Ionad Cultúrtha Shoird
![A Computer Generated Image of the new Swords Cultural Centre which will be located beside Swords Castle.](/sites/default/files/styles/widescreen_television/public/2022-06/Swords%20Cultural%20Centre%20External%20View%202.png?h=f0e477ab&itok=WHfyMW58)
Cad atá beartaithe
Mar chuid d’athnuachan lár bhaile Shoird, tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall Ionad Cathartha agus Cultúir nua a thógáil i gcroílár bhaile contae Fhine Gall.
Áireoidh an foirgneamh, a dhear na hailtirí clúiteach O’Donnell Tuomey:
• Leabharlann Chontae Nua a chlúdóidh os cionn 3000m2
• Amharclann nua le suíocháin do 165 duine
• Dánlann nua ealaíne agus spás taispeántais
• Spás Déantóra Nua chun cruthaitheacht a spreagadh
• Stiúideonna agus seomraí cleachtaidh nua do na hEalaíona
• Cartlann nua agus leabharlann tagartha
• Caifé Nua
Lasmuigh den fhoirgneamh osclóidh an Chomhairle Páirc an Bhaile tríd an limistéar féarach agus tírdhreachtaithe timpeall an chaisleáin a leathnú. Déanfar na spásanna bóthair agus coisithe a athphábháil agus feabhsófar rochtain phoiblí ar an bpáirc ag Oifigí na Comhairle trí ráillí a bhaint agus céimeanna a chur isteach. Cruthóidh sé seo spás oscailte nua a chuimseoidh Halla an Chontae, Caisleán Shoird, Páirc an Bhaile agus foirgneamh an Ionaid Chultúrtha.
Cliceáil anseo chun na pleananna mionsonraithe a fheiceáil
![Swords Cultural Centre Site Plan](/sites/default/files/styles/traditional_television/public/2022-07/SCQ%20Site%20Plan.png?h=ed376f01&itok=QWwppAmR)
Plean an tSuímh
Seo é Plean an tSuímh do Cheathrú Chultúrtha Shoird a chuimsíonn Caisleán Shoird, Halla an Chontae agus Ionad nua Cultúrtha Shoird
Lig Do Thuairim
Ón 7 Iúil, beidh comhairliúchán poiblí á reáchtáil ag an gComhairle ar na pleananna d’Ionad Cultúrtha Shoird.
Is mórfhorbairt pobail í seo do Shoird agus ba cheart do gach duine i Sord an deis a thapú na pleananna a iniúchadh ar líne nó ag oifigí na Comhairle i Sord nó i mBaile Bhlainséir, i gCaisleán Shoird agus i Leabharlanna na Comhairle.
Déan aighneacht ag https://consult.fingal.ie le do chuid smaointe agus tuairimí a thabhairt.
Mairfidh an Comhairliúchán go dtí an 22 Lúnasa, mar sin cuir do thuairim in iúl dúinn le do thoil.
Gailearaí
Chun tuilleadh a fháil amach faoi Cheathrú Chultúrtha Shoird cliceáil anseo
Chun tuilleadh a fháil amach faoi Ailtirí O’Donnell + Tuomey agus a gcuid dearaí a bhfuil duaiseanna bainte amach acu ar fud an domhain a fheiceáil cliceáil anseo.
Chun tuilleadh a fháil amach faoina bhfuil ar siúl ag Comhairle Contae Fhine Gall i Sord cliceáil ar na naisc thíos