Iallacha agus Rialú na Madraí

a) Ní mór gach madra a choinneáil faoi smacht éifeachtach agus iad in aon áit phoiblí m.sh. sráid, bóthar, páirc srl.

b) Caithfidh pórtha áirithe a bheith i gcónaí ar eite ghearr, láidir, faoi bhinne agus duine os cionn 16 bliana d’aois a bheith in éineacht leis in áit phoiblí. Ina measc seo tá: Tarbh-bhrocaire Meiriceánach, Tarbh-mhaistín, Pinscher Doberman, Tarbh-bhrocaire Sasanach, Sípéir Gearmánach, Aicíte Seapánach, Tosa Seapánach, Driom-mhullaigh Róidéiseach, Rottweiler, Tarbh-bhrocaire Staffordshire agus gach brú nó cros eile de na pórtha thuasluaite. 

c) Caithfidh gach madra a thabhairt ar léas agus iad i bpáirceanna faoi úinéireacht na Comhairle ach amháin má tá limistéar eisise ar leith ann. Léigh Fodhlíthe Pháirceanna Fhine Gall agus  Treoir an Úsáideora ar Fhodhlíthe na bPáirceanna 

d) Caithfidh gach madra coiléar agus clib/suaitheantas a chaitheamh ar a bhfuil sonraí an úinéara le feiceáil. Is cion é gan coiléar le clib air a bheith ar do mhadra.