Plean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide: Céard atá le déanamh anois?
Tá ceithre phríomhsprioc aitheanta:
- Feabhas 33% ar éifeachtúlacht fuinnimh na Comhairle faoi 2020
- Laghdú 40% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na Comhairle faoi 2030
- A chinntiú gur réigiún seasmhach ó thaobh aeráide é Fine Gall
- Rannpháirtíocht ghníomhach le saoránaigh maidir leis an athrú aeráide agus eolas faoin athrú aeráide a roinnt leo
Áirítear i measc sampla de na gníomhartha i gcúig phríomhréimse gnímh Chomhairle Contae Fhine Gall:

Fuinneamh agus Foirgnimh
- Rolladh amach soilsiú poiblí LED a chríochnú faoi 2021
- Tuairisciú agus monatóireacht bhliantúil do SEAI
- Athbhreithniú Fuinnimh Chomhairle Contae Fhine Gall a fhoilsiú go bliantúil
- Teastais Fuinnimh a Thaispeáint i bhfoirgnimh Phoiblí
- Clár athsholáthair coirí sa stoc tithíochta sóisialta

Iompar
- Leictriú leanúnach fhlít feithiclí na Comhairle.
- Cur leis an líon seastán rothar san fhearann poiblí
- Scéimeanna roinnte rothar i gceantair uirbeacha a fhorbairt
- Tacú le Plean Gréasán Raonta Rothar Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath

Seasmhacht i gcoinne Tuilte
- Dlús a chur faoi Scéimeanna Cosanta Tuilte ONP
- Rannpháirtíocht leanúnach le ONP agus tuilleadh forbairt a dhéanamh ar thuilleadh staidéir laistigh d’Fhine Gall atá i mbaol tuilte.
- Pleananna Freagartha Éigeandála na Comhairle a uasdátú chun freagairt do theagmhas tuilte a chur san áireamh

Réitigh Nádúrbhunaithe
- Straitéis Crann Fhine Gall a athbhreithniú agus a chur chun feidhme
- Tacú le Gníomhartha Phlean Uile-Éireann um Pailneoirí Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta do Chomhairlí
- Réimsí Pailneora a mhéadú i bpáirceanna poiblí agus i spásanna oscailte
- Tacú le húsáid garraí scóir mar bhealach chun deis a thabhairt do phobail a gcuid bia féin a fhás, agus mílte bia agus dramhbhia a laghdú.

Bainistíocht Acmhainní
- Méadaigh an clár ionduchtúcháin do thionóntaí chun fuinneamh, uisce, dramhaíl agus feasacht chomhshaoil tionóntaí a chur san áireamh
- Faigh réidh le gach mír aonúsáide i gCeaintíní na Comhairle
- Déan poiblíocht ar an “Mí Athúsáide” go bliantúil
- Tacú le agus cuimsiú tionscnamh athraithe aeráide a chur chun cinn i mbailte slachtmhara, scoileanna glasa agus pobail níos glaine