Séasúr Breith na n-Uan

Le linn shéasúr breith na n-uan, bí cinnte go bhfuil do mhadra faoi smacht éifeachtach i gcónaí agus é i ngar do bheostoc. Is cion é imní a chur ar bheostoc agus is féidir leis anacair a chur ar bheostoc agus ar fheirmeoirí. Mínítear beostoc mar eallach, caoirigh, muca, capaill agus gach ainmhí eachaí eile, éanlaith chlóis, gabhair agus fianna nach fiáin iad.

Ciallaíonn “imní” maidir le beostoc ná beostoc a ionsaí nó a mharú nó a ruaigeadh ar shlí a d'fhéadfadh le réasún a bheith mar chúis bháis nó mar chúis ghortaithe nó mar chúis fhulaingte don bheostoc nó a d'fhéadfadh caillteanas airgeadais a bheith mar thoradh air d’úinéir an bheostoic.

Is féidir pionóis throma a bheith mar thoradh ar bhuairt a chur ar bheostoc agus, dá bhrí sin, bí cinnte go bhfuil do mhadra faoi smacht i gcónaí agus é i ngar bheostoc.

 

Ráitis na n-Airí: https://www.gov.ie/en/press-release/105b7-ministers-humphreys-and-mccon… 

Físeán ón Roinn Forbarit na Tuaithe agus an Phobail:  https://www.youtube.com/watch?v=pd0b-xUcqJQ