Tá an ÚITA freagrach as a chinntiú go gcuirtear Scéim Inslithe Torainn Aerfort Bhaile Átha Cliath i bhfeidhm ar gach teach i limistéar ar a dtugtar “comhrian sainithe torainn”. Is é an comhrian imlíne, nó teorainn, an limistéir a shainaithnítear a bheith incháilithe d’insliú.
Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall agus ar Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Fhine Gall sonraí faoi Clár Feabhsúcháin Pobail 2020 (CEP) a fhógairt.Soláthraíonn an Clár Feabhsúcháin Pobail deontais bheaga chun feabhas a chur ar shaoráidí i bpobail uirbeacha agus tuaithe.
Thug Comhairle Contae Fhine Gall ómós d’Uachtarán Chathair Ollscoil Bhaile Átha Cliath, An tOllamh Brian MacCraith, atá tar éis éirí as a phost tar éis 10 mbliana.
Tá íocaíochtaí Deontais Atosaithe do ghnóanna Fhine Gall ó Chomhairle Contae Fhine Gall tar éis an €5 milliún a shárú le 982 gnóanna faomhaithe le haghaidh deontas idir €2,000 go €10,000.