Scéim Tacaíochta d'Ealaíontóirí Chomhairle Contae Fhine Gall
Tá suas le €4,000 ar fáil d'ealaíontóirí cleachtacha i gceantar Fhine Gall
Tugann an snáithe seo den mhaoiniú deis d'ealaíontóirí proifisiúnta leas a bhaint as duais ar fiú suas le €4,000 í. Is féidir úsáid a bhaint as duais le haghaidh taistil agus deiseanna forbartha proifisiúnta, cónaitheachta, nó obair a fhorbairt.
Is é aidhm na Scéim Tacaíochta d'Ealaíontóirí tacaíocht a thabhairt d'ealaíontóirí proifisiúnta ó Fhine Gall forbairt a dhéanamh ar a gcleachtas ealaíonta. Tá an gradam ar fáil d'ealaíontóirí cleachtacha ag gach céim a ngairme proifisiúnta a oibríonn i gceol, amharcealaín, drámaíocht, litríocht agus damhsa. Chun a bheith i dteideal iarratas a chur isteach, ní mór d'iarratasóirí na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh: rugadh iad i limistéar riaracháin Fhine Gall, rinne siad staidéar ann, nó tá cónaí orthu faoi láthair ann.
Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le: [email protected] t: 01 890 5014
Recipients of the Artists’ Support Scheme 2018
Recipients of the Artists' Support Scheme 2017
Recipients of the Artists' Support Scheme 2016