Oidhreacht Fhine Gall a Dhathú

Oidhreacht Fhine Gall a Dhathú

Léiríonn an leabhar dathúcháin seo léaráidí iontacha a ghabhann eisint oidhreacht eisceachtúil Fhine Gall. Trí oidhreacht chultúrtha a mheaitseáil le cruthaitheacht tá sé mar aidhm ag an bhfoilseachán seo na suíomhanna agus na scéalta seo a chur i láthair do lucht féachana nua agus éagsúil, idir óg agus aosta! Tá cuid de na léaráidí níos mionsonraithe ná a chéile ionas gur féidir le gach duine triail a bhaint astu. Tá formhór na suíomhanna sna léaráidí oscailte don phobal agus féadfaidh an teaghlach ar fad taitneamh a bhaint astu. Ba í Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta, a thug faoin tionscadal i gcomhar le Sara Nylund ó Abarta Heritage. Is féidir cóipeanna a bhailiú ó Leabharlanna Fhine Gall le linn Sheachtain na hOidhreachta.

Nó is féidir leat na pictiúir a íoslódáil thíos:

 

Cuan Bhaile Brigín

I 1762 thóg George Hamilton cé aolchloiche agus cuireadh teach solais léi i 1769. Sheoltaí arbhar agus adhmad amach go Learpholl agus Baile Átha Cliath, agus thugtaí isteach sclátaí agus gual. Bhaintí úsáid as coinnle ar dtús le haghaidh solais go dtí gur cuireadh cúig laindéar gáis ina n-áit.

Muilte na Sceirí

Tá an coimpléasc reatha ón 19ú haois suite ar shuíomh muileann uisce a luadh sa 16ú haois mar 'mhuileann uisce Inis Pádraig'. Is foirgneamh L-chruthach é an coimpléasc le tarae, linn mhuilinn agus dhá mhuilinn ghaoithe athchóirithe. Úsáideadh é mar bhácús anuas go dtí 1986.

Seamus Ennis

Bhí Séamus Ennis (1919-1982) ar dhuine de na píobairí uilleann ab fhearr riamh. Chomhbhunaigh sé Na Píobairí Uilleann agus chaomhnaigh sé beagnach 2,000 amhrán agus port rince Gaeilge le linn a chuid oibre le Coimisiún Béaloideasa Éireann. Chaith sé a bhlianta deireanacha san Aill, áit ar osclaíodh Ionad Ealaíon Séamus Ennis in 2001.

Molly Adrien

Ba í Molly Adrien (1873-1949) an ball de Chumann na mBan a thug an t-ordú ó Phádraig Mac Piarais chuig ceannairí Bhriogáid Thuaisceart an Chontae d'Óglaigh na hÉireann ag rá leo éirí amach i 1916. Chuaigh sí anonn is anall ar a rothar, ag tuairisciú ar chúrsaí agus d'éirigh léi éalú ó lucht a gafa.

Cleamairí Fhine Gall

Tá traidisiún fada leanúnach Cleamaireachta ag Fhine Gall. Bíonn sí ar siúl le linn shéasúr na Nollag go traidisiúnta. Gléasann na carachtair sa dráma suas le maisc agus cultacha tuí agus bíonn a rann traidisiúnta féin ag gach duine. Go stairiúil rinne siad athléiriú ar dhúshlán agus troid idir Naomh Seoirse as Sasana & an Múrach nó an Turcach.

Lochlannaigh Bhaile Dhúill

Ciallaíonn Fine Gall na ‘strainséirí fionna’ as Chríoch Lochlann. Cé gur thosaigh siad ag creachadh suíomhanna mainistreach mar Inis Pádraig in aice leis na Sceirí i 798 nó Lusca in 828, phós na Lochlannaigh Éireannaigh agus shocraigh siad síos agus sholáthair siad barraí, amhábhair agus sliogéisc do Bhaile Átha Cliath. Níl fágtha ach logainmneacha mar Bhaile Dúill a chiallaíonn Baile Dubh Gall, nó ‘áit na strainséirí dorcha’, an áit ar shocraigh na Dúghaill.

