St Catherines Park

Dúshlán Pháirceanna & Chonairí Fhine Gall: Páircbhealaí

Discover More

Féach ar léarscáileanna de chonairí, treoracha, eolas maidir le páirceáil agus uaireanta oscailte na bPáirceanna i bhFine Gall atá ag glacadh páirt i nDúshlán Pháirceanna agus Chonairí Fhine Gall.

Ardgillan demesne

Páirc & Diméin Ard Giolláin

Tá Ard Giolláin lonnaithe idir Baile Brigín agus na Sceirí ar 194 acra d’fhearann páirce iontach óna bhfuil radhairc áille ar Mhuir Éireann agus ar Bheanna Boirche. Chomh maith leis an gcaisleán, tá garraí daingean agus gairdín rósanna sa diméin. Tá seomraí tae, caifé a ligeann isteach madraí, turais ar an gcaisleán agus siopa bronntanas ar fáil ann.

https://ardgillancastle.ie/   

Uaireanta Oscailte:

  • 9am go 5pm gach lá (Eanáir, Samhain agus Nollaig)
  • 9am go 6pm gach lá (Feabhra agus Márta)
  • 9am go 7pm gach lá (Deireadh Fómhair)
  • 9am go 8pm gach lá (Aibreán agus Meán Fómhair)
  • 9am go 9pm gach lá (Bealtaine, Meitheamh, Iúil agus Lúnasa)

Treoracha:

Fág an M1 ag Acomhal X ó thuaidh nó ag Acomhal Y ó dheas. Lean na comharthaí bóthair le

Iompar:

Tá páirceáil saor in aisce ar fáil ar an láthair. Is é Stáisiún Bhaile Brigín atá 3.7km ó Ard Giolláin an stáisiún traenach is gaire. Tá comhroinnt rothar Tier agus Bleeper ar fáil sa cheantar. Stopann busanna uimhir 33 agus uimhir 33a de chuid Bhus Átha Cliath cúpla nóiméad siúil ón Diméin ag stad 7175, ar a dtugtar ‘Staighre na mBan’ go háitiúil freisin.

newbridge Demesne aerial shot

Teach & Feirm an Droichid Nua

Tá Diméin Theach an Droichid Nua lonnaithe ar 370 acra de thalamh páirce réidh dhroimneach ar a bhfuil siúlóidí coille, fothrach Chaisleán Bhaile an Lóndaigh, mórchlós súgartha do leanaí, faichí spóirt agus eispéireas feirme le fáil. Bíonn turais ar Theach an Droichid Nua ar fáil go séasúrach agus tá caifé ar oscailt ar an láthair ó cheann ceann na bliana.

https://newbridgehouseandfarm.com/

Uaireanta Oscailte:

  • 8am go 5pm (Eanáir, Samhain agus Nollaig)
  • 8am go 6pm (Feabhra, Márta)
  • 8am go 7pm (Deireadh Fómhair)
  • 8am go 8pm (Aibreán, Meán Fómhair)
  • 8am go 9pm (Bealtaine, Meitheamh, Iúil, Lúnasa)

Treoracha:

Tá comharthaí bóthair le haghaidh Theach & Feirm an Droichid Nua le feiceáil ar an M1/N1 beagán taobh thuaidh de Shord. 

Iompar:

Tá páirceáil saor in aisce ar fáil ar an láthair. Ba cheart do dhaoine atá ag taisteal ar an traein leas a bhaint as na traenacha ó thuaidh ó Stáisiún Uí Chonghaile nó ó Stáisiún Shráid an Phiarsaigh, ag stopadh ag stáisiún traenach Dhomhnach Bat. Stopann Bus Átha Cliath uimhir 33 in aice láimhe freisin agus tá an Pháirc suite faoi fhad éasca siúil ó Shráidbhaile Dhomhnach Bat.

Malahide Castle

Caisleán & Gairdíní Mhullach Íde

Agus iad suite ar 268 acra de thalamh páirce, tá na gairdíní agus Teach na bhFéileacán ag Caisleán Mhullach Íde ina dtearmann deas suaimhneach cúpla nóiméad ó lár na cathrach agus aerfort Bhaile Átha Cliath. Tá 5,000 cineál planda ó áiteanna éagsúla ar fud an domhain, snoíodóireacht adhmaid agus conair sí le feiceáil ann le linn do thurais, chomh maith le háiteanna atá foirfe le haghaidh picnicí, agus go leor leor eile. 

https://www.malahidecastleandgardens.ie/

Uaireanta Oscailte:

  • 9am go 5pm gach lá (Eanáir, Samhain agus Nollaig)
  • 9am go 6pm gach lá (Feabhra agus Márta)
  • 9am go 7pm gach lá (Deireadh Fómhair)
  • 9am go 8pm gach lá (Aibreán agus Meán Fómhair)
  • 9am go 9pm gach lá (Bealtaine, Meitheamh, Iúil agus Lúnasa)

