Sheol Comhairle Contae Fhine Gall a Dréacht-Straitéis Crann dár teideal “Foraois Fhine Gall, Straitéis Crann d’Fhine Gall – Dréacht-Doiciméad”. Tá an Dréacht-Straitéis anois ag dul trí Phróiseas Comhairliúcháin Poiblí Neamhreachtúil a thosaigh ar Lá Náisiúnta na gCrann 2020 ar 1 Deireadh Fómhair go dtí deireadh Sheachtain Náisiúnta na gCrann i Márta 2021.
Bhí áthas an domhain ar Oifig Spóirt Fhine Gall agus ar rannpháirtithe díograiseacha go raibh Craobh Gailf Dhá Mhaide Fhine Gall agus na Mí Thoir in ann dul ar aghaidh i 2020. Bhí an comórtas ar siúl thar thrí thráthnóna go déanach i mí Lúnasa agus Meán Fómhair ar Chúrsaí Gailf Dhá Mhaide Bhaile Bachaille, Baile an Bheileogaigh agus Coimín na Roinne.
Tá áthas an domhain ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall clár corraitheach d’imeachtaí saor in aisce a fhógairt a bheidh ar siúl in áiteanna éagsúa i bhFine Gall chun Oíche Chultúir 2020 a cheiliúradh.
Tabhair cuairt ar ár seomraí áilleachta ina gcuirtear seirbhísí ingne, ciaraithe, cóireála éadain, suathaireachta, griandathúcháin agus go leor leor eile ar fáil.
D’éirigh le dhá thionscadal de chuid Fhine Gall Digiteach ina n-iarratais - Samhail Réaltacht Fhíorúil 3D chun Rannpháirtíocht Saoránach a Fheabhsú agus Seomra Rialaithe Tráchta Cliste a Thógáil agus Binse Tástála Braiteoirí IoT le haghaidh Plódú Tráchta.