 

Fuinneoga Harry Clarke

Tá Harry Clarke ar dhuine de na healaíontóirí gloine dhaite is cáiliúla in Éirinn. Tá roinnt samplaí dá chuid oibre i bhFine Gall lena n-áirítear an fhuinneog dhá léas seo i Séipéal Phádraig, Domhnach Bat, a dearadh i 1925.

 

Baile Gháire

Thángthas ar an leath íochtarach de shamhail bhaineann i reilig eaglais Bhaile Gháire áit ar úsáideadh í mar chomhartha uaighe agus tá sí anois i leabharlann Bhaile Gháire. Léiríonn píosa amháin sciorta olla trom atá ardaithe chun forléine a nochtadh. Luíonn a cosa ar chúisín bobailíneach. Téann an figiúr siar go dtí an 15ú haois agus léiríonn sé dealbhóireachta ón Pháil.

 

Túr Martello Dhroim Meánach

Tá túr Martello Dhroim Meánach, ceann de dhá thúr dhéag Martello a shíneann feadh chósta Fhine Gall, suite i ar dhún cinn tíre ón Iarannaois. Tógtha Túr Martello Uimh.9 in 1804/5 mar chosaint ar ionradh ó Napoléon agus d'úsáid an Garda Coisctheach Uisce é chun aghaidh a thabhairt ar smuigleáil.

 

Caisleán Shoird

Ní caisleán sa chiall ghlactha é Caisleán Shoird ach Pálás Ardeaspag. Thug tochailtí seandálaíochta le déanaí le fios gur tógadh é os cionn reilige a bhí ann roimhe sin. Cuireadh go leor foirgneamh leis agus dódh iad leis na céadta bliain. Ba ann freisin a tháinig daoine chun a gcánacha agus a ndeachúna a íoc agus stóráladh méideanna ollmhóra gráin ann chomh maith.

 

Uaigh Éadaoine

De réir an tseanchais, is leac mhullaigh í an chromleac nó an tuama ursanach i mBinn Éadair a chaith Fionn Mac Cumhaill as Móin Alúine. Deirtear freisin gurb é seo uaigh Éadaoine a bhásaigh le teann uaignis nuair a cailleadh a fear céile Oscar i gCath Gabhra.

 

Réadlann Dhún Sinche

Roghnaíodh suíomh Réadlann Dhún Sinche mar gheall ar an radharc atá as agus a fhad ó thoitcheo Bhaile Átha Cliath. Tógadh í sa bhliain 1785 agus ba é an tUrr. Henry Ussher a dhear na hionstraimí agus an leagan amach. Ba é Meán-Am Bhaile Átha Cliath an t-am oifigiúil in Éirinn a socraíodh ag Dún Sinche, sular bhog sé go Meán-Am Greenwich a bhí 25 nóiméad chun tosaigh, i 1916.

 

Séipéal Chluain Saileach

Díreach roimh chuairt Edward VII ar Bhaile Átha Cliath i 1907, goideadh rísheoda na hÉireann, nó Suaitheantas Ord Naomh Pádraig, mar a tugadh orthu go hoifigiúil - as Caisleán Bhaile Átha Cliath. Mhaígh bean feasa go raibh siad in aice le post geata i reilig Chluain Saileach. Tháinig an oiread sin daoine chuig an reilig agus iad armtha le sluasaid agus iad ar thóir na seod go raibh ar na póilíní cosc a chur orthu. Ní bhfuarthas na seoda riamh agus deirtear gur úsáideadh iad chun Réabhlóid na Rúise a mhaoiniú.

 

Séipéal Lusca

Lárionad eaglasta mór ba ea Lusca a raibh baint aige le Naomh Mac Cuilinn. Siombail stádais ab ea an cloigtheach. Dhóigh na Lochlannaigh séipéal Lusca in 827 agus 856. I 1053 tógadh gialla ón séipéal agus i 1069 dódh arís é.

 

Caisleán Stella

Is sampla é Caisleán Phort Reachrainn de thúrtheach meánaoiseach ar cuireadh síntí leis níos déanaí lena n-áirítear simléar brící. Bhí baint ag an gCaisleán le Esther Johnson. Thugtaí Stella uirthi chomh maith agus ba chara í le Jonathan Swift a scríobh Gulliver Travels.