Treoracha:

Tá comharthaí bóthair le haghaidh Chaisleán & Gairdíní Mhullach Íde le feiceáil ar an M1/N1 Baile Átha Cliath-Béal Feirste agus ar an bpríomhbhóthar ó Bhaile Átha Cliath go Mullach Íde. Is féidir Mullach Íde a bhaint amach ar Bhus uimhir 42 ó Shráid Thalbóid i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Iompar:

Tá páirceáil saor in aisce ar fáil ar an láthair. Tá an acmhainn chonláiste seo suite faoi fhad éasca siúil ó lár Shráidbhaile Mhullach Íde, agus tá rochtain éasca uirthi ón stáisiún traenach áitiúil.

St.Catherines Park

Páirc San Caitríona

Tá Páirc San Caitríona/Diméin Leamhcáin suite i gcontaetha Fhine Gall, Chill Dara agus Bhaile Átha Cliath Theas. Tá 200 acra de choillearnach agus féarach ann, agus scarann an Life tailte theas Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas ón gcuid eile den pháirc.

https://www.fingal.ie/directory/amenities/parks/st-catherines-park

Uaireanta Oscailte:

  • 9am go 5pm (Eanáir, Samhain agus Nollaig)
  • 9am go 6pm (Feabhra, Márta, Deireadh Fómhair)
  • 9am go 8pm (Aibreán, Meán Fómhair)
  • 9am go 9pm (Bealtaine, Meitheamh, Iúil, Lúnasa)

Treoracha:

Tá rochtain d’fheithiclí agus páirceáil ar fáil giota beag ón Ascaill Dhubh i gContae Chill Dara; ón mbóthar idir Leamhcán agus Cluain Aodha; gar do Láithreach Con i bhFine Gall; ó Bhóthar Léim an Bhradáin (R835) i Leamhcán, Baile Átha Cliath Theas. 

Iompar:

Tá páirceáil saor in aisce ar fáil ar an láthair. 

 LÉARSCÁIL DE CHONAIR PHÁIRC SAN CAITRÍONA

Millennium Park (002)

Páirc na Mílaoise

Tá Páirc na Mílaoise suite i mBaile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15. Sa pháirc seo, tá 60 acra de chosáin, agus crainn taobh leo, a théann chuig móinéir, coillearnach, agus garraithe daingne. Baineann an pobal mór cónaithe áitiúil leas as an bpáirc agus is minic a reáchtáiltear imeachtaí Chomhairle Contae Fhine Gall inti.

https://www.fingal.ie/directory/amenities/parks/millennium-regional-park

Uaireanta Oscailte:

  • 8am go 5pm (Eanáir, Samhain agus Nollaig)
  • 8am go 6pm (Feabhra, Márta)
  • 8am go 7pm (Aibreán, Bealtaine, Deireadh Fómhair)
  • 8am go 8pm (Meán Fómhair)
  • 8am go 9pm (Meitheamh, Iúil, Lúnasa)

Treoracha:

Tá an pháirc suite in aice le hIonad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir, Oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall ar Bhóthar an Gharráin, Leabharlann Bhaile Bhlainséir agus Ionad Ealaíon Draíocht.

Iompar:

Tá carrchlós agus páirceáil do rothair ar fáil saor in aisce ag an mbealach isteach chun na páirce.

Santry Park

Diméin Sheantraibh

Is éard atá i nDiméin Sheantraibh ná iarláithreán seantí agus gairdíní atá suite sa Choill Thuaidh, Seantrabh. Tá clós súgartha do leanaí sa pháirc agus gréasán fairsing de chosáin ann a oireann do shiúlóirí, do bhogshodairí agus do shiúlóirí madraí araon. 

https://www.fingal.ie/directory/amenities/parks/santry-demesne-regional…

Uaireanta Oscailte:

  • 9am go 5pm (Eanáir, Samhain, Nollaig)
  • 9am go 6pm (Feabhra, Márta)
  • 9am go 7pm (Deireadh Fómhair)
  • 9am go 8pm (Aibreán, Meán Fómhair)
  • 9am go 9pm (Bealtaine, Meitheamh, Iúil, Lúnasa)

Treoracha:

Tá bealach isteach na páirce suite ar Sheanbhóthar an Aerfoirt, gar do Staidiam Morton agus Acomhal 2 den N2. https://goo.gl/maps/3xhwsaJXQWVL8DhZ6 

Iompar:

Déanann na seirbhísí bus seo a leanas de chuid Bhus Átha Cliath freastal ar an bpáirc: 16, 16a, 33, 41, 41b, agus 41c. Tá carrchlós agus páirceáil do rothair ar fáil saor in aisce ag an mbealach isteach chun na páirce