnais Bhliantúla agus Saoil a cheannach ag oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall.

Tá rochtain idirlín saor in aisce ar fáil i ngach Leabharlann de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall chun teacht ar shuíomh Gréasáin An Phoist  https://www.anpost.com/Government-Services/Dog-Licence 

Is féidir Ceadúnas Ginearálta Madraí, a ligeann duit líon neamhshonraithe na madraí a choinneáil (€400 in aghaidh na bliana), a cheannach go díreach ó Oifig Airgid na Comhairle i Sord nó i mBaile Bhlainséir. Tá an fhoirm iarratais ar fáil  ar líne

Mura bhfuil ceadúnas i leith do mhadra agat, is féidir go dtabharfar Fógra 10 Lá duit agus, le linne na tréimhse sin, beidh ort do cheadúnas madra a cheannach agus a thabhairt ar aird trí chóip den cheadúnas a sheoladh ar rPhost chuig  [email protected] . Mar mhalairt air sin, is féidir go bhfaighidh tú fíneáil €100 “ar an láthair”. Mura n-íoctar an fhíneáil seo, d'fhéadfadh ionchúiseamh a theacht as le fíneáil suas le €1,269.74 agus/nó príosúnacht suas le 3 mhí i ndiaidh ciontaithe. 

Is féidir sonraí do chuid cheadúnais a athrú trí rPhost a sheoladh chuig   [email protected]   

An tAcht um Rialú Madraí 1986:  https://www.irishstatutebook.ie/eli/1986/act/32/enacted/en/print.html 

An tAcht um Rialú Madraí (Leasú) 1992:  https://www.irishstatutebook.ie/eli/1992/act/13/enacted/en/print.html