 

Tobar Beannaithe Mhullach Eadrad

Dhéantaí ceiliúradh lá patrún ag toibreacha beannaithe sna 1700í nuair a shocraítí pubaill agus sólaistí agus thagadh daoine as gach cearn ar an 8ú Meán Fómhair. Is foinse nádúrtha uisce é agus aithnítear é mar Shuíomh Geolaíochta Contae.

 

Séipéal Phort Mearnóg

Seans gur tógadh séipéal meánaoiseach Naomh Mearnóg ar shuíomh eaglaise níos luaithe. In aice láimhe bhí tobar beannaithe, áit a bhfuarthas taisce bonn ó na 1400idí. Bhí cloch oghaim le méarloirg Naomh Mearnóg uirthi ina seasamh in aice leis an tobar tráth.

 

Séipéal Bhaile Bachaille

I bhfothracha shéipéal meánaoiseach Bhaile Bachaille tá trí phúirín cloigíní ar an mbinn thiar, cloigeann snoite ar áirse ar an mbinn thoir agus bhí fuinneog ar an séipéal ó na 1300idí. Deir tagairt ó 1302 gur coinníodh bachall Naomh Pádraig ann ar feadh tréimhse. Ciallaíonn an t-ainm 'baile na bachaille'.

 

An Chanáil Ríoga

Tógadh an Chanáil Ríoga nó Canáil an Ghréasaí, ag tagairt don Uasal Binns a bhí ina ghréasaí agus ball de Bhord na Canálach Móire, chun Baile Átha Cliath a nascadh leis an tSionainn. Thit sé amach leis na baill eile den bhord agus bhunaigh sé cuideachta canála iomaíoch. Agus ag siúl dó feadh na canála d'aimsigh William Rowan Hamilton (1805-65) teoiric na gceathairníon, coincheap úrnua matamaiticiúil a shnoigh sé isteach san obair chloiche ag Droichead Broome. Bhí sé ina stiúrthóir ar réadlann Dhún Sinche in aice láimhe.

 

Inbhear Mhullach Íde

Is ag inbhear Mhullach Íde a ritheann abhainn an Mhóinéir Leathain isteach i Muir Éireann agus is as seo a rinne fir Lochlannach Inbhear Domhainn ruathair ar Shord. Tógadh an t-iarnród thar an inbhear sna 1840idí. Ní fholmhaíonn taobh an Mhóinéir Leathain riamh ach triomaíonn taobh Mhullach Íde beagnach go hiomlán nuair a bhíonn an taoide amuigh agus nochtar réileáin láibe. Is limistéar faoi chosaint speisialta é inbhear Mhullach Íde mar gheall ar na héin uisce a neadaíonn agus a bheathaíonn ann. Is féidir ealaí a fheiceáil anseo chomh maith.

 

An Tayleur

Clipéar seoltóireachta iarainn ab ea an Tayleur leis an White Star Line a thóg an Titanic ina dhiaidh sin. Bhí críoch tubaisteach ag a céad aistear ó Learpholl go Melbourne nuair nár oibrigh na compáis i gceart mar gheall ar an gcabhail iarainn. D'imigh sí dá cúrsa agus bhuail sí carraigeacha Reachrann le linn stoirme an 21 Eanáir 1854.

 

Reachrainn

Tá iarsmaí de stair an chine daonna le fáil i Reachrainn. Ó bhreochlocha Méisiliteach go adhlacthaí threibheanna Iarannaois na Breataine a theith ó na Rómhánaigh. Sa bhliain 1467 tógadh dún ann chun cosc a chur ar fhoghlaithe mara a bhí ag creachadh long ar Mhuir Éireann. Ba leis an teaghlach Baring é. Tá 308 cineál planda ar an oileán agus tá ceann de na coilíneachtaí éan mara is mó in Éirinn le fáil ann. Tá thart ar 100 valbaí ann freisin.

 

Inis Mac Neasáin

Fuair Inis Mac Neasáin a ainm ó mhic Naomh Neasáin ón 7ú haois a bhunaigh séipéal ansin. Coinníodh lámhscríbhinn mhaisithe darb teideal Garland of Howth ann ach tá sí anois i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá cáil ar an oileán mar gheall ar na héin atá ag neadú ann, lena n-áirítear forachain, crosáin, fulmairí agus faoileáin.