Cuireann casadh an fhóid tús le Tionscadal Taistil Gníomhach i mBaile Anraí

Chuaigh Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh in éineacht le David Storey, Stiúrthóir Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spóirt agus an Príomhfheidhmeannach, AnnMarie Farrelly chun ócáid chasadh na bhfód a cheiliúradh do Thionscadal Feabhsúcháin Siúlóide agus Rothaíochta Dhroichead an Bhaile Nua, Bhóthar Bhaile Anraí, agus Shoird.
Tabharfar isteach comharthaí tráchta nua agus ceansú tráchta ar an mbealach go Droichead an Bhaile Nua mar thoradh ar an Tionscadal. I measc na ngnéithe uasghrádaithe tá córas tointeála a thabhairt isteach do thrácht feithicle chomh maith le cosán leathnaithe agus lána rothar mar spás roinnte d’úsáideoirí soghonta bóithre le trasnú go sábháilte thar Dhroichead an Bhaile Nua.
Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh ''Tá lúcháir orm an tionscadal seo a fheiceáil faoi bhealach. Déanfaidh na feabhsuithe seo an turas go dtí an pháirc agus chuig áiseanna spóirt áitiúla níos sábháilte agus níos taitneamhaí, go háirithe do leanaí a bhíonn ag taisteal de shiúl na gcos nó ar rothar.

Dúirt David Storey, Stiúrthóir Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt “Tá sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar siúlóide agus rothaíochta níos fearr. Nuair a dhéantar Taisteal Gníomhach áisiúil agus éasca, is mó an seans go dtabharfaidh daoine tús áite dó agus é a ionchorprú ina ngnáthaimh laethúla.
I measc gnéithe eile de na hoibreacha tá pointe trasnaithe rialaithe do choisithe agus rothaithe a thrasnaíonn ó Pháirc Líneach an Mhóinéir Leathain go dtí na tailte Taiscumar ag club peile Ceilteach Sord. Beidh bearta maolaithe tráchta ar na bealaí isteach ó thuaidh agus ó dheas den droichead chomh maith le soilsiú poiblí nua agus teorainneacha luais laghdaithe.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly “Is cuid lárnach é an tionscadal seo dár dtiomantas straitéiseach maidir le sábháilteacht agus inbhuanaitheacht a fheabhsú. Freastalóidh an t-infreastruchtúr seo ar Bhaile Anraí ar feadh na mblianta atá le teacht agus táimid ag tnúth leis an tionscadal seo a thabhairt chun críche.

Dúirt Eugene Murphy, Bainisteoir Conarthaí ag Jons Civil Engineering Co. Ltd: “Tá lúcháir ar Jons Civil Engineering Co. Ltd an conradh le haghaidh Scéim Taistil Gníomhach Bhóthar Bhaile Anraí a bheith bronnta orthu ag Comhairle Contae Fhine Gall. Is é príomhchuspóir an tionscadail seo ná nascacht laistigh den phobal a mhéadú trí thaisteal gníomhach agus inbhuanaithe a chur chun cinn agus ag an am céanna sábháilteacht bóithre iomlán a fheabhsú do gach úsáideoir. Nuair a bheidh na hoibreacha seo críochnaithe, tabharfar isteach áiseanna siúil agus rothaíochta ar ardchaighdeán agus cuirfear deireadh le bacainní ar ghluaiseacht chun inrochtaineacht a fheabhsú do choisithe, rothaithe agus daoine aonair a bhfuil dúshláin soghluaisteachta acu. Soláthróidh na hoibreacha trasrian coisithe le comharthaí, rochtain rampa isteach i bpáirceanna líneacha agus tointeáil tráchta aontreo nua le comharthaí.”
Tá na hoibreacha seo ag teacht le fís Fhine Gall maidir le taisteal gníomhach agus inbhuanaithe a chuireann le bealaí níos sábháilte chun na scoile, a thacaíonn le sláinte mheabhrach agus sláinte fhisiciúil níos fearr agus a chosnaíonn ár n-aeráid trí astaíochtaí carbóin a laghdú.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar Thaisteal Gníomhach i bhFine Gall, tabhair cuairt le do thoil ar https://www.fingal.ie/activetravel.
